Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Deiseanna soláthair linne

Comhlíonaimid sprioc-bheartas an Rialtais do sholáthar poiblí agus úsáidimid nósanna imeachta soláthair diana lena chinntiú go dtéann soláthraithe san iomaíocht dár ngnó ar shlí oscailte agus trédhearcach.

Ár mbeartas

Nuair atáimid ag bronnadh conarthaí, caithimid géilleadh do dhlíthe náisiúnta agus an AE, agus na treoirlínte cuí arna n-eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ó am go ham a leanúint.

Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh soláthar bheith oscailte agus cóir agus go gcaithfear féachaint go crua chun an luach is fearr a fháil ar airgead poiblí.  Caithimid bheith éifeachtúil ó thaobh costais de, éifeachtúil inár n-acmhainní a úsáid, agus caithimid na caighdeáin cothroime agus sláine is airde a léiriú uair ar bith a mbronnaimid conradh.

Freagracht

Déanann iniúchóir inmheánach agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste araon scrúdú agus iniúchadh ar chleachtais soláthair. Tá oifigigh chuntasaíochta cuntasach don Oireachtas i dtaca le comhlíonadh gach rialachán soláthair cuí náisiúnta agus an AE.

Lasmuigh dó sin, déanann Coimisiún an AE monatóireacht ar bhronnadh conarthaí poiblí agus is féidir leo caingean a thionscain i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má fhaigheann siad amach nach bhfuil stát ag cloí leis na rialacha.

Achomhairc

Má bhronntar conradh nach bhfuil ag cloí leis na rialacha, is féidir a dhúshlán a thabhairt i gcúirteanna na hÉireann. Faoi Rialacháin Leigheasanna an AE, is féidir anois le cúirteanna na hÉireann conarthaí a bhronntar go míchuí a chur go leataobh. Tá sé de chumhacht ag na cúirteanna freisin fíneáil a ghearradh ar údaráis chonarthachta a sháraíonn rialacháin soláthair de réir suas go dtí 10% de luach an chonartha, chomh maith le híoc as aon damáistí a ghearrann an chúirt.

Ár gcaighdeáin

Glacaimid go han-dáiríre leis na rialacha a bhaineann le soláthar poiblí, agus táimid lán tiomanta do thrédhearcacht, cothroime agus freagracht i ngach ngníomh ceannaithe dár gcuid. Ní cheannaímid ach earraí agus seirbhísí a cuireadh faoi phróiseas ceart iomaíochta ach amháin i gcúinsí eisceachtúla teoranta.

Cuireann an Roinn fáilte roimh ghnó trí Ghaeilge, agus glacfar le tairiscintí as Gaeilge. 

Tá sé d’aidhm againn sprioc-bheartas an Rialtais a chomhlíonadh ó thaobh nithe a bhaineann le inbhuanaitheacht chomhshaoil agus fiontair bheaga agus meánfhiontair nuair a cheannaímid aon oibreacha, earraí agus seirbhísí.

 

Cé atá freagrach?

Is iad ár n-aonaid ghnó in Éirinn agus Misin Aonaracha thar lear atá freagrach as ceannach, cé go bhfuil sin faoi réir mhaoirseacht ghinearálta ónár Rannán Seirbhísí Corparáideacha, lena n-áirítear Aonad tiomnaithe Soláthair.

Caithfidh na hearraí agus na seirbhísí ar fad a cheannaítear teacht faoi phróiseas iomaíochta, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla ar leith.

Úsáidimid na slite tairiscintí seo a leanas, ag brath ar luach measta an chonartha:

Níos lú ná €5,000

Faightear meastacháin ó íosmhéid de thrí sholáthraí iomaíocha agus glactar leis an meastachán is oiriúnaí nó an ceann is ísle praghais.

Idir €5,000 agus €25,000

Cuirtear sonraíochtaí agus iarratais ar mheastacháin scríofa ar an ríomhphost chuig thrí sholáthraí ar a laghad. Déantar luacháil go hoibiachtúil ar thairiscintí in aghaidh na riachtanas shonraithe agus glactar leis an tairiscint is oiriúnaí.

Idir €25,000 agus €130,000

Nuair atáthar ag ceannach sa réimse seo, go hiondúil fógraítear an próiseas tairisceana ar r-thairiscintí, Tairseach Rialtas na hÉireann do Sholáthar Poiblí. Déantar é seo chun deis tairisceana a thabhairt do FBManna ar fud oileán na hÉireann. Ar a shon sin, d’fhéadfadh sé ar chúinsí eisceachtúla nó práinneacha go gcaithimid tairiscintí a iarraidh díreach ó líon oibreoirí roghnaithe gan fógraíocht a dhéanamh.

