Sábháilteacht agus Slándáil
Bíonn coireacht agus foréigean forleathan ar fud Mheicsiceo, agus d’fhéadfadh riosca a bheith ag gabháil leis d’eachtrannaigh. Dá bhrí sin, ba cheart duit taighde cuimsitheach a dhéanamh ar do cheann scríbe, agus a bheith réidh i ngach cuid de Mheicsiceo.
Tá méadú ag teacht ar choireacht armáilte agus foréigean in áiteanna turasóireachta, agus ba cheart do phaisinéirí uile a bheith cúramach agus iad ag caitheamh ama in áiteanna mar sin. Cé nach mbíonn turasóirí á n-ionsaí go díreach ag coirpigh go hiondúil, is cúis imní nach beag é an méid foréigin a bhaineann le dronga agus drugaí in áiteanna turasóireachta atá ag méadú, agus a d’fhéadfadh tionchar díreach a imirt ar thurasóirí.
Tá an-éagsúlacht idir na stáit ó thaobh timpeallacht slándála de, agus tá rátaí foréigin agus coireachta eagraithe níos airde in áiteanna áirithe.
Molann muid gan taisteal neamhriachtanach a dhéanamh chuig na stáit seo a leanas, mar gheall ar ardleibhéil choireachta (coireanna gan choinne agus coireacht eagraithe san áireamh) agus foréigean:
- Chihuahua
- Colima (seachas Manzanillo – molann muid taisteal ar eitleán)
- Coahuila (seachas Saltillo)
- Durango (seachas Cathair Durango)
- Guerrero (seachas na cathracha Taxco, Ixtapa-Zihuatenejo, Acapulco*)
- Michoacán (seachas Morelia)
- Nuevo León (seachas Monterrery)
- Sinaloa (seachas Mazatlán)
- Sonora (seachas Hermosillo agus Guaymas/San Carlos)
- Tamaulipas
- Zacatecas (seachas Cathair Zacatecas – molann muid taisteal ar eitleán)
Má thaistealaítear chuig ceann ar bith de na cathracha sna stáit sin, molann muid taisteal ar eitleán.
* Tá coireacht thar a bheith coitianta laistigh agus timpeall na n-áiteanna turasóireachta in Acapulco (Guerrero), agus ba cheart duit mar sin a bheith an-airdeallach agus tú ag taisteal i dtimpeallacht na háite.
Cé nach mbíonn turasóirí á n-ionsaí ag coireacht nó foréigean eagraithe bainte le drugaí, d’fhéadfadh daoine atá ar an láthair agus daoine atá ag dul thar bráid a bheith thíos leis. Ó bhí 2017 ann, bhí méadú ar líon na n-eachtraí lámhaigh tuairiscithe agus eachtraí foréigneacha eile in áiteanna turasóireachta ar fud Meicsiceo. In 2021, bhí tionchar díreach ar thurasóirí ag eachtraí mar sin, agus bíonn níos mó póilíní i láthair i dtimpeallacht Cancún faoi láthair dá bharr.
Déanann rialtas Mheicsiceo iarracht áiteanna a bhfuil tarraingt mhór ag turasóirí orthu a chosaint amhail Cancún, Playa del Carmen, Cozumel, Los Cabos, Puerto Vallarta agus Nuevo Vallarta. Má tá tú ar cuairt ag aon cheann de na ceantair sin, ba cheart duit monatóireacht a dhéanamh ar chomhairle áitiúil, a bheith san airdeall agus comhairle na n‑údarás áitiúil agus do chomhlachta taistil a leanúint. Tabhair faoi deara go bhfuil póilíní turasóireachta tiomnaithe ar glao-dhualgas ag roinnt ceantar a bhfuil tarraingt mhór ar thurasóirí orthu chun tacaíocht a thabhairt do thurasóirí a rinneadh coir orthu nó a bhfuil deacrachtaí acu agus iad ag taisteal ar an gcoigríoch.
I lár na tíre, bhí méadú suntasach ar fhoréigean agus ar dhúnmharuithe sa stát Guanajuato i rith 2019 agus 2020. Tarlaíonn foréigean i ndeisceart an stáit go príomha. Is fadhb í gníomhaíocht choiriúil i Stát Meicsiceo chomh maith (Estado de México), le tuairiscithe leanúnacha ar robáil armtha agus fuadaigh, mar aon le mionghadaíocht/mionchoireacht. Bíonn coireacht eagraithe an-choitianta sna stáit thuaidh Sonora, Chihuahua, Coahuila, Nuevo Leon, Tamaulipas, Sinaloa agus Durango. Molann muid gan taisteal neamhriachtanach chuig na stáit sin dá bharr.
