DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSalvadóir, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSalvadóir

Má tá tú ag taisteal chun na Salvadóire, tugann an comhairle taistil atá cothrom le dáta leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid gach iarracht an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall ar chomh tapa is a thagann athrú ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil seo i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe ó thaobh slándála, seiceáil an leagan Béarla freisin, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé ar intinn agat cuairt a thabhairt ar an tSalvadóir nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go mbeidh ar a gcumas tú a aimsiú go tapa i gcás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi ar nós tubaiste nádúrtha nó má tharlaíonn eachtra éigeandála i do theaghlach agus tú thar lear. Agus, más gá, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse agus don teaghlach.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir leat a fhoghlaim faoin tSalvadóir sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh ar mhaithe le leideanna praiticiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat má tá fadhbanna agat, mar sin, labhair le teagmhálaithe áitiúla, d’ionadaí tionscnóra turais nó le bainistíocht an óstáin.   

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Mar gheall nach bhfuil Ambasáid de chuid na hÉireann sa tSalvadóir, táimid teoranta maidir leis an gcúnamh a d’fhéadfaimis a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má theastaíonn cúnamh uait, áfach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gConsal Oinigh sa tSalvadóir nó le Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo i Meicsiceo.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit ina bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit ina bhfuil tú ag fanacht)

Déanaimid monatóireacht ar bhonn rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó le Consalacht i dTíortha AE eile ar mhaithe le cúnamh, comhairle agus tacaíocht chonsalachta éigeandála.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ó thaobh cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim tuilleadh faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal ar mhaithe le leideanna úsáideacha slándála a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus údar imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas maidir leis an duine le teagmháil a dhéanamh leis I gcás éigeandála

Corraíl shóisialta

Bíonn léirsithe agus agóidí ar fud na Salvadóire go minic, go háirithe feadh na teorann le Hondúras. Ba chóir duit agóidí den sórt sin a sheachaint mar go bhféadfadh siad a bheith foréigneach.

Bí ar an eolas i gcónaí maidir le cad atá ar siúl timpeall ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin náisiúnta agus fanacht i dteagmháil leis an óstán nó leis an eagraí turais.

Mianaigh talún

Tá contúirt ag baint le gairis neamhphléasctha ar nós mianaigh talún faoin tuath sa tSalvadóir, oidhreacht na coimhlinte a bhí sa tír roimhe seo. Coinnigh leis na príomhbhealaí i gcónaí, glac le comhairle áitiúil agus seachain taisteal chomh fada le ceantair den sórt sin ina bhfuil sé molta gan a leithéid a dhéanamh.

Fuadach

Tá gach náisiúnach eachtrach i mbaol ó fhuadach sa tSalvadóir, ar mhaithe le cúiseanna polaitiúla nó ar mhaithe le hairgead.  Má tá sé ar intinn agat cuairt a thabhairt an tír lean na réamhchúraimí bunúsacha seo a leanas:

  • Faigh comhairle ó do theagmhálaí áitiúil maidir le bheith airdeallach
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe taisteal idirchathrach
  • Seachain taisteal i d’aonar
  • Cinntigh go bhfuil na doirse ar fad faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Athraigh na bealaí taistil agus amanna imeachta – seachain patrúin a bhféadfaí súil a choinneáil orthu
  • Tabhair cluas ghéar do na meáin áitiúla maidir le tuairiscí maidir le gníomhaíochtaí fuadaithe.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an bhagairt sceimhlitheoireachta sa tSalvadóir íseal, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina mbailíonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá na rátaí coiriúlachta níos airde sa tSalvadóir ná mar atá in aon áit eile i Meiriceá Laidineach agus ba chóir a bheith an-chúramach i gcónaí: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar agat le chéile – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip den phas (agus doiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde ag baile.
  • Ná taispeáin suimeanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna san oíche, go háirithe má tá tú i d’aonar.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do leanúint tar éis duit do ghnó a dhéanamh.
  • Seachain sráideanna agus staighrí gan soilse, agus déan síob a shocrú ó/go dtí an óstán nó ó/go dtí an t-árasán, chomh gar den doras agus is féidir .
  • Coinnigh súil ghéar ar do mhaoin phearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí ar nós caife idirlín agus stáisiúin bús nó traenach.