Os cionn €130,000

Ag an leibhéal seo, foilsítear gairmeacha ar thairiscintí ar r-thairiscintí agus in Iris Oifigiúil an AE. Bronntar conarthaí os cionn an tairsí seo de réir Threoir AE 2004/18/EC arna trasuíomh go dlí na hÉireann ag European Communities (Award of Public Authorities’ Contracts) 2006 (I.R. 329 de 2006).

An tSeirbhís Náisiúnta Soláthair (SNS)

Úsáidimid earraí agus seirbhísí ar leith ó chreat chonarthaí  éigeantacha pan-rialtais SNS. Áirítear ina measc:

  • Fógraíocht
  • Leictreachas
  • Gás Nádúrtha
  • Stáiseanóireacht agus páipéar

Úsáidimid roinnt creataí comhoibríocha chomh maith, atá ar fáil go ginearálta do Ranna Rialtais agus do chomhlachtaí poiblí lena n-áirítear creataí do sheirbhísí grianghrafadóireachta agus do sheirbhísí aistriúcháin. Is féidir tuilleadh eolais faoi na socruithe seo a fháil ar shuíomh gréasáin an SNS

 

Cumarsáid agus seirbhísí agus trealamh TFC

Tá riachtanais leanúnacha againn do réimse leathan crua-earraí agus bogearraí ICT chomh maith le seirbhísí tacaíochta ICT agus teileachumarsáide. Foilsítear sonraí ar shuíomh gréasáin rthairiscintí de réir agus nuair a thagann riachtanais shonracha chun cinn.

Baineann ár nAonad ICT úsáid as Comhaontaithe Creat Láraithe atá curtha in áit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, printéirí agus seirbhísí fón póca a cheannach. Baineann sé úsáid freisin as Lárchonradh SNS do Thomhaltáin ICT

Áirithe i measc na dtairiscintí suntasacha ICT le déanaí tá:

nasc agus seirbhísí domhanda teileachumarsáide (bandaleithead);

acmhainní deisce cabhrach ICT  

creat-chomhaontú chun pearsanra ginearálta tacaíochta ICT de réir agus nuair a thagann riachtanais shonracha chun cinn thar na ceithre bliana amach romhainn;

Córas creidiúnaithe do thoscairí agus do na meáin chumarsáide d’ócáidí idirnáisiúnta ar an mórchóir;

Córas chun Clárúchán Breitheanna Coigríche agus doiciméadúchán consalachta ar leith a bhainistiú. 

Teicneolaíocht pasanna

Ceannaímid uathchóras táirgthe pasanna le déanaí ina bhfuil gnéithe slándála úrscothach lena n-áirítear bithmhéadracht. Beidh riachtanais leanúnacha ag Oifig na bPasanna sa réimse seo agus tá suim againn i gcónaí cloisteáil ó sholáthraithe a bhfuil teicneolaíochtaí nua acu agus atá éifeachtúil ó thaobh costais de.

Tá foirmeacha iarratais do phasanna, leabhráin do phasanna (lena n-áirítear réimse gnéithe slándála ionsuite) agus leathanaigh sonraí polacarbónáite (chun eolas bithmhéadrach a stóráil) ag teastáil uainn freisin. Cuireadh na riachtanais seo amach ar tairiscint phoiblí in 2012 agus tá conarthaí nua il-bliantúil á gcur in áit.

Foilseofar riachtanais Oifig na bPasanna a thagann chun cinn in 2013 ar an tairseach eTenders.

Seirbhísí taistil agus athlonnaithe

Teastaíonn seirbhísí taistil agus athlonnaithe uainn i gcónaí. Déanann an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair soláthar lárnach ar sheirbhísí áirithinte aerthaistil agus is ag Carlson Wagonlit Travel atá an conradh reatha.

Úsáidimid creat-chomhaontú il-soláthraithe iomaíoch do sheirbhísí aistrithe do ghiuirléidí le hoifigigh atá ag athlonnú. Tá súil againn go bhfanfaidh an creat seo in áit go dtí 2014, tráth a reáchtálfar próiseas nua tairisceana.

Teastaíonn tiománaithe gluaisteán d’ardchaighdeán agus seirbhísí iompair coimhdeacha uainn go hócáideach do chuairteanna Stáit agus do chuairteanna oifigiúla ardleibhéil chun na hÉireann. Tá creat il-soláthraithe in áit againn do na seirbhísí sin, a ritheann go Meán Fómhair 2013.

