Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Bealaí le Teacht ar Fhaisnéis ar an gComhshaol

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 (I.R. 133 de 2007) cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag lorg rochtain ar fhaisnéis ar an gcomhshaol ó údaráis áitiúla. Tháinig na Rialacháin in éifeacht an 1 Bealtaine, 2007, an ionstraim reachtúil roimhe sin, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 1998, á haisghaireadh.

Eolas Ginearálta

Faoi réir ag eisceachtaí áirithe, ní mór faisnéis maidir leis an gcomhshaol a shealbhaíonn údarás poiblí nó a shealbhaítear thar a cheann, a chur ar fáil d’aon duine ach é a iarraidh. Forálann na Rialacháin sainmhíniú ar eolas maidir leis an gcomhshaol agus déanann cur síos ar an mbealach in ar féidir iarratais ar eolas a chur faoi bhráid na n-údarás áitiúil. Forálann na Rialacháin freisin do nós imeachta achomhairc fhoirmiúil i gcás nach mbíonn duine sásta leis an gcinneadh ar a iarratas.

Léigh téacs iomlán an Rialacháin RFC (I.R. 133 de 2007)

Léigh cóipeanna de na Nótaí Treoracha ar na Rialacháin RFC

Iarratas a dhéanamh

Ba chóir iarratais le haghaidh Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol a dhéanmah do:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
76-78 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
 
R-phost: foi@dfa.ie 
 

Caithfidh tú, nuair atá iarratas á dhéanamh agat faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaoil:

  • A chur in iúl go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC
  • An t-iarratas a chur isteach i scríbhinn tríd an bpost nó trí ríomhphost
  • do shonraí teangmhála a chur ar fáil
  • an fhoirm agus modh rochtana atá ag teastáil uait

De ghnáth, cuirfear an cinneadh ar d’iarratas in iúl duit laistigh de 1 mhí ón am faighte.

Achomharc in aghaidh breithe

Ma cheapann tú gur diúltaíodh d’iarratas bunaidh ar fhaisnéis chomhshaoil, go léir nó i bpáirt, nó seachas sin nár déileáladh leis i gceart de réir forálacha na Rialachán RFC, tig leat, laistigh d’aon mhí tar éis cinneadh na Roinne a fháil, iarratas a chur chuig an Roinn athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh go léir nó i bpáirt.

Ní ghearrfar aon táille don phróiseas athbhreithnithe inmheánaigh.

Laistigh de mhí amháin ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas uait, cuirfear toradh scríofa an athbhreithnithe chugat, ag cur an cinneadh, an chúis leis an gcinneadh in iúl duit agus tabharfar comhairle duit faoi do cheart ar achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den tsórt sin.

Táillí

Níl aon táille tosaigh ar iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin RFC; ach d’fhéadfadh go ngearrfadh an Roinn táille réasúnta ort faoin eolas a lorgaíodh a chur ar fáil. D’fhéadfadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ag brath ar mhéid na faisnéise atá le scaoileadh, táille a ghearradh ar an am a caitear leis na taifid a fháil ar ais, lena n-áireofaí b’fhéidir costas foirne nó costais eile bainteach le cuardach, fáil ar ais (€20.95 in aghaidh na huaire), bailiú nó cóipeáil na faisnéise (4 cent in aghaidh na bileoige).