Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An chaoi a bhfuilimid freagrach

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freagrach don phobal agus don cháiníocóir as a comhoibriú le comhlachtaí maoirseachta seachtracha agus trína córais rialaithe inmheánaigh freisin. Chomh maith le hathbhreithnithe tréimhsiúla ar chláir, le hiniúchadh ar mhisin sa líonra taidhleoireachta agus le pleanáil agus tuairisciú gnó táimid freagrach freisin sna slite seo a leanas: 

Athbhreithnithe ar Luach ar Airgead

Leagann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe  béim láidir ar an ngá go mbainfeadh seirbhísí poiblí luach ar airgead amach, go háirithe sna dálaí eacnamaíocha reatha. Déanaimid measúnuithe speisialta ar chaiteachas, mar chuid de chlár an Rialtais um Athbhreithniú ar Luach ar Airgead agus Beartas. Déantar breithiúnas trí na measúnuithe seo ar ábharthacht an chaiteachais agus maidir le chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach is a úsáideadh an t-airgead. Tá dhá athbhreithniú beartaithe don tréimhse 2012-14, ceann ar na misin laistigh de Líonra an AE agus an ceann eile ar thacaíocht Chúnamh Éireann d’íospartaigh Thubaiste Creatha Talún Háítí.

Iniúchtaí

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freagrach as líon mór cistí poiblí a bhainistiú. Áirithíonn an tAonad Meastóireachta agus Iniúchóireachta go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh na Roinne láidir ionas gur féidir leis an bpobal a bheith cinnte go bhfuil cuntasacht chuí ann i leith na gcistí agus go mbaintear úsáid astu le haghaidh na gcuspóirí ar ceapadh iad. Tugtar aon laigí tábhachtacha chun suntais in iniúchtaí agus cuirtear comhairle ar fáil maidir leis an gcaoi ar cheart na rialuithe sin a fheabhsú. Bíonn ár n-obair maidir le Meastóireacht agus Iniúchadh á maoirsiú agCoiste Iniúchóireachta neamhspleách, a fhoilsíonn tuarascáil gach bliain. 

Meastóireacht

Táimid tiomanta don ardcháilíocht, chun deimhin a dhéanamh de go gcruthaíonn ár gcuid oibre luach breise agus gur féidir linn foghlaim d’fhonn feabhsuithe a dhéanamh. Ní mór dúinn ár gcuid oibre a mheas le feiceáil cé chomh maith is atá sí agus cad iad na gnéithe sin a bhfuil ag éirí go maith leo. Sa tslí sin, is féidir linn ár gcláreagrú agus ár mbeartais a oiriúnú dá réir.

Chun na críche sin, cuirimid an-bhéim ar neamhspleáchas an phróisis meastóireachta. Is ionann meastóireacht agus breithmheas neamhchlaonta maidir le cé chomh maith agus a dhéanaimid ár gcuspóirí a bhaint amach, agus tá sé úsáideach ó thaobh pleanáil amach anseo. Mar chuid dár dtiomantas i dtaobh cuntasachta agus trédhearcachta, cuirimid cinntí ar fáil agus foilsímid torthaí ár meastóireachtaí. Is féidir leat teacht ar na meastóireachtaí sin i rannán na bhFoilseacháin.

Accountability

Tuarascáil Bhliantúil

Cuirimid Tuarascáil Bhliantúil ar fáil gach bliain maidir le clár Chúnamh Éireann mar aon le sonraí caiteachais. Íoslódáil Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2011 (Irish Aid Annual Report 2011 as Gaeilge 8.1mb)

Saoráil Faisnéise

Tá cead agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 rochtain a fháil, a mhéid is féidir, ar fhaisnéis atá i seilbh na Roinne. Tugann siad de cheart duit go gceartófaí do shonraí pearsanta nó go dtabharfaí cothrom le dáta iad agus go dtabharfar cúiseanna duit faoi na cinntí arna ndéanamh ag an Roinn a théann i bhfeidhm ort.