Post dioplómaitiúil

Sheol muid tairiscint fógartha don riachtanas seo le déanaí agus tá conradh nua il-bliantúil le cur in áit go luath.

Seirbhísí comhairleachta

Teastaíonn seirbhísí comhairleachta bainistíochta uainn (agus ó Chúnamh Éireann go sonrach) go hócáideach chun comhairle nó saineolas a sholáthar nach bhfuil ar fáil ar aon bhealach eile i dtaca le cinntí straitéiseacha a dhéanamh agus sprioc-bheartais d’ardleibhéal. Fógraítear sonraí ár riachtanas ar shuíomh gréasáin r-thairiscintí de réir agus nuair a thagann siad chun cinn.

Soláthair oifige

Déantar priontáil, stáiseanóireacht, tomhaltáin oifige, éidí agus troscáin a sholáthar go ginearálta ar bhunús conarthaí láraithe tarraingthe síos arna dtairiscint ag An tSeirbhís Náisiúnta Soláthair. D’fhéadfaí go gceannófaí riachtanais shonracha go leithleach ó am go ham.

Seirbhísí slándála,  glantacháin oifige

Tá sé i gceist againn ath-thairiscint a lorg ar sheirbhísí glantacháin oifige agus ar sheirbhísí seasta slándála in 2013. Foilseofar sonraí ar rthairiscintí in am tráth.

 

Léigh anseo faoinár n-oibleagáidí Pras Íocaíochta chuig soláthraithe agus féach ar staitisticí ráithiúla faoin achar ama a thóg sé soláthraithe a íoc.

Nósanna imeachta pras íocaíochta

Táimid tiomanta gach iarracht a dhéanamh ár soláthraithe a íoc go pras. Agus is féidir leat cuidiú trí chinntiú go soláthraíonn tú:

  • Sonraisc chearta
  • Sonraí cruinn cuntas bainc
  • A chinntiú go bhfuil do stádas Imréitigh Cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim cothrom le dáta

Maidir le conarthaí san earnáil phoiblí ar fiú €10,000 (CBL san áireamh) iad nó níos mó laistigh de thréimhse aon 12-mí, beidh ar an gconraitheoir (agus gníomhaire nó fochonraitheoir de réir mar is cuí) ceachtar de dheimhniú imréitigh cánach bailí nó deimhniú C2 a chur ar fáil. Is sainordú é seo. Is féidir leat gach eolas faoi nós imeachta imréitigh cánach a fháil ar an láithreán gréasáin atá ag na Coimisinéirí Ioncaim Coimisinéirí Ioncaim.

Reachtaíocht i dtaca le pras íocaíochta cuntas

Tá íocaíocht sonrasc arna rialú ag an Acht um Íoc Pras Cuntas1997arna leasú ag an Ionstraim Reachtúil 580 de 2012, a tháinig i bhfeidhm an 16 Márta 2013 agus a dhéanann trasuíomh ar Threoir an AE 2011/7/AE chun Íocaíocht Dhéanach in Idirbheart Tráchtála a Chomhrac. Chúlghairm sé an Ionstraim Reachtúil 388 de 2002 a bhí ann roimhe sin.    

Faoin reachtaíocht ceadaítear mura bhfuil an dáta nó an tréimhse don íocaíocht socraithe sa chonradh, go mbíonn an creidiúnaí i dteideal úis ar íocaíocht déanach nuair a théann aon cheann de na teorainneacha ama a leanas in éag:

  • 30 lá féilire tar éis an dáta a bhfaightear an sonrasc nó iarratas coibhéiseach ar íocaíocht
  • Má tá an dáta a bhfaightear an sonrasc nó an t-iarratas coibhéiseach ar íocaíocht neamhchinnte, 30 lá féilire tar éis an dáta a fhaightear na hearraí nó na seirbhísí
  • Mar riail ghinearálta caithfidh Údaráis Phoiblí íoc, laistigh de 30 lá

Ní féidir leis an soláthraí íocaíocht úis a tharscaoileadh agus caithfidh sé a bheith san áireamh leis an suim iníoctha ar na hearraí nó na seirbhísí gan bheith ar an soláthraí íocaíocht a éileamh.

