Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tOileán Domhanda: Beartas Eachtrach na hÉireann maidir le Domhan atá ag Athrú

Tír is ea Éire a bhfuil muintir dhomhanda, geilleagar domhanda, cultúr domhanda agus aigne dhomhanda aici. Déanaimid ceangal láithreach bonn le daoine agus le himeachtaí ar fud na cruinne. Tá ár ngeilleagar fite fuaite leis an ngeilleagar sa chuid eile den domhan.

Is tapa é an t-athrú atá ag teacht ar an domhan ná mar a shamhlaímid é a bheith. Tá sé sin le feiceáil sna hathruithe atá ag teacht ar chothromaíocht an tionchair pholaitiúil agus an tionchair gheilleagraigh, san athrú atá ag teacht ar gheilleagar an domhain, agus sa líon níos mó cineálacha dúshlán domhanda a bhfuil réitigh dhomhanda de dhíth ina leith. 

Sin é an fáth ar thug an Rialtas faoi athbhreithniú ar rannpháirtíocht sheachtrach na hÉireann: An tOileán Domhanda: Beartas Eachtrach na hÉireann maidir le Domhan atá ag Athrú.

Sheol an Taoiseach, Enda Kenny T.D., agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Cathal Ó Flannagáin T.D., an t-athbhreithniú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 13 Eanáir 2015.

Leagtar amach ann, faoi chúig théama leathana, an tslí ina gcosnaímid ár gcuid síochána, ár gcuid slándála agus rathúnas ár ngeilleagair, agus ina gcuirimid an t-athmhuintearas agus an comhoibriú chun cinn sa bhaile. Tá cosaint ár gcuid saoránach agus cur chun cinn ár gcuid luachanna thar lear i gcroílár an athbhreithnithe.

An tOileán Domhanda: Muintir na hÉireann, Ár gCuid Luachanna, Ár Rathúnas, Ár nIonad san Eoraip, Ár dTionchar

Is fírinní anois ná riamh é go bhfuil an beartas eachtrach agus an rannpháirtíocht sheachtrach ina ngnéithe bunúsacha den Rialtas.

‘Sa domhan mar atá sé inniu, ní le cúrsaí coigríche amháin a bhaineann rud ar bith, ná ní le cúrsaí baile amháin a bhaineann rud ar bith ach an oiread.’

I gcás líon níos mó agus níos mó saincheisteanna, tá an rannpháirtíocht idirnáisiúnta ina gné riachtanach in obair na Ranna Rialtais ar fad – ag cur chun cinn an fhoráis agus cruthú post; ag dul i mbun rannpháirtíochta i gcroílár an AE; ag cothú clú láidir domhanda; ag déanamh comhdhlúthú ar an gcomhpháirtíocht, an comhar agus an athmhuintearas in Éirinn; agus ag soláthar seirbhísí ardchaighdeáin don phobal. Is ríthábhachtach an rud é cur chuige uile-Rialtais i leith ár mbeartais eachtraigh a chinntiú.

San athbhreithniú seo ar bheartas eachtrach na hÉireann, leagtar síos na spriocanna agus na príomhréimsí ar a mbeifear ag díriú ó thaobh rannpháirtíocht dhomhanda an Rialtais chun todhchaí shlán, rathúil a chosaint do mhuintir na hÉireann, agus chun cion ar leith a dhéanamh, ar bhonn prionsabail, maidir leis an gcomhiarracht idirnáisiúnta chun domhan níos fearr a thógáil.

DFAT An tOileán Domhanda Infographic

Comhairliúchán poiblí ar an Athbhreithniú ar an mBeartas Eachtrach

Eascraíonn an t-athbhreithniú beartais seo as athbhreithniú a thionscain an té a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an tráth sin, Éamon Gilmore T.D., agus, mar chuid d'ullmhú an ráitis, chuathas i gcomhairle ar fud an Rialtais, le baill den Oireachtas, leis an tsochaí shibhialta agus le daoine den phobal.