Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Embassy Information

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetuer adipiscing elit,sed diam nonummy nibh euismod tincidunt ut laoreet dolore magna aliquam erat volutpat.

Ut wisi enim ad minim veniam, quis nostrud exerci tation ullamcorper suscipit lobortis nisl ut aliquip ex ea commodo consequat. Typi non habent claritatem insitam; est usus legentis in iis qui facit eorum claritatem. Investigationes demonstraverunt lectores legere me lius quod ii legunt saepius.

/media/dfa/styleassets/images/Foreign-Affairs-and-Trade-White-80.png

An tAmbasadóir Paul Gleeson

 Is é Paul Gleeson an chéad Ambasadóir cónaithe de chuid na hÉireann sa tSile.

Ina ghairm le Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann, rinne Paul ionadaíocht ar son Rialtas na hÉireann san Eoraip, san Afraic agus i Meiriceá Thuaidh. Ba é an post ba dhéanaí a bhí aige post mar Ard-Chonsal na hÉireann in Atlanta, áit ar bhunaigh sé an chéad Chonsal Éireannach nua i SAM ó na 1930idí.

Roimhe sin, d’fhóin sé thar lear ag Ambasáid na hÉireann in Pretoria na hAfraice Theas; ag Ionadaíocht Bhuan na hÉireann leis an Aontas Eorpach sa Bhruiséil, an Bheilg; agus ag Misean na hÉireann chuig an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) i bPáras na Fraince.

Ag an gCeanncheathrú, d’fhóin Paul mar Stiúrthóir Straitéise agus Feidhmíochta, mar aon le poist i Rannáin Angla-Éireannacha agus Comhoibrithe Forbartha na Roinne. Ba é an ról ba dhéanaí a bhí aige ná mar Stiúrthóir Beartais do Thánaiste na hÉireann agus don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ó 2017-2019.

Is céimí ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ón London School of Economics é Paul. Tá sé pósta le Alita agus tá ceathrar leanaí acu: Zach, Daniel, Ameliana agus Íde Rose.

Social Media

Follow @SimonCoveney on Twitter.