Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éire agus an AE

Chuidigh ár gcomhaltas den Aontas Eorpach chun Éire a athrú ó bhonn. Táimid tiomanta ár dtír a choimeád ag croílár na hEorpa trínár gcaidreamh le ballstáit AE eile a fhorbairt agus a threisiú.

FLAGS-European-Parliament-Strasbourg

  • Forléargas
  • Mar a oibrímid

Forléargas

Forléargas

Ár gcaidreamh leis an AE

Mar thír bheag, tuigimid go bhfuil Aontas Eorpach éifeachtach riachtanach dúinne chun ár spriocanna a bhaint amach, anseo ag baile agus ar an stáitse idirnáisiúnta.

Mar sin táimid tiomanta ár seasamh mar chomhpháirtí cuiditheach san Eoraip a fheabhsú. Déanaimid sin trí oibriú tríd an AE chun tionchar a bheith againn ar ghnóthaí idirnáisiúnta a dhéanann difear d’Éirinn. Agus cinntítear sin trí bheith rannpháirteach ar raon iomlán tosaíochtaí beartas san Aontas lena chinntiú go mbeidh leasanna na hÉireann curtha san áireamh lena mbreithniú.

Buntáistí an AE

Duitse

  • Mar shaoránach na hÉireann, is féidir leat bogadh go saorálach idir tíortha AE ar mhaithe le hobair nó don phléisiúr
  • Más úinéir gnó beag tú, is féidir leat teacht a bheith agat ar 500 milliún tomhaltóir sa Mhargadh Aonair
  • Mar chéimí Éireannach, bíonn do cháilíochtaí aitheanta go hiomlán i 27 tír eile
  • Is féidir leatsa do pháirt a ghlacadh maidir le forbairt beartais AE tríd an Tionscnamh Saoránaigh na hEorpa, trí iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach moladh reachtach a dhéanamh

D’Éirinn

  • Tugann ár gcomhaltas den AE guth níos láidre dúinne ar an stáitse domhanda
  • Cuidíonn beartais AE feadh réimsí éagsúla, mar an Comhbheartas Talmhaíochta (CAP), Cistí Struchtúrtha agus Comhtháite agus an Margadh Aonair, chun saol mhuintir na hÉireann agus saol dhaoine ar fud na hEorpa a fheabhsú

Do chách

  • Is é an AE an deontóir is mó de chúnamh forbartha sa domhan
  • Tá an AE ceannródaíoch ó thaobh gníomh níos mó a dhéanamh maidir le hathrú aeráide

Mar a oibrímid

Mar a oibrímid

Tá ár nAirí, ár n-oifigigh rialtais agus ár n-ionadaithe tofa ag Parlaimint na hEorpa agus an tOireachtas rannpháirteach ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn agus ar ár leasanna san AE.

Oibríonn siad den chuid is mó trí Institiúidí an AE chun aird ár gcomhpháirtithe a tharraingt ar ábhar imní na hÉireann agus chun tionchar a bheith againn ar bheartas AE.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Bíonn cruinnithe rialta ag Airí Rialtais na hÉireann lena macasamhail i gComhairle an Aontais Eorpaigh (Comhairle na nAirí) chun plé a dhéanamh ar fhorbairtí beartas san Aontas agus chun tionchar a bheith againn ar an bhfreagra.

An Chomhairle Eorpach

Bíonn cruinnithe ag an Taoiseach le Cinn Rialtais ó 27 ballstát eile sa Chomhairle Eorpach chun obair AE atá ag teacht chun cinn a threorú.

Ranna Rialtais

Roinn an Taoisigh freagrach as caidreamh na hÉireann leis an AE a bhainistiú. Oibríonn siad linne sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an líonra 27 Ambasáid Éireannach i dtíortha an AE agus leis an mBuan-Ionadaí chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil.

Is é/í an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha atá freagrach as déileáil le saincheisteanna AE agus a thugann tacaíocht don Taoiseach agus don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ina gcuid oibre.

Buan-Ionadaíocht chuig an AE

Déanann ár mBuan-Ionadaí chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil ionadaíocht ar leasanna na hÉireann san Aontas Eorpach ó lá go lá. Tugtar le chéile státseirbhísigh ó nach mór gach roinn rialtais Éireannach, agus is é sin an misean taidhleoireachta is mó de chuid na hÉireann thar lear.

Parlaimint na hEorpa

Tá 12 Feisire de Pharlaimint na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn ag Parlaimint na hEorpa. Táthar freagrach as a chinntiú go dtógfar ábhar imní mhuintir na hÉireann san áireamh agus beartas AE á chur le chéile. Tá ról níos mó ag Parlaimint na hEorpa i ngnóthaí an AE ó Chonradh Liospóin.

Maoirseacht an Oireachtais

Bíonn ról tábhachtach ag Coiste Gnóthaí Eorpach an Oireachtais (Parlaimint na hÉireann) ó thaobh eolas a thabhairt do dhíospóireacht ar an Aontas Eorpach in Éirinn trí na nithe seo a leanas:

  • Forbairtí agus tionscnaimh AE tábhachtacha a dhéanann difear d’Éirinn a bhreithniú
  • A chinntiú go ndéantar staidéar mar is cuí ar reachtaíocht agus ar mholtaí AE
  • An Rialtas a choimeád cuntasach as caidrimh na hÉireann leis an Eoraip

Bíonn an Coiste rannpháirteach go rialta le hinstitiúidí AE chun treo polaitíochta agus straitéiseach an Aontais ina iomláine a fhaire agus tionchar a imirt air sin.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Download PDF - History of Ireland's Accession to the EU