Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

I mbun gnó le hÉirinn

Tríd an líonra Ambasáidí agus na gníomhaireachtaí stáit, tugann Éire raon iomlán tacaíochtaí do ghnólachtaí, ag baile agus thar lear araon. Mar sin más mian leat infheistiú in Éirinn, deiseanna a thógáil thar lear, nó teacht ar cuairt go hÉirinn, tá an saineolas ceart againne chun tú a threorú.

Samuel Beckett Bridge, Dublin

Mar is féidir linn cúnamh a thabhairt

Ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, oibríonn an fhoireann agus foireann an Líonra Ambasáidí go dlúth le gníomhaireachtaí stáit na hÉireann chun trádáil, turasóireacht agus infheistíocht isteach a chur chun cinn. Is féidir linn na nithe a leanas a chinntiú:

  • Tacú le cuideachtaí Éireannacha ar mian leo margaí nua a aimsiú agus a rochtain agus ansin cuidiú leo dul i ngleic le deacrachtaí tráchtála nuair is féidir
  • Comhairle ghinearálta a chruthú maidir le dul i mbun gnó go háitiúil, agus tríd an líonra teagmhálacha, dul sa tóir ar dheiseanna onnmhairithe agus infheistíochta a rachaidh chun sochair na hÉireann
  • Oibriú chun rochtain ar an margadh slán a chinntiú do tháirgí na hÉireann in earnálacha tábhachtacha i margaí ardfháis agus margaí atá ag teacht chun cinn

Ag obair le gníomhaireachtaí stáit

Is cuid den straitéis sin againne a bhfuil ag éirí chomh maith sin léi a bheith ag obair leis an saineolas cuí sna gníomhaireachtaí stáit iomchuí.

Bord Bia

Gníomhaíonn an Bord Bia, mar nasc idir sholáthróirí bia, dí agus gairneoireachta na hÉireann agus custaiméirí reatha agus custaiméirí a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud an domhain.  Tá líonra oifigí thar lear ag Bord Bia in Amstardam, Dusseldorf, Londain, Maidrid, Milano, Moscó, Nua-Eabhrac, Páras, Shang-hai agus i Stócólm.

Fiontraíocht Éireann

Is í Fiontraíocht Éireann (EI) an eagraíocht rialtais atá freagrach as fiontair na hÉireann a fhorbairt agus a chothú ar mhargaí an domhain. Tá líonra de naoi n-oifigí réigiúnacha acu ar fud na hÉireann agus i mbreis agus 30 áit go hidirnáisiúnta.

An tÚdarás Forbartha Tionscail (IDA)

Tá gníomhaireacht chur chun cinn infheistíochta isteach na hÉireann, An tÚdarás Forbartha Tionscail, freagrach as infheistíocht ó thar lear a mhealladh agus a fhorbairt in Éirinn. Tá 18 n-oifig idirnáisiúnta ag an Údarás Forbartha Tionscail.

Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Infheistíonn Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) i dtaighde acadúil as a gceaptar go gcothófar eolas nua, teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus fiontair iomaíochta ó thaobh na heolaíochta agus na hinnealtóireachta. Mar aon leis an méid a bhaintear amach in Éirinn a chur chun cinn ar fud an domhain, tacaíonn SFI le comhoibriú idir oideachas, rialtas agus tionscail.

Turasóireacht Éireann

Déanann Turasóireacht Éireann margaíocht ar oileán na hÉireann mar cheann scríbe saoire thar lear. Cruthaítear cláir mhargaíochta den chéad scoth agus cuirtear i bhfeidhm iad agus soláthraítear deiseanna do chomhpháirtithe tionscail chun margaíocht a dhéanamh ar a gcuid táirgí agus a seirbhísí féin i gcomhar le Turasóireacht Éireann thar lear.