DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Gnáthaimh Leighis, Fiaclóireachta agus Chosmaide

An chomhairle a chuirimid ar shaoránaigh a thaistealaíonn thar sáile ar mhaithe le gnáthaimh leighis a bhaineann le cúrsaí leighis, cúrsaí fiaclóireachta nó cúrsaí cosmaide.

Gnáthaimh Leighis, Fiaclóireachta agus Chosmaide

Téann saoránaigh Éireannacha thar lear gach bliain ar mhaithe le leas a bhaint as seirbhísí leighis, lena n-áirítear gnáthaimh mháinliachta, fiaclóireachta agus chosmaide. Ba chóir go mbeadh taistealaithe ar an eolas go bhfuil baol ar leith ag baint le gach obráid.

Bíonn an baol ag brath ar an tír a dtugtar cuairt uirthi agus ar an ngnáthamh a dhéantar. Is eol don Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh fadhbanna ag saoránaigh áirithe agus cóir leighis á cur orthu thar lear le déanaí, agus go deimhin gur cailleadh cuid acu.

Moltar d’Éireannaigh atá ag smaoineamh ar chóir leighis a fháil thar lear taighde neamhspleách a dhéanamh maidir le cáilíochtaí aon soláthraithe seirbhíse féideartha agus moltar dóibh a chinntiú go bhfuil an t-ionad creidiúnaithe leis na húdaráis chuí sa tír sin. Lena chois sin, ba cheart go gcuirfeadh daoine aithne ar na caingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh má théann rud éigin ó rath.

Tá sé riachtanach go mbeadh árachas taistil cuí acu. Níl Cártaí Eorpacha um Árachas Sláinte (EHICanna) bailí taobh amuigh den Aontas Eorpach.

Ba chóir do dhaoine iad féin a chur ar an eolas maidir leis na contúirtí agus na tairbhí a bhaineann le haon obráid, agus moltar dóibh a gcuid pleananna a phlé go cúramach lena ndochtúir, fiaclóir agus nó speisialtóir ospidéil roimh dóibh dul ar aghaidh le haon ghnáthamh thar lear.

Chomh maith leis sin, ba chóir do dhaoine eolas a chur ar aon phróiseas nó cóir leighis iarchúraim a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil. Moltar achoimre scaoilte amach i mBéarla a iarraidh ar an dochtúir, ar an bhfiaclóir agus/nó ar an speisialtóir ospidéil atá i mbun na cóireála. Thiocfadh le roinnt aerlínte teastas Oiriúnachta chun Eitilte a iarraidh tráth dul ar bord agus ba cheart é sin a iarraidh freisin sula scaoiltear amach thú.

Ba chóir do dhaoine a bheith ar an eolas go mb’fhéidir go mbeadh deacrachtaí cumarsáide acu in áit nach labhraítear Béarla. Ní thig leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha cúnamh airgeadais nó dlí a thabhairt do dhaoine a mbíonn deacrachtaí acu tar éis dóibh cóireáil leighis, fiaclóireachta nó chosmaide a fháil thar lear.