Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Rochtain ar Mhargaí Earnála Poiblí Idirnáisiúnta

Más onnmhaireoir Éireannach earraí nó seirbhísí tú, d’fhéadfadh go mbeidh suim agat san fhaisnéis agus sna naisc ar an leathanach seo maidir le rochtain a fháil ar dheiseanna i margaí earnála poiblí idirnáisiúnta. 

Deiseanna Soláthair earnála poiblí

Cuid mhór den gheilleagar domhanda is ea soláthar earnála poiblí, agus is féidir leis deiseanna suntasacha a chur ar fáil d’onnmhaireoirí Éireannacha i neart earnálacha éagsúla. Fearann sé ar sciar mór de shreabhadh trádála domhanda agus is fiú 1000 billiún Euro in aghaidh na bliana é. Is cuid shuntasach freisin é de gheilleagair náisiúnta: 10-25% de OTI. San AE, is ionann ceannach poiblí earraí agus seirbhísí agus 16% de OTI.  Is earnáil ollmhór margaidh é i gcás ar bith.

Tá margaí earnála poiblí thar lear cobhsaí agus trédhearcach agus ag éirí níos inrochtana d’onnmhaireoirí Éireannacha. Ní mór go bhfógraítear go poiblí an chuid is mó de chonarthaí poiblí le haghaidh earraí agus seirbhísí os cionn €130,000 (€5.2 milliún le haghaidh oibreacha/foirgníochta) i dtíortha de chuid AE/GPA agus ní mór iad a bhronnadh ar bhonn cothrom agus gan aon idirdhealú a dhéanamh maidir le náisiúntacht.

Rochtain a fháil ar dheiseanna thar lear

Tá deiseanna suntasacha soláthair ann freisin le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail comhlachtaí de chuid an AE, na Náisiúin Aontaithe, an Banc Domhanda agus Banc Forbartha na hÁise.

Deiseanna ar líne

Tá faisnéis maidir le réimse leathan deiseanna gnó earnála poiblí idirnáisiúnta ar fáil ar líne anois. 

Chuireamar na naisc seo a leanas le chéile mar fhoinse faisnéise dóibh siúd ar suim leo na deiseanna sin a fhiosrú agus tuiscint a fháil ar an earnáil soláthair phoiblí idirnáisiúnta. Níl iontu ach faisnéis a chur ar fáil. Níl ról ar bith againn maidir le conarthaí a bhronnadh ná maidir le próisis soláthair na gcomhlachtaí/na n-eagraíochtaí a luaitear anseo.

D’fhéadfadh gur gá suibscríobh a dhéanamh chun clárú le haghaidh roinnt suíomh díobh siúd a liostaítear (nó le haghaidh a gcuid foshuíomh).

Deiseanna AE/LEE

Soláthraítear rochtain saor in aisce ar dheiseanna gnó earnála poiblí ó áiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh, an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus lasmuigh ar http://ted.europa.eu/. Is féidir fógraí soláthair a bhrabhsáil, a chuardach agus a shórtáil de réir tíre, réigiúin, earnáil ghnó, Cóid CPV agus eile.

Soláthraítear rochtain ar fhaisnéis maidir le conarthaí poiblí a bhronnann an Coimisiún Eorpach, Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, agus aonaid ionadaíochta an Choimisiúin Eorpaigh sna Ballstáit ar https://ec.europa.eu/commission/index_en.

Bronnann EuropeAid deontais agus tairiscintí chun tionscadail nó gníomhaíochtaí a bhaineann le cláir chabhracha seachtraí an Aontais Eorpaigh a chur i ngníomh. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir le maoiniú beartaithe, nósanna imeachta agus tairbhithe ar fáil ar an leathanach seo.

