Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Forléargas
- Sábháilteacht agus Slándáil
- Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
- Faisnéis Bhreise
- Embassy Contact
Forléargas
Forléargas
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas Slándála
Bí an-Chúramach
Taisteal chun Oileáin an Aigéin Chiúin
D’fhéadfaí Comhairle Taistil Oifigiúil a aimsiú ar na naisc thíos do dhaoine ar mian leo taisteal chun na dtíortha oileánacha éagsúla san Aigéan Ciúin.
Oileáin Marshall
Stáit Chónaidhme na Micrinéise
Tuvalu (Taisteal ar fionraí ó rialtas Tuvalu)
Comhairle Taistil Ghinearálta
In 2019 bhí ráig den bhruitíneach ar Oileáin an Aigéin Chiúin.
Moltar san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go vacsaínítear taistealaithe in aghaidh na mbruitíní 15 lá ar a laghad roimh thaisteal. Is féidir comhairle na hEagraíochta Domhanda Sláinte do thaisteal idirnáisiúnta maidir leis an mbruitíneach a fháil anseo.
Tá tuilleadh eolais le fáil maidir leis na ceanglais sláinte do thaisteal chun Oileáin an Aigéin Chiúin ar an Táb um Eolas Breise.
Cabhair Chonsalachta
D’fhéadfá teagmháil a dhéanamh le haon Ambasáid de Bhallstát an Aontais chun seirbhísí agus eolas consalachta a fháil, faoin Treoir um Chosaint Chonsalacht an Aontais.
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Comhairle phraiticiúil
- Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
- Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Eolas breise
Sláinte
- Aicmíodh Oileáin an Aigéin Chiúin mar réigiún a bhfuil riosca ann maidir le tarchur an Víris Zika. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.
Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.
Embassy contact
Embassy Contact
As there is no Irish Embassy or Consulate in Pacific Islands, we are limited in the help we can offer you in an emergency. However, if you need assistance, you can contact the Department of Foreign Affairs.
Department of Foreign Affairs
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53
Tel: + 353 (0) 1 408 2000
24 hours a day, 7 days a week