DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Aetóip, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Aetóip

Má tá tú ag taisteal  chun na hAetóipe, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Maraíodh beirt nuair a phléasc buama in Addis Ababa an 13 Deireadh Fómhair 2013. Tá údaráis na hAetóipe ar an airdeall ó d’fhógair siad go déanach in 2008 go raibh faisnéis acu maidir le pleananna chun ionsaí sceimhlitheoireachta a chur i gcrích. Ó shin i leith, tá ard-slándáil ann in óstáin, ionaid siopadóireachta agus in áiteanna poiblí eile. Tharla roinnt ionsaithe buama beaga in Addis Ababa le blianta beaga anuas. Bhí corraíl forleathan ann tar éis toghcháin a raibh díospóid fúthu in 2005. Cé go bhfuil suaimhneas ann ó shin, d’fhéadfadh corraíl briseadh amach.

Seachain gach taisteal chuig:

  • Ceantair laistigh de 10km den teorainn le hEiritré, seachas an príomhbhóthar trí Axum agus Adigrat, agus láithreacha do thurasóirí gar don bhóthar (eg Debre Damo agus Yeha)
  • Ceantair laistigh de 10km de theorainneacha leis an tSúdáin, leis an tSúdáin Theas agus leis an Chéinia
  • Réigiún na Somáile agus an logán Danakil nó ‘triantán Afar’ in oirthuaisceart na tíre
  • Na ceithre woredas (dúichí) (Akobo, Wantawo, Jikawo agus Lare) i gcrios Nuer agus woreda Jore i gcrios Anuak i réigiún Gambella

Seachain gach taisteal ach amháin nuair is gá chuig:

  • An chuid eile de réigiún Gambella
  • Gach ceantar eile gar do theorainneacha na hAetóipe

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Aetóip nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Aetóip sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Má bhíonn cás éigeandála ann, nó má tá cúnamh agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Addis Ababa

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht leis na sonraí seo a leanas:

  • D'ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ag cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Faigh tuilleadh eolais faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Tá cúrsaí polaitíochta cobhsaí go maith san Aetóip ach go mbíonn corraíl shóisialta ann ar uairbh. Bhí clampar forleathan i ndiaidh thoghcháin in 2005 agus i mí Iúil 2012, bhí tuairiscí go raibh léirsithe suntasacha, agus fiú foréigneach, in aice le moscanna i gceantar Mertato in Addis Ababa.

Iarrtar ort a bheith cúramach má théann tú ar cuairt chuig an gceantar sin, go háirithe i ndiaidh phaidreacha na hAoine. Seachain léirsithe agus bailiúcháin poiblí, mar go bhféadfadh corraíl de chineál éigin tarlú. Bí ar an eolas go seasta síoraí maidir le cad atá ag tarlú i do thimpeall sna meáin áitiúla agus fan i dteagmháil le d’óstáin agus leis an duine atá ag eagrú do thuras. 

Ceantair nach bhfuil sábháilte

Mholainn duit gan taisteal chuig na háiteanna seo a leanas:

  • Ceantair laistigh de 10km den teorainn le hEiritré, seachas an príomhbhóthar trí Axum agus Adigrat, agus láithreacha do thurasóirí gar don bhóthar (eg Debre Damo agus Yeha)
  • Ceantair laistigh de 10km de theorainneacha leis an tSúdáin, leis an tSúdáin Theas agus leis an Chéinia
  • Réigiún na Somáile agus an logán Danakil nó ‘triantán Afar’ in oirthuaisceart na tíre
  • Na ceithre woredas (dúichí) (Akobo, Wantawo, Jikawo agus Lare) i gcrios Nuer agus woreda Jore i gcrios Anuak i réigiún Gambella

Seachain gach taisteal ach amháin nuair is gá chuig:

  • An chuid eile de réigiún Gambella
  • Gach ceantar eile gar do theorainneacha na hAetóipe

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ard sceimhlitheoireachta san Aetóip agus bíonn cúrsaí slándála an-ghéar in óstáin, in ionaid siopadóireacht agus in áiteanna poiblí ó go déanach in 2008, tráth ar fhógair údaráis na hAetóipe go raibh eolas acu go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta beartaithe. Bhí roinnt ionsaithe buamála ar mhionscála in Addis Ababa le roinnt blianta anuas.