Tá an Banc Eorpach Infheistíochta  gníomhach i líon is mó ná 150 tír (tíortha réamhaontachais Oirdheisceart na hEorpa, tíortha na Meánmhara is comhpháirtithe, Tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, an Áise agus Meiriceá Theas, an Áise Láir, an Rúis agus comharsana eile san Oirthear), ag obair dó chun comhar seachtrach agus beartais forbartha  AE (forbairt earnála príobháidí, forbairt bonneagair, slándáil an tsoláthair fuinnimh, agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil) arb é atá iontu crann taca airgeadais a chur i ngníomh.

Soláthraíonn an Banc Eorpach le haghaidh Athchóiriú agus Forbairt deiseanna do sholáthraithe, do chonraitheoirí agus do chomhairleoirí ar fud an domhain, a bhaineann den chuid is mó le tionscadail a mhaoiníonn BEAF ina réigiún oibríochtaí.  Ach tá líon teoranta deiseanna ann freisin chun tairiscint a chur isteach le haghaidh conarthaí a bhaineann le tionscadail agus ranna inmheánacha de chuid BEAF.

Soláthraíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint faisnéis maidir le nósanna imeachta tairisceana agus mionsonraí maidir le deiseanna conartha beo. 

Soláthraíonn Gníomhaireacht Spáis na hEorpa faisnéis maidir leis an gcaoi chun gnó a dhéanamh léi agus maidir le deiseanna soláthair.

Na Náisiúin Aontaithe, an Banc Domhanda agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile

Is é atá i Rannán Soláthair NA tairseach a sholáthraíonn rochtain ar fhaisnéis maidir le nósanna imeachta agus deiseanna soláthair a chuireann na Náisiúin Aontaithe agus a chuid gníomhaireachtaí ar fáil. Ar áireamh tá naisc chuig rannóga ceannaithe ghníomhaireachtaí uile NA, ag a raibh comhchaiteachas soláthair $14.5bn in 2010. 

Soláthraíonn suíomh gréasáin an Bhainc Dhomhanda faisnéis mhionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus deiseanna soláthair a eascraíonn i dtaca le tionscadail a mhaoiníonn an Banc Idirnáisiúnta le haghaidh Athchóiriú agus Forbairt (BIAF) agus/nó an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (CFI).

Is é atá sa Mhargadh Forbartha Tairsí (dgMarket) margadh domhanda ar líne a sholáthraíonn faisnéis maidir le tairiscintí a mhaoiníonn deontóirí agus rialtais. Faoi láthair, foilsíonn dgMarket fógraí tairisceana le haghaidh tionscadail a mhaoiníonn Banc Forbartha na hAfraice, Banc Forbartha na hÁise, EuropeAid, an Banc Eorpach le haghaidh Athchóiriú agus Forbairt, an Banc Eorpach Infheistíochta, ballstáit AE,  Phare/Tacis, agus an Banc Domhanda.

Maoiníonn Banc Forbartha na hÁise (BFÁ) tionscadail agus cláir forbartha i Réigiúin na hÁise agus an Aigéin Chiúin. Cruthaíonn an maoiniú sin deiseanna do phobail ghnó a chuid ballstát (lena n-áirítear Éire). Ar áireamh ar an láithreán gréasáin, tá leathanach deiseanna gnó a sholáthraíonn faisnéis maidir leis na riachtanais le haghaidh earraí, oibreacha, agus seirbhísí de chuid tionscadal atá á mbreithniú ag BFÁ.

Láithreáin ghréasáin soláthair eile

Tuaisceart Éireann

Tá naisc chuig deiseanna reatha gnó ar Shuíomh Gréasáin Stiúrthóireacht Soláthair Thuaisceart Éireann.

An Bhreatain Mhór

Déanann Seirbhís Soláthair Rialtas na Breataine soláthar lárnach a ghabháil de láimh thar ceann eagraíochtaí earnála poiblí.

Is é atá san Aimsitheoir Conarthaí  seirbhís saor in aisce a ligeann do sholáthraithe cuardach a dhéanamh le haghaidh deiseanna conartha earnála poiblí beo a fhógraíonn Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí éagsúla ar fud na Ríochta Aontaithe.