Coiriúlacht thromchúiseach

Tá leibhéil an-ard coireanna foréigneacha ar fud na tíre, lena n-áirítear, robálacha, ionsaithe agus goid carranna. Ba chóir duit a bheith an-chúramach ó thaobh slándáil phearsanta agus a bheith ar an eolas maidir leis an méid atá timpeall ort i gcónaí agus gan cuma an rachmais a bheith ort riamh. 

Tá gach náisiúnach eachtrach faoi réir ag baol ó fhuadach.  Tá sé níos sábháilte airgead a aistarraingt ó ATManna in ionaid siopadóireachta nó airgead a athrú in óstáin nó i mbainc agus níl mórán stuaim ag baint leis an iomarca airgid a aistarraingt ag aon am amháin.  Má dhéantar tú a robáil ba chóir duit do chuid airgid a thabhairt ar lámh gan aon troid a chur suas.

Cuireann coireanna foréigneacha agus dúnmharuithe a bhaineann le cogaí drugaí as don tslándáil sna réigiúin ar an teorainn le Guatamala. Cé nár díríodh ar shaoránaigh ó thar lear tá an baol ann  go mbéarfaí ort sa chroslámhach má tá tú i gceantar a mbriseann foréigean amach ann.

Taisteal áitiúil

Déan iarracht gan taisteal áit ar bith ar fud na Salvadóire san oíche agus seachain taisteal i d’aonair. Bí fíorchúramach má chaitheann tú dul chomh fada le gnócheantar na Salvadóire, nó chuig bailte nó cathracha eile, nó taisteal ar bhóithre lasmuigh de bhailte móra agus cathracha san oíche. Taisteal in éineacht le grúpa más féidir sin, agus taisteal le cuideachta taistil  creidiúnach.

Bhí roinnt cásanna ann tráth a rinneadh ionsaithe armáilte ar fheithiclí a bhí ag taisteal ar fud na Salvadóire agus tharla ionsaithe ar an mbóthar idir an tSalvadóir agus Guatamala. Seachain taisteal ar bhóithre nach bhfuil greagnaithe mar go bhfuil tú i mbaol níos mó ó ionsaí mar gheall go bhfuil líon níos lú patróil póilíní orthu.

Tacsaithe

Tá sé níos sábháilte tacsaithe raidió nó tacsaithe an óstáin a úsáid do thurais ghearra isteach sna bailte nó cathracha seachas busanna poiblí nó tacsaithe neamhoifigiúla.

Pasanna a chailltear nó a ghoidtear

Má chailleann tú nó má ghoidtear do phas, d’fhéadfadh sé coicís a thógáil le pas eile a fháil, mar sin coinnigh do chuid doiciméid taistil slán i gcónaí.  Beidh sé níos éasca pas eile a fháil má bhíonn tú in ann cóip den phas a cailleadh nó a goideadh a chur ar fáil, mar sin coinnigh cóipeanna den phas.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSalvadóir, cuir é sin in iúl do na póilíní áitiúla láithreach. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn in Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo má theastaíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé ar intinn agat tiomáint sa tSalvadóir, ba chóir duit a bheith an-chúramach mar go bhfuil éagsúlacht mhór sna coinníollacha bóthair agus tá an caighdeán tiomána íseal.  Má theastaíonn uait tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus cinntigh go bhfuil árachas leordóthanach agus iomchuí agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá an baol ann go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort.
  • Bí ar an eolas maidir le dlíthe tráchta na Salvadóire, ar nós teorainneacha luais
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus coinnigh do chuid málaí as radharc le hiarracht ar mhálaí a ghoid ag na soilse tráchta a sheachaint

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Má thugann tú cead do phas a chóipeáil cinntigh go bhfuil tú in ann é a fheiceáil an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas leordhóthanach agat agus léigh coinníollacha agus téarmaí an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Snámh

