DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Eiritré, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Eiritré

Má tá tú ag taisteal chun na hEiritré, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach sa chomhairle taistil atá cothrom le dáta.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid gach iarracht an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh cúrsaí athrú go tapa, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn gealladh a thabhairt go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge cothrom le dáta go hiomlán. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, seiceáil an leagan Béarla chomh maith le do thoil nó déan teagmháil linn go díreach.

Stádas Slándála

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Cláraigh linn

Má tá sé ar intinn agat cuairt a thabhairt ar an Eiritré nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi ar nós tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Agus más gá, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó don teaghlach.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir leat a fhoghlaim faoin Eiritré sula dtéann tú ann.

Moltar freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turais nó le bainistíocht an óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Mar gheall nach bhfuil Ambasáid nó Consalachtna hÉireannsan Eiritré, táimid teoranta ó thaobh an chúnaimh is féidir linn a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má theastaíonn cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Darasalám sa Tansáin. 

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit ina bhfuil tú faoi láthair
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit ina bhfuil tú ag fanacht)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin le hAmbasáidí nó le Consalacht tíortha AE eile chun cúnamh, comhairle agus tacaíocht éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ó thaobh cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim tuilleadh faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal ar mhaithe le leideanna slándála a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas áitiúil maidir le baol agus údar imní slándála
  • Tóg réamhchúraimí ciallmhara maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh eolas agat maidir leis an duine a bhfuil teagmháil le déanamh leis i gcás éigeandála

Corraíl

D’fhéadfadh an cor slándála san Eiritré dul in olcas gan aon súil leis agus tá teannas leanúnach ann le tíortha comharsanachta naSúdáine,Djiboutiagus na hAetóipe mar gheall ar choimhlintí gan réiteach ar an teorainn.

In Eanáir na bliana 2013, bhí tuairiscí ann maidir le corraíl mhíleata sa phríomhchathair,Asmaraagus d’imigh teilifís an stát den aer ar feadh roinnt uaireanta an chloig. Moltar duit a bheith cúramach agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus idirnáisiúnta atá ar fáil ar mhaithe le heolas a fháil, chomh maith leis an láithreán gréasáin seo a sheiceáil le tuilleadh eolais atá cothrom le dáta a fháil.

Réigiúin na Teorann

Molaimid do thurasóirí agus do dhaoine eile gan taisteal chun na hEiritré mura bhfuil gá leis, go háirithe chuig ceantair teorann an áit a bhfuil an baol do shábháilteacht thar a bheith ard.

Seachain taisteal laistigh de 50km de theorainneacha na Súdáine agus na hAetóipe seachas ar an bpríomhbhóthar idir Adigrat agus Axum.  

Rinne fórsaí míleata na hAetóipe ionsaithe ar thargaidí feadh teorainn na hEiritré in 2012 agus thug tuarascálacha le fios gur maraíodh líon daoine sna hionsaithe. Tá an baol ann go mbéarfaí ar náisiúnaigh eachtracha i dtuilleadh foréigin ar cheantar teorann na hAetóipe/na hEiritré. Tá go leor fórsaí míleata i láthair sa cheantar agus tá an teorainn dúnta do thaistealaithe áitiúla agus do thaistealaithe idirnáisiúnta araon.

Mianaigh talún

Tá réimsí leathana loig mianach gan marcáil san Eiritré, go háirithe in aice na teorann leis an  Aetóip. Tá baol an-mhór ann ó mhianaigh talún gan pléascadh ar fud na tíre.  Ná himigh de na príomhbhealaí, go háirithe i gceantair thuaithe, seiceáil le do theagmhálaí áitiúil i gcónaí sula dtéann tú ag taisteal chuig réigiúin lena mbaineann coimhlint.  

Coiriúlacht

Níl mórán coiriúlachta ar na sráideanna ach bíonn coiriúlacht sna cathracha agus sna bailte, lena n-áirítearAsmara, mar sin ba chóir duit réamhchúraimí ciallmhara a thógáil:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar agat le chéile – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat mura bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas  (agus de dhoiciméid taistil agus árachais) leis an teaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáin go poiblí, ná bain úsáid as ATMnna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má tá tú leat féin.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do leanúint tar éis duit do ghnó a bheith críochnaithe agat.
  • Seachain sráideanna agus staighrí gan soilse, agus bíodh síob socraithe agat ó nó chomh gar agus is féidir don bhealach isteach chuig an óstán nó chuig an árasán.
  • Coinnigh súil ghéar ar do mhaoin phearsanta, agus coinnigh greim mhaith orthu i gcaife idirlín, i stáisiúin bus agus traenach.

