Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Neodracht

Beartas neodrachta na hÉireann

Tá beartas neodrachta míleata á leanúint ag rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile, agus is saintréith a bhaineann leis sin nach bhfuil ballraíocht againn i gcomhghuaillíochtaí míleata.

osce-lessons-learned-george-mitchell

Tagann beartas neodrachta na hÉireann leis an tslí a mbímid ag cur síocháin agus cobhsaíocht idirnáisiúnta chun cinn. Táimid tiomanta dár n-oibleagáidí mar chomhaltaí de na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear an oibleagáid, faoi chaibidil 7 de Chairt an UN, cuidiú le feidhmiú Réitigh Chomhairle Slándála an UN a bhfuil síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a choimeád mar aidhm leo.

Thar na mblianta, is chun leasa dúinn a bhí ár mbeartas maidir le neodracht mhíleata agus na luachanna lena mbaineann, mar aon leis an gcúlra neamhchóilíneach a bhí againn agus sinn ag iarraidh a bheith ina gcomhalta cuiditheach den phobal idirnáisiúnta. Níor ghlac Rialtais i ndiaidh a chéile leis gur ionann a bheith neodrach agus gan aon ní a dhéanamh; is amhlaidh gur fheabhsaigh sé ár gclú go hidirnáisiúnta agus go gcuireann sé ar ár gcumas a bheith gníomhach níos éifeachtaí inár n-iarrachtaí le síocháin agus forbairt a chur chun cinn tríd an UN, an tAontas Eorpach agus ár ngníomhartha déthaobhaigh féin.

Tá sraith luachanna a chuireann leis an mbeartas sin – lena n-áirítear cearta daonna a chosaint, tacú le forbairt, agus dí-armáil a chur chun cinn agus fáil réidh le hairm ollscriosta – agus feictear sin dúinn mar nithe a chuidíonn go bunúsach le gnéithe míleata de bheith neodrach.

Tá ráthaíocht faighte ag Éire faoi Chonradh Liospóin go bhfanfaidh beartas neodrachta na tíre seo mar a bhí riamh anall mar a bhí gan athrú agus gan difear ag daingniú an Chonartha.