In iarthar na tíre, bhí méadú ar choireacht a bhaineann le drugaí sa stát Baja California, agus an phríomhchathair Tijuana san áireamh. Bhí méadú ar choireacht a bhaineann le drugaí in Baja California Sur chomh maith.
Tá coireacht ann in oirthear agus i ndeisceart na tíre chomh maith, agus moltar do shaoránaigh a bheith cúramach agus iad ag taisteal i ngach áit.
Foréigean a bhaineann le drugaí
- Tá foréigean a bhaineann le drugaí ag méadú i Meicsiceo le blianta beaga anuas, le rátaí dúnmharaithe in 2019 agus 2020 chomh hard agus a bhí siad ó tosaíodh coimeád taifead. Tá an foréigean comhchruinnithe in áiteanna áirithe. Bí cinnte go ndéanfaidh tú taighde cuimsitheach ar do cheann scríbe.
- Cé nach bhfuil turasóirí á n-ionsaí go díreach, áirítear na ceantair a mbíonn tarraingt mhór orthu, Acapulco, Los Cabos, Taxco, Tijuana agus Zihuatenejo, ar na ceantair is contúirtí i Meiriceá Laidineach de bharr a rátaí dúnmharaithe. Bhí roinnt eachtraí sna háiteanna Quintana Roo agus Acapulco in 2021 a bhain le drugaí/dronganna coirpeacha a bhí turasóirí agus daoine a bhí ag dul thar bráid thíos leis.
- Níor cheart do chuairteoirí tiomáint san oíche agus ba cheart monatóireacht a dhéanamh ar na meáin agus foinsí eolais áitiúla eile faoi eachtraí slándála agus baol sábháilteachta.
- Ba cheart do thurasóirí agus scoláirí Éireannacha a mheasann go bhfuil sé riachtanach cuairt a thabhairt ar Tijuana fanacht i gceantair Zona Río agus Av. Revolución den chathair agus Zonas Norte agus Oriente a sheachaint. Tá ardleibhéil choireachta in Rosarito.
- Ba cheart go roghnófaí taisteal ar eitleán chun taisteal chuig nó laistigh na stáit ag an teorainn thuaidh agus ag an Aigéan Ciúin murar deimhníodh sábháilteacht an bhealaigh bhóthair is fearr leat.
Léirsithe agus agóidí
- Tarlaíonn léirsithe agus agóidí go rialta ar fud na tíre. Bíonn léirsithe agus bloic bhóthair coitianta i gCathair Mheicsiceo (chuig agus ón aerfort san áireamh) agus sna stáit Chiapas, Guerrero, Michoacán agus Oaxaca. Ba cheart duit léirsithe a sheachaint agus comhairle na n‑údarás áitiúil a leanúint nuair atá tú ag taisteal in áiteanna ina bhfuil agóid ar siúl.
Coireacht
Tá ardleibhéal ar líon na gcoireanna foréigneacha i Meicsiceo. Bí san airdeall i gcónaí maidir le do shlándáil agus déan monatóireacht ar na meáin ar eagla go mbeadh eolas nua ar fáil faoi bhaol sábháilteachta nó slándála. Tabhair faoi deara go bhfuil líon na gcoireanna bóthair ag méadú agus tóg réamhchúraimí cosanta ciallmhara.
