Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Best way to apply for your passport

Irish citizens can apply for first time passports and renewals online if they are resident in

  • Ireland,
  • Northern Ireland,
  • Great Britain,
  • the European Union,
  • Iceland,
  • Liechtenstein,
  • Norway
  • Switzerland

Across the world, all Irish citizens can renew their passport book, renew their Passport Card, or apply for their first Passport Card online using Passport Online.

This fast, secure and convenient service is available 24 hours a day, 7 days a week, 365 days a year.

The application takes ten working days plus postage.

If you need to submit extra documents, the ten days processing time starts when we receive them.

If you have already submitted a paper application, you cannot apply online.

Passport Online is the fastest way to apply for or renew your passport.

Apply now

Cad é an bealach is fearr le hiarratas a dhéanamh ar mo phas?

Cuireann Seirbhís na bPasanna réimse bealaí áisiúla ar fáil chun iarratas a dhéanamh ar phas. An raibh a fhios agat gur féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne anois? Is féidir le saoránaigh Éireannacha athnuachan a dhéanamh ar Leabhar Pas nó ar Chárta Pas, nó iarratas a dhéanamh ar a gcéad Chárta Pas anois ach an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne, ár seirbhís ghasta shlán a úsáid.

Tá sé tábhachtach go roghnaíonn tú an bealach iarratais ceart, go háirithe sa chás go mbeidh tú ag dul ag taisteal go luath amach anseo. Féach anseo chun agaí comhlánaithe suas chun dáta maidir le gach bealach iarratais a fháil.

Is é athnuachan ar líne an bealach is saoire agus is áisiúla chun do phas Éireannach a athnuachan. Déan iarratas anois tríd an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne. Is féidir é seo a dhéanamh áit ar bith ar domhan, 24 uair an chloig, 365 lá na bliana. Féach na critéir cháilitheachta anseo.

Mura bhfuil tú cáilithe don tseirbhís ar líne, nó mura mian leat d’iarratas a chur isteach ar líne, is féidir leat iarratas a dhéanamh i gcónaí trí Sheirbhís na bPasanna Luais. Is féidir foirmeacha iarratas a fháil i Stáisiún na nGardaí nó in oifig phoist.

Is féidir le hiarrthóirí atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann foirm iarratais d’iarratais Seirbhís na bPasanna Luais Thuaisceart Éireann a fháil ag Oifigí Poist rannpháirteacha i dTuaisceart Éireann.

Nuair a bheidh d’fhoirm iarratais comhlánaithe agat ba cheart duit d’iarratas a chur isteach ag d’oifig phoist áitiúil, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann

I gcás athnuachan pas, beidh sé mar aidhm ag Seirbhís na bPasanna d’iarratas a chur i gcrích laistigh de 15 lá oibre ón dáta ar a bhfaigheann muid an t-iarratas. Tá sé sin faoi réir an méid éilimh atá ann tráth a dhéantar an t-iarratas. Féach anseo chun ár n-agaí comhlánaithe reatha a fheiceáil.

I gcás iarratais chéaduaire nó iarratais de bharr leabhair phas atá imithe amú nó goidte, d’fhéadfadh sé 20 lá oibre ar a laghad a ghlacadh chun iad a phróiseáil. Féach anseo chun ár n-agaí comhlánaithe reatha a fheiceáil.

Nuair a bheidh d’iarratas ar phas curtha isteach, ní féidir an próiseas a thapú. Tá sé an-tábhachtach mar sin go roghnaíonn tú an bealach iarratais ceart agus d’iarratas á chur isteach agat. Féach anseo chun agaí comhlánaithe suas chun dáta a fháil

Iarratais a chuirtear isteach tríd an ngnáthphost nó trí phost cláraithe cuirfear ar ais chuig an iarrthóir iad agus ní dhéanfar próiseáil orthu.

Ba cheart d’aon duine nach mór dó dul ag taisteal laistigh den aga comhlánaithe a chuireann an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne ar fáil coinne a dhéanamh ag an gcuntar poiblí ag Seirbhís na bPasanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh.

Féach anseo chun agaí comhlánaithe suas chun dáta a fháil

Ní mór coinne a bheith agat chun iarratas a chur isteach ag an gcuntar poiblí. Mura bhfuil coinne agat ní dhéileálfar leat. Níl ach líon teoranta coinní in aghaidh an lae agus bíonn cruthúnas ar thaisteal ag teastáil.

Tabhair faoi deara go mbíonn iarratais chéaduaire faoi réir íos-aga comhlánaithe 20 lá oibre is cuma cé acu ar cuireadh isteach thar chuntar poiblí nó le Seirbhís na bPasanna Luais iad.

Bíonn ár n-oifig i mBaile Átha Cliath ar oscailt do dhaoine a bhfuil coinne acu ó 9am go 4.50pm, Luan go hAoine.

Bíonn ár n-oifig i gCorcaigh ar oscailt do dhaoine a bhfuil coinne acu ó 9am go 4.50pm, Luan go hAoine.

Is féidir le saoránaigh atá ina gcónaí thar lear an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne a úsáid chun iarratas ar phas a dhéanamh ar líne. Ba cheart ceisteanna maidir le gach cineál eile iarratais a chur ag an ambasáid nó ag an gconsalachts gaire duit.

Déan iarratas ar líne