Is é atá in Údarás Feabhsaithe Póilíneachta na Ríochta Aontaithe tairseach ríomhfhoinsithe nó margadh ar líne, a sholáthraíonn rochtain ar dheiseanna conartha atá ar fáil trí eagraíochtaí ceannaithe in earnáil póilíneachta na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear conarthaí uilerialtais.

Tugann Conarthaí Poiblí na hAlban rochtain saor in aisce ar dheiseanna conartha in Albain, lena n-áirítear Údaráis Áitiúla na hAlban, Seirbhís Náisiúnta Sláinte na hAlban, Rialtas na hAlban, Gníomhaireachtaí agus Comhlachtaí Neamhrannacha Poiblí, Ardoideachas agus Breisoideachas agus Seirbhísí Éigeandála.

Tugtar léiriú ar http://www.dfid.gov.uk/procurement/procurement.asp ar an gcaoi a dhéanann Roinn na Breataine le haghaidh Forbairt Idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí a sholáthar.

Is é atá in "Sell 2 Wales"  suíomh a gcothabhálann Rialtas Thionól na Breataine Bige é agus a sholáthraíonn rochtain ar líne ar dheiseanna a fhógraíonn eagraíochtaí earnála poiblí sa Bhreatain Bheag.

Na Stáit Aontaithe

Is é "Fed Biz Opps" margadh fíorúil ilfhreastail Rialtas Feidearálach na Stát Aontaithe agus soláthraíonn sé rochtain ar mhargadh ar fiú suas le $500 billiún gach bliain é. Tríd an bpointe iontrála aonair sin, tig le díoltóirí faireachán agus cuardach a dhéanamh ar dheiseanna a aslaíonn an pobal conarthach Feidearálach uile agus faisnéis maidir leis an gcéanna a íoslódáil.  

An tSeapáin

Tugann an suíomh JETRO faisnéis maidir le nósanna imeachta soláthair agus deiseanna conartha.

An Astráil

Soláthraíonn AusTender foilsiú lárnach ar dheiseanna gnó de chuid Rialtas na hAstráile, pleananna soláthair bliantúla, liostaí ilúsáide agus conarthaí arna mbronnadh.

Ceanada

Soláthraíonn buyandsell.gc.ca faisnéis maidir le deiseanna conartha le haghaidh oibreacha poiblí feidearálacha agus seirbhísí rialtais i gCeanada.

Poblacht na Cóiré

Tá faisnéis áisiúil ar Public Procurement Service Korea maidir le margadh earnála poiblí na Cóiré, lena n-áirítear deiseanna agus nósanna imeachta soláthair phoiblí a mbeidh suim ag roinnt cuideachtaí Éireannacha iontu. (Nóta: Tá speisialtóir soláthair rialtais ag Poblacht na Cóiré atá ceangailte lena hAmbasáid i Londain.)

Singeapór

Is é GeBiz tairseach soláthair ilfhreastail Rialtais Shingeapór. Cuirtear iarrataí uile na hearnála poiblí le haghaidh meastachán agus tairiscintí suas ar GeBIZ. Tig le soláthraithe cuardach a dhéanamh le haghaidh deiseanna soláthair rialtais, a gcuid doiciméad tairisceana a íoslódáil, agus a gcuid tairiscintí a chur isteach ar líne.

Hong Cong

Is é atá in Hong Kong Treasury leathanach de chuid Chistíocht Hong Cong ar a bhfuil faisnéis ghinearálta maidir le conarthaí agus nósanna imeachta poiblí lena n-áirítear naisc chuig gníomhaireachtaí conraitheoireachta éagsúla.

An Mhalaeisia

Déanann Aireacht Airgeadais na Malaeisia a chothabháil agus tá faisnéis ghinearálta ann maidir le nósanna imeachta tairisceana rialtais mar aon le naisc chuig córas soláthair leictreonach na Malaeisia eperlohan (English)