Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Réiteach coinbhleachta

Oibrímid leis an bpobal idirnáisiúnta chun réiteach coinbhleachta a chur chun cinn ar fud an domhain. Dírímid ár gcuid iarrachtaí ar shíochánaíocht, ar shíocháin a chothú agus ar an méid a d’fhoghlaimíomar ó phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann a roinnt.

An tAonad um Réiteach Coinbhleachta

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a bhunaigh an tAonad um Réiteach Coinbhleachta (CRU) in 2007 chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht na hÉireann i réiteach coinbhleachta go hidirnáisiúnta trí tharraingt ar na nithe seo a leanas:

  • Traidisiún síochánaíochta na hÉireann leis na Náisiúin Aontaithe
  • Ár dtiomantas do chúnamh forbartha thar lear
  • Ár dtaithí le próiseas na síochána i dTuaisceart Éireann
  • Ár dtiomantas do chearta daonna agus do riail idirnáisiúnta an dlí

Ár gcuid oibre

An méid a d’fhoghlaimíomar ó phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann a roinnt

Tá a thréithe agus a chomhthéacs sonrach féin ag cás Thuaisceart Éireann, ar aon dul le gach coinbhleacht.  Ach tá roinnt gnéithe den sórt céanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht ansin agus próisis réitigh coinbhleachta eile ar fud an domhain. 

Roinnimid na ceachtanna atá foghlamtha ó phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann le réigiúin eile atá ag dul i ngleic le coinbhleacht anois nó atá ag cur coinbleachta díobh anois.   Tá deis ag ceannairí polaitíochta ó thíortha eile scrúdú a dhéanamh ar chur chuige na hÉireann ar choinbhleacht a réiteach, trínár gcuid clár. Agus d’fhoghlaim muide freisin ó dhaoine atá ag dul i ngleic leis na saincheisteanna céanna.   

Ag obair leis an OSCE

Le linn Chathaoirleacht-in-Oifig na hÉireann ar an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip(OSCE) in 2012, bhaineamar úsáid as ár gcuid taithí ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann chun cabhrú le hiarrachtaí cuid de na coinbhleachtaí is faide atá ar siúl i réigiún an OSCE a réiteach.

Thionólamar comhdháil idirnáisiúnta dar teideal ‘Shared Future: Building and Sustaining Peace, the Northern Ireland case study’ – an chéad uair ar thionóil Éire comhdháil idirnáisiúnta ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann.  

Tugadh raon leathan polaiteoirí sinsearacha le chéile ag an ócáid seo a raibh taithí phearsanta acu sa phróiseas síochána chun a dtaithí sin a roinnt leis na Stáit OSCE a bhí rannpháirteach.  Ba é iar-Uachtarán na Fionlainne agus buaiteoir Duais Nobel na Síochána, Martti Ahtisaari a bhí ina bun. Labhair iar-Sheanadóir na Stáit Aontaithe, George Mitchell, a bhí ina chathaoirleach ar na hidirbheartaíochtaí do Chomhaontú Aoine an Chéasta, ag an gcomhdháil freisin.

Rún 1325 de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, Slándáil agus Síocháin

Cuirtear béim le Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) 1325 ar sheasamh sainiúil na mban i gcásanna coinbhleachta. Lorgaítear na nithe a leanas leis an Réiteach:

  • ardú ar rannpháirtíocht na mban i bpróisis maidir le síochánaíocht agus le cothú na síochána
  • cosaint do mhná agus do chailíní i gcoinbhleacht armtha
  • ionchorprú peirspictíocht inscne i bpróisis maidir le síochánaíocht agus le cothú na síochána

Agus UNSCR 1325 ar an bhfód le deich mbliana i mí Dheireadh Fómhair 2010 bhí aird idirnáisiúnta níos mó ar an Réiteach agus chomh lag agus a feidhmíodh go domhanda é go dtí sin.

Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann maidir le UNSCR 1325

Tharraing comóradh deich mbliana UNSCR 1325 i mí Dheireadh Fómhair 2010 tuilleadh airde idirnáisiúnta ar an Rún agus a chur i bhfeidhm domhanda lag go dtí seo.   Thug Éire faoi chur chuige nuálach chun Plean Gníomhaíochta Náisiúnta (NAP) a dhréachtú ar chur i bhfeidhm 1325 trí chomhairliúchán idir-rannach agus na sochaí sibhialta a chónascadh le tionscnamh tras-fhoghlama idirnáisiúnta.

Thug an tionscnamh tras-fhoghlama mná agus fir ón Tíomóir-Leste, ón Libéir agus as Éirinn/Tuaisceart Éireann le chéile chun  tarraingt ar a dtaithí dhíreach ar conas is fearr ceannaireacht agus leasanna na mban a chur chun cinn i réiteach coinbhleachta agus i gcothú na síochána. Reáchtáladh cruinnithe ardleibhéil i dTuaisceart Éireann agus i dTíomóir-Leste in 2009, agus sa Libéir in Aibreán 2010.

Cuireadh an tuarascáil deiridh den phróiseas i láthair na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac in 2010 chun comóradh a dhéanamh ar dheich mbliana ó thángthas ar an réiteach. Táthar ag súil go mbeidh na moltaí sa tuarascáil sin mar chuidiú do bheartais ag na Náisiúin Aontaithe, agus in eagraíochtaí eile mar an tAontas Eorpach, an tAontas Afracach agus an OSCE.

I mí na Samhna 2011, seoladh  Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann maidir le UNSCR 1325 (NAP). Tógfaidh monatóireacht agus meastóireacht an NAP ar ghnéithe dearfacha an phróisis dhréachtaithe.

Déanaimid maoirsiú ar Chomhghrúpa Monatóireachta agus Meastóireachta ar Phlean Gnímh Náisiúnta an Rialtais-na Sochaí Sibhialta, atá faoi chathaoirleachta an iar-Aire Stáit, Liz McManus. Déanaimid maoirseacht ar Chomhghrúpa Monatóireachta agus Meastóireachta Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta an Rialtais-An tSochaí Shibhialta, faoi chathaoirleacht an Iar-Aire Stáit, Liz McManus. Faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta, tá sé de dhualgas ar an gCoiste Monatóireachta agus Meastóireachta teacht le chéile uair in aghaidh na leathbhliana chun ionchur a thabhairt agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm UNSCR 1325. Mar chuid den phróiseas monatóireachta coimisiúnaíodh Tuarascáil Dhul Chun Cinn Mheán-Téarma chun meastóireacht agus taifeadadh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm an NAP.  I mí na Samhna 2013, thionóil an Grúpa Monatóireachta agus Meastóireachta comhdháil chun torthaí na Tuarascála Dul Chun Cinn Meán-Téarma a phlé agus leagfar béim phraiticiúil ar conas leanúint le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta agus conas é a fheabhsú i dtrí phríomhréimse:  Mná, Slándáil agus Síochánaíocht; 1325 i dTuaisceart Éireann agus Rannpháirtíocht na mBan i gCásanna Coinbhleachta agus Iarchoinbhleachta.  Thug an ócáid seo oifigigh rialtais, lucht cleachtais agus baill den tsochaí sibhialta le chéile chun na saincheisteanna sin a phlé.

Tá an tIonad um Réiteach Coinbhleachta freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Chomhghrúpa Monatóireachta agus Meastóireachta Phlean Gníomhaíoctha Náisiúnta an Rialtais-An tSochaí Shibhialta. Ceapadh an tIar-Aire Stáit Liz McManus ina Cathaoirleach neamhspleách ar an ngrúpa seo in 2012.