D’fhéadfadh contúirt a bheith ag baint le dul ag snámh ar chósta an Aigéin Chiúin sa tSalvadóir mar gheall ar shruthanna láidre.  Tá na sruthanna atá timpeall ar La Bocana de San Diego thar a bheith contúirteach agus bádh roinnt daoine le blianta beag anuas. Tá líon na ngardaí tarrthála teoranta agus ba chóir duit snámh ar thránna iargúlta a sheachaint.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, faigh an méid eolais agus is féidir leat roimh thaisteal agus faigh comhairle áitiúil nuair a shroicheann tú ceann scríbe
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa mar chuairteoir agus tá sé mar fhreagracht ort iad a leanúint
  • Bíodh meas agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla mar go bhféadfaí féachaint ar d’iompar mar iompar míchuí, naimhdeach nó fiú in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Tá pionóis thromchúiseacha ag gabháil le húsáid drugaí neamhdhleathacha, lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada (beag beann ar cén saghas druga atá i gceist) i bpríosúin áitiúla.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Bolcáin

Tá líon bolcán gníomhach sa tSalvadóir. Moltar duit comhairle áitiúil a lorg roimh cheachtar acu seo a dhreapadh.

Crith Talún

Mar gheall go bhfuil an tSalvadóir sa chrios seismeach tá baol ó chreathanna talún ann freisin.

Spéirling

Maireann séasúr na spéirlinge ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair. D’fhéadfaí cur as d’iompar, cúram éigeandála agus liachta, chomh maith le soláthairtí bia, breosla, agus uisce le linn an ama sin.  Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonraithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil, mar shampla, ar Chainéal na hAimsire, nó ar láithreán gréasáin Ionad Spéirlingí Náisiúnta na Stát Aontaithe.

Má tá sé ar intinn taisteal chun na Salvadóire le linn séasúr na spéirlinge, fág cóip mionsonraithe de do chuid pleananna taistil le ball teaghlaigh nó le cara. Ba chóir duit clárú freisin le hAmbasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo.

I gcás go bhfuil spéirling ar an mbealach:

  • Bí ar an eolas maidir le cá háit a bhfuil an foscadh áitiúil. D’fhéadfadh sé nach mbeadh foscadh leordhóthanach ar fáil i roinnt ceantar do spéirling throm do na daoine sin ar fad ar mian le fanacht ann.
  • D’fhéadfadh moill a bheith ar eitiltí isteach agus amach as ceantar atá buailte nó d’fhéadfaí iad a chur ar ceal agus d’fhéadfadh na heitiltí atá ar fáil líonadh go tapa mar sin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’aerlíne leis an eolas is déanaí faoi eitiltí a fháil 
  • D’fhéadfadh an spéirling cur as do rochtain chuig calafoirt sa réigiún freisin
  • Ba chóir duit a bheith ar an eolas le pleananna aslonnaithe an óstáin nó na loinge chúrsála. Ba chóir go mbeadh do chuid doiciméid taistil ar iompar agat i gcónaí (e.g. pas, pictiúr aitheantais, etc.) nó iad a choinneáil in áit sábháilte atá uiscedhíonach.
  • Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le cairde agus le do theaghlach in Éirinn freisin agus iad a chur ar an eolas go bhfuil tú sábháilte

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte maidir leis na ceanglais iontrála chun na Salvadóire, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid na Salvadóire i Londain.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin maidir le cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt cóipeanna den phas a thabhairt leat. Ba chóir duit cóip den phas a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do chuairte. 

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir píosa maith roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil uait le dul chun na Salvadóire.

Fiabhras Deinge

Tá an fiabhras Deinge sa tSalvadóir agus iompraíonn na muiscítí é.  Tagann ardú ar ráigeanna le linn séasúr na báistí (Bealtaine go Deireadh Fómhair.)  Sula dtéann tú ag taisteal, faigh comhairle liachta atá cothrom le dáta maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil cógais frith--mhaláire ag teastáil uait. Agus déan réamhchúram nuair a shroichfidh tú an tSalvadóir le muiscítí a sheachaint trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Uisce

Moltar duit gan uisce a ól ach amháin as buidéal an t-achar is atá tú sa tSalvadóir.

Embassy contact

Embassy Contact

If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +52 55 5520 5803.

Embassy of Ireland
Goldsmith 53
Piso 4
Polanco
Miguel Hidalgo,
Ciudad de México,
México

Tel: +52 55 5520 5803

Monday to Friday 09:30 to 13:30

Contact us