- Ná bíodh do chárta chreidmheasa, ticéid taistil agus airgead tirim in aon áit amháin agat - fág airgead tirim breise agus rudaí luachmhara in áit shábháilte
- Fág cóip den phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó do chairde sa bhaile
- Go hiondúil, ba cheart duit airgead a thógáil amach nó a mhalartú ag uathmheaisíní bainc nó bureaux de change (casas de cambio) i rith an lae amháin, agus taobh istigh siopaí agus mealanna in ionad ar an tsráid. Coimeád do chárta creidmheasa le feiceáil agus tú ag íoc. Tá sé níos sábháilte teorainn bheag a chur ar aistarraingtí agus malartuithe airgeadra. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint agus tú i ndiaidh do chuid gnó a chur i gcrích
- Coinnigh súil ghéar ar do ghiuirléidí agus bíodh greim agat orthu in áiteanna poiblí amhail caiféanna idirlín, agus stáisiúin bus agus traenach
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir do bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin
Coir a thuairisciú
Más íospartach coireachta thú, agus is mian leat tuairisc a dhéanamh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig is gaire den Agencia del Ministerio Público (oifig Ionchúisitheoir an Stáit) chomh luath agus is féidir. Ní mór gearáin a dhéanamh go pearsanta, agus teastóidh aitheantas fótagrafach uait. Tabhair faoi deara nach féidir imscrúdú coiriúil a dhéanamh gan gearán foirmiúil chuig na húdaráis.
Tá sé thar a bheith tábhachtach cailleadh nó goideadh do phas nó aitheantas eile a thuairisciú (a chur faoi bhráid na n-údarás Meicsiceach agus na hAmbasáide Éireannaí), nó cártaí bainc chun tú féin a chosaint ar eagla go mbainfear mí-úsáid as na cáipéisí níos déanaí. Chun seirbhísí éigeandála a fháil, cuir scairt ar 911.
Is í 911 an uimhir éigeandála i Meicsiceo. Is féidir an aip 911 CDMX (Cathair Mheicsiceo) nó an Aip “Guest Assist” do Quintana Roo) a íoslódáil.
Chun teagmháil a dhéanamh le Póilíní Turasóireachta de chuid Chathair Mheicsiceo is féidir scairt a chur orthu ag (0052) 55 5207 4155 nó Whatsapp a úsáid ag (0052) 55 4891 1166. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Póilíní Turasóireachta de chuid Cancún ag +52 998 8852277
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo nó an Chonsalacht Oinigh in Cancún má theastaíonn cabhair uait.
Fuadach
Níor chóir beag a dhéanamh den bhaol fuadaigh, lena n-áirítear sna príomhchathracha. De ghnáth is saoránaigh Mheicsiceo seachas turasóirí eachtracha a fhuadaítear, ach má dhéantar réamhchúram bunúsach, laghdófar an baol go dtapófar an deis díriú ortsa. Chun leasa do shábháilteacht féin agus tú ag taisteal i Meicsiceo:
- Comhairle a fháil ó mhuintir na háite faoi fhanacht sábháilte
- Lean an chomhairle thíos maidir le tacsaithe a úsáid
- Bí aireach agus discréideach faoi do chúrsaí gnó nó airgeadais a phlé go hoscailte
- Seachain taisteal san oíche, go háirithe taisteal idirchathrach
- Seachain an taisteal aonair
- Bíodh doirse uile na feithicle faoi ghlas agus tú ag tiomáint
- Tóg bealaí éagsúla agus fág ag amanna éagsúla – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú
- Tabhair aird ar leith ar na meáin áitiúla do thuairiscí maidir le gníomhaíochtaí fuadaigh
Tharla roinnt eachtraí ‘mearfhuadaigh’ ina gcuirtear iallach ar dhaoine airgead a aistarraingt ó ATM sula scaoiltear saor iad. Má dhéantar ionsaí mar sin ortsa, ba chóir duit comhairle an ionsaitheora a dhéanamh.
Is baol eile é Fuadach Fíorúil ar cheart a bheith ar an eolas faoi, déanta ag ealaíontóirí sceamála. Ba cheart do chuairteoirí i Meicsiceo gan uimhreacha anaithnide nó príobháideacha a fhreagairt. Má dhéantar bagairt ort ar an nguthán, is é an moladh é an guthán a chur síos agus sábháilteacht do bhall teaghlaigh nó d’fhostaí a fhíordheimhniú.
Tiomáint
Bíonn éagsúlacht ar staid na mbóithre i Meicsiceo agus is féidir leo a bheith dona go leor in áiteanna áirithe. Is guaiseanna iad cuair dhainséaracha, comharthaí agus suíomhanna tógála lagfhógartha, beostoc ar fánaíocht, feithiclí mallghluaiseachta nó tréigthe, agus constaic eile.