Ag obair leis an tsochaí shibhialta

Tá teagmháil le hEagraíocthaí Neamhrialtais (NGO-anna) Náisiúnta agus Idirnáisiúnta ina chainéal thar a bheith luachmhar agus úsáideach ionas gur féidir le hÉire rochtain a fháil ar phróisis síochána agus síocháin a thógáil.   Tá caidreamh láidir ag an Ionad um Réiteach Coinbhleachta le roinnt comhpháirtithe NGO idirnáisiúnta. Tá caidreamh láidir tógtha againn le roinnt comhpháirtithe NGO mar na cinn seo a leanas:

Oibrímid go dlúth leis an Eagraíocht Neamhrialtais Éireannach, Ionad Síochána agus Athmhuintearais Ghleann Crí, ar a gcláir idirnáisiúnta.

Oibriú leis na Náisiúin Aontaithe

Is comhpháirtí sinn le roinnt gníomhaireachtaí ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear:

Oibriú leis an bpobal acadúil

Scéim Scoláireachta Andrew Grene

Ritear Scéim Scoláireachta bhliantúil Andrew Grene i gcomhar le Comhairle na hÉireann um Thaighde chun tacú le mic léinn PhD a bhíonn i mbun staidéir ar thaighde ar réiteach coinbhleachta agus cothú na síochána. Tá an Scéim ainmnithe in onóir Andrew Grene, an t-oibrí Éireannach de chuid na Náisiúin Aontaithe a bhásaigh go tragóideach i mí Eanáir 2010, mar thoradh ar chrith talún in Háítí.

An Tionscnamh Forbartha Taighde

Tugaimid tacaíocht do scéim taighde acadúil, an Tionscnamh Forbartha Taighde, a chothaíonn comhoibriú idir Ollscoileanna na hÉireann agus a chuireann ar chumas phobal acadúil na hÉireann feabhas a chur ar idirbheartaíocht idirnáisiúnta sa réimse réitigh coinbhleachta idirnáisiúnta.

Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil

Cuireann Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) béim ar sheasamh ar leith na mban i gcúinsí coinbhleachta trí na nithe seo a leanas a éileamh:

  • Rannpháirtíocht mhéadaithe na mban i bpróisis síochánaíochta agus i gcothú na síochána
  • Cosaint do mhná agus do chailíní i gcoinbhleacht armtha
  • Gné na hinscne le hionchorprú i bpróisis síochánaíochta agus i gcothú na síochána


National Action Plan UNSCR 1325 imageTarraingíodh aird ar NAP na hÉireann ar UNSCR 1325 agus sainaithníodh é mar shamhail dea-chleachtais go hidirnáisiúnta i dtéarmaí rannpháirtíocht na Sochaí Sibhialta i ndréachtú agus i monatóireacht.

In 2013, choimisiúnaigh agus d’fhoilsigh an Grúpa Monatóireachta ar Fheidhmiú Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann ar UNSCR 1325 Tuarascáil Lár Téarma ar Dhul Chun Cinn Fheidhmiú UNSCR 1325 neamhspleách.

Bíonn ról tábhachtach ag Buanmhisean na hÉireann do na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac i gcur chun cinn shaincheisteanna Slándála agus Síochána Ban agus ghlac sé páirt go gníomhach i “nGrúpa de Chairde UNSCR 1325”. Glacann Éire páirt i dTascfhórsa an AE agus cuireann comhtháthú tiomantas a bhaineann le UNSCR 1325 chun cinn i bhfóraim éagsúla, lena n-áirítear an Human Security Network, (HSN), International Network on Conflict and Fragility agus Network on Gender Equality an OECD/DAC (GENDERNET). Chuir Éire tacaíocht ar fáil freisin d’Oifig Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na NA ar Fhoréigean Gnéasach i gCoinbhleacht. Féadfaidh tú fanacht cothrom le dáta ar ghníomhaíocht na hÉireann ar Mhná, ar an tSíocháin agus ar an tSlándáil ar an Táb ar Nuacht agus ar Ghníomhaíochtaí thíos.