Coiriúlacht

Tá an ráta coiriúlachta réasúnach íseal san Aetóip ach tuairiscítear go bhfuil ardú ar mhugálacha agus ar ionsaithe faoi airm. Cé go bhfuil coiriúlacht foréigneach, go háirithe in aghaidh eachtrannaigh neamhchoitianta, tarlaíonn sin ar uairibh - an 6 Eanáir 2013, chaith gadaithe a raibh airm acu turasóir ón Ostair agus maraíodh é agus é ag campáil in aice abhainn na Níle síos ón Blue Nile Falls in aice le Bahir Dar, ceantar a mbíonn an-tóir ag turasóirí air. Bíonn níos mó cásanna coiriúlachta i ndiaidh thitim na hoíche agus mar sin is fearr gan siúl leat féin in Addis Ababa ná in aon áit eile tar éis titim na hoíche. Bí cúramach agus déan réamhchúram:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis titim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Bí ar an airdeall nuair a bhíonn tú ar an bhfón póca nó ag téacsáil – is fearr gan sin a dhéanamh ar an tsráid. Tharla mugálacha foréigneacha mar gheall ar fhóin póca nach n-íocfá €20 orthu in Éirinn

Mionghadaíocht

Goitear malaí agus bítear ag goid as pócaí turasóirí, go háirithe in áiteanna ina mbíonn go leor eachtrannaigh bailithe mar an Piazza, Mercato, Bole agus ceantar Bhóthar Churchill in Addis Ababa. Bí ar an airdeall go háirithe ar an gcineál sin goid agus tú ag teacht amach as tacsaithe sna ceantair sin, go háirithe ar Bhóthar Bole.

Moltar duit treoraí áitiúil a thabhairt leat má théann tú chuig Mercato, go háirithe i rith an lae.

Má thosaíonn duine ag iarraidh a chur in iúl duit go bhfuil fadhb éigin le d’fheithicil, seans maith nach ar mhaithe leat atáthar.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má tharlaíonn aon choir duit agus tú san Aetóip, cuir é sin in iúl do na póilíní áitiúla láithreach. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Addis Ababa má theastaíonn cúnamh uait

Ag tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint san Aetóip, bí ar an eolas go bhfuil an caighdeán sábháilteachta ar bhóithre íseal agus beidh ort a bheith fíor-chúramach agus tú ag tiomáint nó ag siúl ar na bóithre. Moltar duit gan taisteal ar na bóithre lasmuigh de na bailte agus na cathrach tar éis titim na hoíche, mar gheall go bhfuil seans níos airde ann go dtarlódh timpiste.

Más mian leat a bheith ag tiomáint, ní mór duit na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • Tabhair leat do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAetóipe, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Timpistí tráchta

Sa chás go mbíonn teagmháil ag d’fheithicil le haon fheithicil eile, cinntigh go bhfuil aon ábhar luachmhar atá agat slán sula dtéann tú amach as an gcarr agus cuir glas ar na doirse chun nach ngoidfear aon ní uait nuair nach mbíonn tú san fheithicil.

Sa chás go mbeadh aon achrann ag an láthair, déan iarracht fanacht ar do shuaimhneas, ná déan aon teagmháil fisiciúil agus déan iarracht nóta a dhéanamh d’ainm an tiománaí eile, an cláruimhir agus aon tuairisc eile den chás, etc.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.  

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo.
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Sochaí Moslamach agus Críostaithe

Gléasann muintir na hAetóipe, bídís ina Moslamaigh nó ina gCríostaithe ar shlí choimeádach. Coimeádann mná a gcuid guaillí agus a nglúine clúdaithe, agus i roinnt ceantar bíonn éadaí níos coimeádaí fiú orthu. Bí ar an eolas go bhféadfá a bheith maslach má chaitheann tú éadaí gan muinchillí nó éadach nach gclúdaíonn na glúine, go háirithe lasmuigh d’Addis Ababa.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Feilire an Iarthair agus féilire Iúil

Baintear leas as féilire an Iarthair agus as an bhFéilire Iúil san Aetóip. Is ionann an bhliain 2010 i bhféilire an Iarthair agus 2002-2003 san fhéilire Iúil. Déantar ceiliúradh ar an Nollaig ar an 7 Eanáir agus ar an mBliain Nua ar an 11 Meán Fómhair.

