DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/travelling-with-children/. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/travelling-with-children.

Taisteal le páistí

Nuair a bhítear ag taisteal le páistí, is úsáideach a bheith ar an eolas faoi cheisteanna ar leith agus castachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Ag tabhairt aire

Agus tú thar lear, ba chóir duit a bheith san airdeall ar shábháilteacht do pháiste.

  • Tabhair aire ar leith do pháiste agus é thart timpeall ar linnte snámha nó guaiseacha uisce eile.
  • Glac gach réamhchúram riachtanach agus tú ag tiomáint (m.sh ag baint úsáid as suíocháin ardaithe agus criosanna sábhála, eolas a chur ar léarscáileanna sula mbuaileann tú an bóthar).
  • Cinntigh go mbeidh earraí riachtanacha ar fáil (m.sh bainne leanaí nó cógais). Ná glac leis go mbeidh na hearraí seo ar fáil go héasca ag do cheann scríbe.
  • Cinntigh go dtugann páistí beaga a n-ainmneacha agus a sonraí teagmhála leo, go háirithe más rud é go bhfuil siad ag tabhairt cuairt ar áiteanna a mbíonn an-tóir ag turasóirí orthu. Cabhróidh sé seo leat teacht ar do pháistí dá n-imeoidís ar strae.

Pasanna

Éilíonn formhór na dtíortha, Éire san áireamh, go mbeadh a phas féin ag páiste. Tá an cleachtas maidir le ligean do pháistí a bheith ainmnithe ar phas a dtuismitheoirí ag teacht chun deiridh go hidirnáisiúnta de réir a chéile.

Más rud é go n-ainmnítear do pháistí ar do phas, agus nach bhfuil a bpasanna féin acu, molaimid go hard duit pasanna aonair a fháil dóibh. Is féidir tuileadh a fhoghlaim faoi phasanna i gcomhair páistí agus cead a fháil ó chaomhnóirí ar ár leathanach maidir le Cead do Pháistí.

Ar a laghad, beidh ort ceist a chur ar Ambasáid na tíre a bhfuil tú ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi faoin seans go mbeidh cead ag do pháistí teacht isteach agus imeacht ón tír mura bhfuil a bpasanna féin acu.

Léigh na freagraí a thugtar ar ár gceisteanna coitianta maidir le pasanna páistí chun tuilleadh eolais a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar phas páiste.

Cáipéisíocht bhreise

Más rud é go bhfuil tú ag taisteal le páistí, bí ar an eolas go n-éilíonn tíortha ar leith cáipéisíocht bhreise a léiríonn go bhfuil cead taistil tugtha ag tuismitheoir amháin nó dá thuismitheoir an pháiste.

Más rud é go bhfuil tú ag taisteal le páiste duine éigin eile nó le páiste a bhfuil sloinne difriúil air le do cheann féin, d’fhéadfadh go mbeadh ort an gaol atá ann idir tú agus an páiste a mhíniú d'oifigigh imirce na tíre. Más rud é go bhfuil i d’aonar le do pháiste, d’fhéadfadh go mbeadh ort a chruthú go bhfuil cead taistil tugtha ag tuismitheoir eile an pháiste.

Mar aon le taisteal lena phas nó cárta aitheantais báillí féin, ba chóir do gach páiste a thaistealaíonn ina aonar, le daoine fásta nach a chaomhnóirí dlíthiúla iad nó le tuismitheoir amháin a thabhairt faoi dheara go bhféadfadh go mbeadh cáipéisíocht (oifigiúil) bhreise ag teastáil atá sínithe ag a thuismitheoirí, a thuismitheoir eile nó a chaomhnóir(í) a thugann cead taistil dó.

Níl aon rialacha uileghabhálacha de chuid an AE maidir leis an gceist seo, agus déanann gach tír AE cinneadh maidir leis an gcead oifigiúil atá ag teastáil chun cead bealaigh tríd nó chuig an dlínse faoi seach a thabhairt do pháiste. Dean seiceáil ar rialacha díreacha na dtíortha a mbeidh tú ag dul chucu/ag teacht astu: Cáipéisí do dhaoine atá faoi aois atá ag taisteal san Aontas Eorpach. Rialacha agus údaruithe atá de dhíth.

Toisc go mbíonn an-difríocht go deo idir seasamh na dtíortha laistigh den AE freisin, is den ríthábhacht go ndéanann taistealaithe athbhreithniú ar riachtanais taistil na tíre a dtabharfaidh siad cuairt uirthi, mar aon le tíortha a rachaidh siad tríothu ar an mbealach, agus go ndéantar é seo i bhfad roimh an turas chun go mbeadh go leor ama acu cloígh leis na riachtanais áitiúla. Molaimid daoibh teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na tíre a mbeidh siad ag dul chuici, chun tuilleadh eolais a fháil maidir lena cuid riachtanas