Tá stíleanna tiomána agus caighdeáin sábháilteachta ar bhóithre i Meicsiceo an-éagsúil ó chaighdeáin na hÉireann. Bí ullamh mar sin d’fheithiclí nach dtugann aird ar theorainneacha luais, nach léiríonn athrú lána agus nach stopann ag soilse dearga.
Má bheartaíonn tú tiomáint:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána iomlán Éireannach agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Ba chóir tiomáint ar bhóithre faoi sholas an lae amháin ar fud na tíre agus nuair is féidir bain úsáid as bóithre dola (cuota) in áit bóithre atá saor (libre)
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mheicsiceo, mar shampla luasteorainneacha
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
- Tharla sé gur lonnaigh eagraíochtaí gáineála drugaí ‘seicphointí’ feithicle i stáit ar an teorainn ó thuaidh agus i stáit an Aigéin Chiúin, rud a chur le fuadach gluaisteán i gcathracha agus ar mhórbhealaí
- Tá daoine a thógann gluaisteáin ar cíos nó ar iasacht i Meicsiceo freagrach as aon earraí mídhleathacha a aimsítear sna feithiclí sin, fiú mura raibh fhios acu iad a bheith ann.
Cúnamh éigeandála feithicle
I gcás go gcliseann ar fheithicil nó i gcás éigeandála cois bóthair, cuireann seirbhís phatróil ar mhórbhealaí a thairgíonn Aireacht Turasóireachta Meicsiceo (SECTUR) ar a dtugtar na hAingil Ghlasa (Angeles Verdes) cúnamh saor in aisce ar gach mórbhealach dola ó 8am go 8pm. Is í an uimhir éigeandála le cúnamh a lorg ó na hAingil Ghlasa ná 078.
Coisithe
Ba chóir do choisithe a bheith thar a bheith airdeallach i gcónaí mar go dtarlaíonn timpistí marfacha buille-is-teitheadh.
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar láimh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí agus coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Is féidir nach mbeadh gluaisteáin ceadaithe dul isteach in áiteanna áirithe ar laethanta ar leith, bunaithe ar a n-uimhirphlátaí. Déan athsheiceáil ar aon srianta leis na húdaráis áitiúla, agus/nó le do chomhlacht fruilithe gluaisteán go díreach.
Tacsaithe agus Iompar Poiblí
Robáladh agus/nó ionsaíodh paisinéirí ag tiománaithe tacsaí gan cheadúnas, i gCathair Mheicsiceo go háirithe. Ná stop tacsaithe ar an tsráid. Cuir tacsaithe in áirithe trí Uber nó aipeanna síbe den chineál céanna le beartais shlándála chuí, óstáin nó scairt a chur ar chomhlacht tacsaithe creidiúnach, nó tacsaithe ag stadanna (sitios). Sna aerfoirt, bain úsáid as na seirbhísí tacsaithe réamhíoctha ceadaithe amháin; tá bothanna oifigiúla na gcomhlachtaí tacsaithe lonnaithe sa halla teachta ag críochfoirt aerfoirt. Moltar go láidir gan uisce, bia nó milseáin a ghlacadh ó thiománaithe tacsaithe i Meicsiceo.
Tá sé tábhachtach a bheith san airdeall go háirithe ar iompar poiblí. Nuair atáthar ag taisteal ar iompar poiblí idirstáit, taistealaítear ar bhusanna den chéad ghrád agus cinntítear go n-úsáidtear bóthair dhola ar an mbealach.
Mionghadaíocht
Tá peasghadaíocht coitianta go maith ar an Metro i gCathair Mheicsiceo. Seachain an taisteal i rith an bhuaicthrátha tráchta más féidir. Bí aireach i gcónaí ar thurais bus fhadtréimhseacha agus coinnigh súil ar bhagáiste láimhe. Tá sé inmholta úsáid a bhaint as seirbhísí bus den chéad ghrád agus taistil faoi sholas an lae. Tá leibhéil choiriúlachta ar bhusanna idirchathracha agus ar mhórbhealaí ard agus méadaíonn an baol tar éis thitim na hoíche.