Ar an tslí chéanna, baintear leas as dhá chóras ama. Tomhaistear am na hAetóipe mar lá 12 uair an chloig a thosaíonn ag a 6am. Tagraítear do 7am an Iarthair go minic mar a haon a chlog. Tuigeann go leor Aetópaigh an difríocht sin agus is minic leo amanna a aistriú agus iad i mbun cainte le heachtrannaigh.

Hómaighnéasacht

Tá aon ghníomh hómaighnéasach neamhdhleathach agus ní thagraítear don ábhar i measc formhór na nAetópach.

Seandachtaí a onnmhairiú

Beidh ort cead a fháil chun seandachtaí a onnmhairiú ón Aetóip. Chun nach mbeidh mearbhall ort agus tú ag imeacht, ba chóir duit admhálacha a choinneáil d’aon earraí cuimhneacháin a cheannaíonn tú, crosanna san áireamh, ar fhaitíos go gceapfaí gur déantúsáin cultúir luachmhara a bheadh iontu.

Airgead

Tá dianrialacha i bhfeidhm maidir le hairgeadra iasachta agus birr na hAetóipe a thógáil amach as an Aetóip.

Ní féidir leat níos mó ná USD$3,000 (nó a chomhionann sin in airgeadra iasachta) a thógáil amach as an Aetóip, mura bhfógraíonn tú an méid sin nuair a thagann tú isteach sa tír nó go bhfuil comhairle bainc Aetópach agat a dheimhníonn gur cheannaigh tú airgeadra iasachta. Agus ní féidir leat níos mó ná 200 birr Aetóipeach a thógáil isteach ná amach as an tír.

Is féidir le húdaráis na hAetóipe méideanna os cionn 200 birr Aetóipeach, nó méideanna nach mbíonn fógraithe os cionn USD$3,000 a thógáil uait.

In Aerfort Idirnáisiúnta Bole in Addis Ababa, is féidir leat an fhoirm dearbhaithe custaim a chomhlánú i halla an bhagáiste.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Airde

Cuireann airde thalamh ard na hAetóipe isteach ar dhaoine agus ní mór a bheith cúramach gan tabhairt faoi an iomarca gníomhaíochta agus é a thógáil go réidh.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Moltar go láidir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid nó an Consalacht is gaire duit san Aetóip chun na riachtanais iontrála don tír a sheiceáil, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile. Ní mór duit a sheiceáil ach go háirithe cibé an féidir leat iarratas a dhéanamh ar víosa ar theacht duit chun na hAetóipe nó cibé an chóir duit do víosa a shocrú sula n-imíonn tú. Féadfaidh tú seiceáil leo cá fhad agus atá do phas bailí.

Is tusa atá freagrach a chinntiú go ndéanann tú iarratas ar an líon ceart laethanta ar do víosa. D’fhéadfadh sé go mbeadh ort teacht os comhair cúirte, go ngearrfaí fíneáil ort nó go ndíbrí tú sa chás go bhfánfá ann i ndiaidh an dáta ar an víosa.

Moltar duit roinnt fótachóipeanna a thabhairt leat de do phas. Le linn do chuairte ní mór duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hAetóipe.

Áiseanna leighis

Cé go bhfuil ospidéil i ngach baile mór san Aetóip, is beag áiseanna agus soláthar chógais leighis atá ann, fiú sna bailte móra lasmuigh d’Addis Ababa. Déan cinnte go bhfuil árachas sláinte dóthanach agat sula dtéann tú ann, a chlúdóidh tú a thógáil amach as an tír i gcás éigeandála leighis ar otharcharr aeir.