Ón 16 Márta 2013, is é an ráta tagartha infheidhmithe (ráta curtha i bhfeidhm ag BCE) chomh maith leis an ús reachtúil ar íocaíochtaí déanacha ná 8%. Is féidir suimeanna beaga úis a ghearradh ar íocaíocht dhéanach. Is féidir leat ráta BCE a sheiceáil ar an suíomh gréasáin atá ag an mBanc Ceannais Banc Ceannais agus ag Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann nó ar an suíomh gréasáin atá ag Banc Ceannais na hEorpa.

Níl aon íosmhéid infheidhmithe i dtaca le híocaíocht úis. Chomh maith le hús a fháil ar íocaíocht dhéanach tá an soláthraí i dteideal cúiteamh uathoibríoch freisin (gan gá le meabhrúchán a eisiúint) d’íosmhéid de €40 má tá an sonrasc níos lú ná €1,000. Tugtar sonraí faoi scála cúitimh sa Leabhar Reachtannna Sceideal don Ionstraim Reachtúil. Déantar soláthar sa Sceideal don tSuim cúitimh atá iníoctha faoi Rialachán 9 mar seo a leanas:

Níos lú ná €1000   €40
 Os cionn €1,000 ach níos lú ná €10.000  €70
 Os cionn €10,000  €100

Chomh maith leis sin, caitear cleachtas inghlacthachta agus fíorúcháin in údaráis phoiblí chuig gnó (PA2B) a sholáthar sa chonradh.  Níor chóir go mbeadh an t-uasmhéid ama níos faide ná 30 lá féilire ón dáta a bhfaightear na hearraí/seirbhísí mura bhfuil comhaontú eile déanta sa chonradh agus sa doiciméad tairisceana agus mura bhfuil sé an-mhí-éagórach don chreidiúnaí.

Ceisteanna sonraisc

Tá 10 lá oibre againn le sonrasc mícheart a sheoladh ar ais agus caithimid ráiteas scríofa a chur leis ina bhfuil na lochtanna líomhnaithe a chuireann cosc ar íocaíocht a dhéanamh. Tar éis dúinn glacadh leis an sonrasc ceartaithe, déanaimid ár ndícheall íocaíocht a eisiúint laistigh de 15 lá.

Ní chuireann an reachtaíocht dualgas orainn íocaíocht a dhéanamh le soláthraí ar theip orthu nó atá ag diúltú iarratas a chomhlíonadh chun deimhniú imréitigh cánach a chur ar fáil agus méadaíonn sí an teorainn ama reachtúil d’íocaíocht go sainráite nuair atá moill ar dheimhniú imréitigh cánach a thabhairt. Chomh maith leis sin, ní théann an tAcht i bhfeidhm ar an asbhaint ó thaobh siarchoinneáil cánach as aon íocaíocht le soláthraí.

Ceangaltas íocaíochta 15-lá

Thug an Rialtas isteach riachtanas neamhreachtúil eile in Meitheamh 2009 chun an tréimhse íocaíochta ó Ranna Láraithe Rialtais chuig a gcuid soláthraithe ó 30 go 15 lá. Tá gach iarracht, i gcomhréir le nósanna imeachta cearta airgeadais, á dhéanamh chun a chinntiú go n-íoctar gach soláthraí laistigh den fráma ama seo.

Tuarascálacha ráithiúla

Tá sé de dhualgas orainn tuarascálacha staitistiúla ráithiúla a fhoilsiú chun ár bhfeidhmíocht i dtaobh íocaíochta pras a thaispeáint. Íoslódáil na tuarascálacha seo:

2009

2010

2011

2012

2013

2014

Ag teacht leis an ngealltanas sa chuid “Grinnscrúdú Airgeadais Níos Éifeachtaí” den Chlár don Rialtas, foilsíonn an Roinn seo sonraí na n-íocaíochtaí a dhéantar maidir le hearraí agus seirbhísí a bhfuil luach €20,000 nó níos mó orthu. Foilseofar an t-eolas sin go ráithiúil i riaráistí agus is féidir é a fháil trí chliceáil ar na naisc thíos.

2012

2013

2014

Procurements/ Project Progress

Details of all procurements (capital and current) where the value exceeds €2m.

Procurements/Project Progress - 2014

 

Pursuant to the requirements of the Public Spending Code, procurements by the Department of Foreign Affairs in excess of €10 million will be published here.

2022 Contracts Awarded Exceeding €10 million

There was one procurement by the Department of Foreign Affairs in excess of €10 million in 2022

The information published below is in respect of the Departments obligations for the year under review i.e. 2022

2022 Return 20m Ireland House Tokyo