Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Na Náisiúin Aontaithe

Tá comhaltas na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe lárnach dár mbeartas eachtrach ó chuamar isteach leo i 1955. Is é an prionsabal agus na luachanna a chumhdaítear i gCairt NA ná cinn a dhéanaimid ár ndícheall a chur chun cinn agus a chosaint i gcónaí.

Is comhspriocanna na hÉireann, agus ár gcomhpháirtithe AE iad na prionsabail agus na luachanna a chumhdaítear Cairt na NA, lena n-áirítear:

  • síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a chothabháil
  • réiteach síochánta ar dhíospóidí a chur chun cinn
  • cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint
  • forbairt gheilleagrach agus shóisialta a chur chun cinn

Tá ról tábhachtach ag na NA maidir le tabhairt faoi na dúshláin atá ann sa lá atá inniu ann: athrú aeráide; bochtaineacht dhomhanda; cearta an duine a chosaint; deireadh a chur le bagairt armán núicléach; síochánaíocht i limistéir choimhlinte; agus, cabhair a thabhairt i ngéarchéim daonnúil de bharr tubaiste nádúrtha nó coimhlinte.

Éire agus na Náisiúin Aontaithe

Táimid ina gcomhalta de na NA ó 1955 agus bíonn idirchaidreamh againn leis na NA agus a ngníomhaireachtaí go príomha trínár Misin Bhuana chun na NA i Nua Eabhrac, sa Ghinéiv agus sa Vín. Cé gur tír bheag atá inti, tá Éire in ann tionchar a imirt ar cheisteanna domhanda trínár rannpháirtíocht ghníomhach sna NA.

An Chomhairle um Chearta an Duine

Rinneadh muid a thoghadh chun na Comhairle um Chearta an Duine (HRC) de chuid na NA le déanaí don tréimhse 2013-2015 agus leis sin beidh ardán feiceálach le tacú le Cearta an Duine sa tréimhse atá romhainn.

Síochánaíocht

Tá traidisiún bródúil ag Éirinn in oibríochtaí síochánaíochta NA Tá breis agus caoga bliain caite ag trúpaí na hÉireann ar fónamh faoi bhrat na NA ar mhaithe le síocháin ar fud an domhain.

Cabhair Forbartha

Tacaímid le príomhghníomhaireachtaí forbartha NA agus trí sin is féidir le hÉirinn clúdach ár gclár forbartha féin a leathnú.

Éireannaigh ag na NA

D’fhóin náisiúnaigh Éireannacha sna NA le dearscna.  D’fhóin Iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, mar Ard-Choimisinéir NA do Chearta an Duine ó 1997 – 2002 agus ceapadh í ina Toscaire Speisialta NA le haghaidh réigiún Mór-Lochanna na hAfraice i Márta 2013.