Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Athbhreithniú ar bheartas eachtrach na hÉireann agus ar an gcaidreamh coigríche

Irish flag, UN

Athbhreithniú ar bheartas eachtrach na hÉireann agus ar an gcaidreamh coigríche

Is ráiteas an beartas eachtrach faoin gcineál dreama atá ionainn mar Éireannaigh.  Is é an bealach é a gcuirtear meon na tíre chun tosaigh agus ina bhféachtar le leas na tíre a thabhairt i gcrích thar lear.  Féachaimid tríd an mbeartas leis an rachmas eacnamaíochta a thabhairt i gcrích agus leis an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.

Mar a mhíníonn an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, 'Tá ambasáidí na hÉireann agus oifigí taidhleoireachta agus consalachta eile san Eoraip agus ar fud an domhain ag obair ar a ndícheall chun ár gcuid cuspóirí a thabhairt i gcrích - ag cuidiú le lucht gnó na hÉireann, ag spreagadh infheistíochta agus turasóireachta, ag cur seirbhísí ar fáil do shaoránaigh na hÉireann, ag cur bheartas na hÉireann maidir le Forbairt Idirnáisiúnta i bhfeidhm agus ag seasamh ar son leas agus mheon na tíre.'  Sin í gnáthobair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála lá i ndiaidh an lae.

Tá rún daingean ag an Rialtas cinntiú go ngnóthaítear an buntáiste is fearr is féidir ó na hacmhainní a chaithimid leis an gcaidreamh idirnáisiúnta agus go mbíonn tionchar ag Éirinn i gcónaí agus meas uirthi i measc an phobail idirnáisiúnta.

Fágann timpeallacht dhomhanda atá faoi athrú chomh tréan sin gur gá dúinn bheith solúbtha sochóirithe i mbun an chúraim.  D'fhonn cinntiú go mbíonn an meascán ceart de bheartais agus d'uirlisí againn chun meon agus leas na tíre a chur chun cinn thar lear, tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag tabhairt faoi athbhreithniú ar bheartas eachtrach na hÉireann agus ar an gcaidreamh coigríche.

Is deis an t-athbhreithniú seo machnamh a dhéanamh faoi na bealaí inar féidir linn leaniúnt ag freastal do leas mhuintir na hÉireann, cion tairbhe a dhéanamh dóibh maidir le slándáil, rachmas agus maitheas, agus an meon atá againn a chur chun cinn trí chaidreamh gníomhach idirnáisiúnta.

Tugtar cuireadh duit do chuid tuairimí a chur in iúl faoi na bearta príomhthábhachta agus na cuspóirí ba cheart a bheith ag baint leis an mbeartas eachtrach.  Is cuid den athbhreithniú an deis ag daoine den phobal a gcuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl.

Tá eolas faoin modh chun aighneacht a chur faoi bhráid le léamh anseo.