Is beag ospidéal réigiúnach a bheadh in ann gortuithe tromhchúiseacha nó tinnis tromchúiseacha a chóiriú mar is cuí. Sna cásanna is tromchúisí, níl na háiseanna leighis in Addis Ababa féin sách maith. B’fhéidir gur bhfiú duit pacáiste leighis cuimsitheach a iompar agus tú ag taisteal nó i do chónaí lasmuigh d’Addis Ababa ar feadh tréimhse fhada. 

Meiningíteas meiningeacocúil

I mí Feabhra 2013, thuairiscigh Rialtas na hAetóipe agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ráig de mheiningíteas meiningeacocúil  thart ar Arba Minch agus Shebdino, i ndeisceart na hAetóipe, agus tuairiscíodh gur bhásaigh roinnt daoine i gceantar Arba Minch.

Má tá tú ag taisteal chuig an Réigiún Theas, go háirithe Awassa, Shebdino agus Arba Minch, bí ar an eolas faoi airíonna mheiningíteas agus téigh sa tóir ar chóir leighis go tapa má mhothaíonn tú tinn.

Galair uisce-iompartha

Tá galair uisce-iompartha coitianta san Aetóip agus ba chóir duit an t-uisce a fhiuchadh sula n-ólann tú é, nó úsáid uisce buidéalaithe. Toisc go bhfiuchann uisce ag teocht díreach faoi 100 céim ceintegrád ag airde fíor ard, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh fiuchadh dóthanach chun steiriliú a chinntiú i gcónaí in áiteanna.

Maláire

Tá maláire coitianta i gceantair sa tír atá faoi 1,800 méadar nó mar sin. Sna háiteanna do thurasóirí ó thuaidh, tá formhór na mbailte a dtagann cuairteoirí iontu os cionn an airde sin. Ach tá Bahir Dar suite ag airde 1850 méadar agus bíonn roinnt cásanna maláire ansin.

Sula dtéann tú ag taisteal, faigh comhairle leighis cothrom le dáta faoi an gá duit cógas leighis frith-maláire a thógáil. Nuair a thagann tú, déan réamhchúram dóthanach ionas nach mbainfidh muiscítí greim asat. Ba chóir duit a bheith ar an eolas freisin nach bhfuil cógas leighis frith-mhaláire, atá le fáil le ceannacht in Éirinn, le fáil san Aetóip.

Airgead

Cártaí Creidmheasa

Glactar le cártaí creidmheasa in Addis Ababa in Óstán an Hilton, in Óstán an Radisson agus in Óstán Sheraton, in Ethiopian Airlines, agus glacann níos mó gnólachtaí sa chathair le cártaí creidmheasa freisin. Tá níos mó glacadh le Visa ná mar atá le Mastercard.

Uathmheaisín Bainc nó ATManna

Glacann na huathmheaisíní bainc ag roinnt banc in Addis Ababa, mar aon le bailte móra eile (lena n-áirítear Gondar, Bahir Dar, Awassa, Harar agus Mekelle) le cártaí bainc nó cártaí creidmheasa idirnáisiúnta. Seiceáil ionad na n-uathmheaisiní sin a ghlacann le Visa ag aimsitheoir ATM de chuid VISA ar líne. Mar sin féin, is minic le ATManna san Aetóip a bheith amuigh as airgead nó as ord ar feadh tréimhsí fada ama. Cinntigh go bhfuil dóthain airgead tirim nó seiceanna taistil agat, agus cuimhnigh nach nglactar de ghnáth le seiceanna taistil lasmuigh d'Addis Ababa.

I gcás éigeandála, tá oifigí ag Western Union san Aetóip, a bheidh ábalta cuidiú le haistriú airgid.

Embassy contact

Embassy Contact

In case of emergency, please contact the Embassy by telephone: +251 11 518 0500.

Embassy of Ireland
Kazanches
Guinea Conakry Street
Addis Ababa
Ethiopia

Tel: +251 (11) 518 0500
Fax: +251 (11) 552 3032

Monday - Thursday 8.30am to 12.30pm and 1.30pm to 5.00pm; Friday 8.30am to 12.30pm

Contact us