Meirleachas

Tarlaíonn meirleachas ar cheantair na teorann agus ar roinnt bóithre tuaithe. Go ginearálta is féidir tiomáint go sábháilte ar na príomhbhóithre lasmuigh de cheantair na teorann ach d’fhéadfadh tiomáint ar bhóithre neamh-mhiotalaithe, tiomáint den bhóthar, siúl nó  fánaíocht i gceantair thuaithe a bheith contúirteach agus moltar gan é sin a dhéanamh in aice le ceantair na teorann.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir le linn duit a bheith san Eiritré, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i  Darasalám má theastaíonn cabhair uait.

Tabhair ar aird, sula dtéann tú chun na hEiritré, nach gcuireann na húdaráis ansin in iúl i gcónaí don ambasáid ábhartha cásanna tráth ar theastaigh cúnamh consalachta ó náisiúnaigh eachtracha.

Tiomáint

Má tá tú ag pleanáil tiomáint san Eiritré, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Bí ag faire amach do thrácht trom coisithe agus rothar, chomh maith le beostoc ar bhóithre in aice le hionaid uirbeacha, atá in ann guaiseacha a chruthú.  Tá sé contúirteach tiomáint i gceantair thuaithe san oíche, mar gheall ar easpa comharthaí bóthair, bacainní agus soilse agus ní féidir go leor áiteanna a thrasnú le linn séasúr na báistí.

Má theastaíonn uait tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta  agus cinntigh go bhfuil árachas iomchuí agus leordhóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá an baol ann go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas maidir le dlíthe tráchta na hEiritré, ar nós teorainneacha luais
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus coinnigh do chuid malaí as radharc sa chás go ndéanfaí iarracht iad a ghoid le linn duit a bheith stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá tú chun feithicil a fhruiliú, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Má tá do phas tugtha ar lámh agat lena fhótachóipeáil, coinnigh súil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas leordhóthanach agat agus ní mór duit coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle a léamh (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Leigh an chomhairle taistil, faigh gach eolas sula dtéann tú ag taisteal agus faigh comhairle go háitiúil nuair a shroicheann tú ceann scríbe.
  • Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leatsa mar chuairteoir agus tá sé mar fhreagracht ort na dlíthe sin a leanúint
  • Bíodh meas agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla mar go bhféadfadh sé go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar míchuí, naimhdeach nó fiú in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Tá pionós trom, lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin ag gabháil le húsáid drugaí neamhdhleathacha (beag beann ar an druga atá i gceist). 

Cur i bhfeidhm an dlí

Bí ar an eolas go bhféadfadh pionós corpartha agus pionós an bháis a bheith ag gabháil le  coireanna tromchúiseacha a dhéantar san Eiritré.

Homaighnéasachas

Tá gníomhartha homaighnéasacha in aghaidh an dlí agus moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Airgead

Tá an geilleagar san Eiritré airgead-bhunaithe agus níl aon ATManna sa tír.  Ní mór duit an t-airgeadra coigríche atá á thabhairt isteach chun na hEiritré agat a dhearbhú ar bhaint amach ceann scríbe duit. Ar fhágáil na tíre duit, ní mór duit a chruthú gur malartaíodh aon airgeadra coigríche atá ar iarraidh ag craobh malartaithe airgeadra coigríche, Himbol. Tá sé in aghaidh an dlí airgead a mhalartú in áit ar bhith eile seachas i gcraobh den Himbol. Tá sé neamhdhleathach freisin iarracht a dhéanamh airgeadra coigríche crua a úsáid san Eiritré. Féadfar ionchúiseamh a dhéanamh i d’aghaidh mura gcloíonn tú leis na rialacháin sin.

Grianghrafadóireacht

Ní cheadaítear grianghraif a thógáil d’fhoirgnimh rialtais, nó d’ionaid mhíleata.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An Aeráid

Tá aeráid na hEiritré athraitheach agus bíonn sé go deas sa phríomhchathairAsmara, le beagán báistí agus bíonn sé níos fuaire le níos mó báistí  sna hArdchríocha agus san oirthear.

Crith Talún

Tá an Eiritré suite i gcrios crith talún agus i gcrios bolcánach atá gníomhach. Má tá tú ag taisteal chun na hEiritré nó i do chónaí inti déan cinnte go bhfuil tú ar an eolas maidir le cad atá le déanamh i gcás crith talún nó bolcán a thosaínn ag brúchtadh.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála  (víosa/pas)

Cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid is gaire duit nó le Consalacht na hEiritré mura bhfuil tú cinnte faoi cheanglais iontrála don Eiritré, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir píosa maithe roimh thaisteal chun a fháil amach an bhfuil aon vacsaíniú ag teastáil uait chun dul chun na hEiritré.

Embassy contact

Embassy Contact

Ireland does not have an Embassy in Eritrea.

The Embassy of Ireland in Kenya is accredited to Eritrea and can be contacted in case of emergencies or for advice.

Contact us