Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seirbhís na bPasanna - Nós imeachta maidir le gearáin nó achomhairc a dhéanamh

Nós imeachta maidir le gearán a dhéanamh

1. Is féidir le custaiméirí gearán a dhéanamh i bhfoirm scríbhinne ar na bealaí seo a leanas:

  • Litir a scríobh: Is féidir gearáin a chur chuig: An tOifigeach um Ghearáin maidir le Pasanna, Teach Knockmaun, 42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 TN83
  • Ar líne: Is féidir gearáin a chur isteach ar an bhfoirm aiseolais ar líne atá ar fáil anseo
  • Ríomhphost a scríobh: Is féidir gearáin a chur chuig Passport[dot]Complaints[at]dfa[dot]ie

2. Tá sé mar aidhm ag Seirbhís na bPasanna a admháil go bhfuair siad gearán taobh istigh de 24 uair ón gcéad lá oibre eile.

3. Tabharfaidh an tOifigeach um Ghearáin freagra cuimsitheach taobh istigh de 20 lá ón am a bhfuarthas an gearán.

4. Mura mbeidh an gearánach sásta leis an bhfreagra, d’fhéadfaí dul céim níos faide chuig an Oifigeach um Sheirbhís do Chustaiméirí, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, 76 – 78 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 nó ríomhphost a sheoladh chuig customer.service[at]dfa[dot]ie

An nós imeachta d’achomharc pas nuair a dhéantar pas a dhiúltú, a chealú nó a aisghairm

Foráiltear in Alt 19 d’Acht na bPasanna 2008 go gceapfar Oifigeach Achomhairc Pas a bheidh neamhspleách, arbh fhéidir le duine, nach bhfuil sásta leis an gcinneadh a rinne Seirbhís na bPasanna i ndáil le pas, iarratas a dhéanamh chuige (e.g. sa chás go ndéantar cinneadh pas a dhiúltú, a chealú nó a aisghairm).

Féadfaidh an tOifigeach Achomhairc (i) seasamh leis an gcinneadh nó (ii) a mholadh go ligeann Seirbhís na bPasanna an cinneadh i ndearmad. Scríobhann an tOifigeach Achomhairc chuig an achomharcóir agus chuig Seirbhís na bPasanna leis an gcinneadh a rinneadh.

Má chinneann Seirbhís na bPasanna nach nglacfaidh sí le moladh an Oifigigh Achomhairc, ba cheart do Sheirbhís na bPasanna an cinneadh agus an bunús a bhí leis a chur in iúl, i bhfoirm scríbhinne don Oifigeach Achomhairc agus don achomharcóir.

Más mian le duine achomharc a dhéanamh ar chinneadh a rinne Seirbhís na bPasanna, ba cheart iarratas a dhéanamh i bhfoirm scríbhinne chuig:

David Barry, Uasal,
An tOifigeach Achomhairc Pas
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála,
80 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2
Éire

Ní thagann cinntí faoi iarratas ar shaoránacht a diúltaíodh faoi chúram an Oifigigh Achomhairc agus ba cheart iad sin a chur chuig an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, atá freagrach as cúrsaí saoránachta.

Fill ar an Rannóg Ár nGealltanais

Foirm Aiseolais d’Oifig na bPasanna

Tá nós imeachta foirmiúil ag Seirbhís na bPasanna le go mbeidh custaiméirí in ann aiseolas a thabhairt ar chaighdeán na seirbhíse a fhaigheann siad. 

Ba mhaith linn go gcuirfeadh custaiméirí in iúl dúinn é mura bhfuil siad sásta nó má cheapann siad go bhféadfaí an tseirbhís a fheabhsú. Beidh an t-aiseolas a thugann tú faoi rún.

 Is féidir leat gearán a dhéanamh ach an fhoirm thíos a úsáid nó ríomhphost a chur chuig Passport[dot]Complaints[at]dfa[dot]ie. Chomh maith leis sin, is féidir gearán i bhfoirm scríbhinne a chur chuig an seoladh: An tOifigeach um Ghearáin maidir le Pasanna, Teach Knockmaun, 42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 TN83

Tá sé mar aidhm ag Seirbhís na bPasanna gearán a shocrú a luaithe agus is féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, déanfaimid na rudaí seo a leanas:

  • Déanfaimid taifead ar an ngearán agus tabharfaimid admháil go bhfuarthas é
  • Cuirfimid freagra chugat a luaithe agus is féidir
  • Tabharfaimid míniú duit mura féidir an gearán a shocrú ar chúiseanna nach bhfuil aon neart againn féin orthu