Pasanna a cailleadh nó a goideadh
Má chailltear nó má ghoidtear do phas, beidh ort an Ambasáid i gCathair Mheicsiceo a chur ar an eolas chun pas nua a fháil. In ainneoin gur féidir leis an chuid is mó de chuairteoirí pas nua a iarraidh ach an córas ar líne a úsáid, d’fhéadfadh sé roinnt seachtainí a thógáil chun do phas nua a sheachadadh nó a bhailiú mar gheall ar chúinsí ama agus achair. Bí fíorchúramach le do phas agus cáipéisí pearsanta eile. Beidh sé i bhfad níos éasca pas nua a fháil más féidir leat cóip den cheann a cailleadh nó a goideadh a sholáthar, mar sin coimeád fótachóipeanna de do phas.
Camscéimeanna
Ba cheart duit a bheith ar d’fhaichill má thagann daoine i do threo agus cuireann siad iad féin chun tosaigh mar phóilíní agus déanann siad iarracht fíneáil a ghearradh ort nó tú a ghabháil gan chúis shoiléir. Rinneadh gadaíocht, sracaireacht nó ionsaí gnéasach ar chuairteoirí ag daoine a d’fhéadfadh a bheith ina bpóilíní nó a d’fhéadfadh gan a bheith. I gcás amhrais, iarr aitheantas ar an oifigeach agus más féidir breac síos a ainm, uimhir shuaitheantais, agus uimhir a chairr patróil. Má stadfar thú sna cúinsí sin, bain triail as fanacht in áit ghnóthach.
Is treocht é atá ag éirí níos coitianta i Meicsiceo an “Fuadach Fíorúil”. An rud atá i gceist ná go gcuireann na coirpigh glaoch, ag cur i gcéill gur gaol/cara/fostaí iad a rinneadh fuadach orthu agus ag míniú gur éiligh na fuadaitheoirí airgead fuascailte chun scaoileadh saor. Má tharlaíonn sé sin, cuir an guthán síos go láithreach agus deimhnigh sábháilteacht an duine lenar bhain sé.
An teorainn SAM-Meicsiceo a thrasnú
Moltar go láidir do scoláirí atá in SAM ar víosaí J1 gan na Stáit Aontaithe a fhágáil agus ag teacht isteach arís i rith an J1, mura bhfuil cúiseanna an-láidir lena dhéanamh. Bhí fadhbanna ar leith ag scoláirí ag dul trasna na teorann SAM-Meicsiceo, agus in amanna bhí díbirt agus deireadh a víosa J1 dá bharr. Beidh tionchar buan ar do chumas a bheith ag taisteal go SAM sa todhchaí. Caithfidh rannpháirtithe sa chlár J1 a chinntiú go gceadaíonn a n-urraitheoirí taisteal sealadach taobh amuigh de na Stáit Aontaithe i rith an chláir J1.
Má thaistealaíonn tú go Meicsiceo agus cailleann tú do phas anseo, d’fhéadfá tú a bheith i gcruachás – géaraíodh ar shrianta inimirce go mór agus ní bheidh cead agat dul isteach in SAM arís gan pas cuí atá inléite ag meaisíní. Níl aon Chonsalacht Éireannach i Tijuana agus is eitilt 3 uair chuig Cathair Mheicsiceo í. Ba cheart go mbeadh saoránaigh Éireannacha a thaistealaíonn taobh amuigh de SAM agus iad ag glacadh páirt sa chlár J1 a bheith ag súil go mbeadh na beartais inimirce chaighdeánacha ag baint leo agus iad ag dul isteach in SAM arís.
Bhí tuairiscí ann ar fhuadaigh, mugálacha, agus spíceáil dhí ag daoine a bhí ag dul thar an teorainn ón SAM go Meicsiceo – i gcathair Tijuana go háirithe. De réir cosúlachta tá an cineál coireachta sin ag méadú, agus ba cheart duit a bheith an-chúramach agus fanacht glan ar chúrsaí contúirteacha. Bí ar an eolas go bhféadfadh sé a bheith níos deacra a bheith ar d’airdeall, smacht a bheith agat agus a bheith ar an eolas faoi do thimpeallacht tar éis alcóil agus drugaí.
Hairicíní
Bíonn séasúr an hairicín i Meicsiceo ó Mheitheamh go deireadh na Samhna agus féadfaidh sé cur isteach go mór ar chúrsaí iompair agus ar fhóntais. Is féidir go mbeadh sciorrthaí talún, sleamhnaithe láibe agus tuillte ann. I gcás hairicin, déan monatóireacht ar thuairiscí sna meáin áitiúla agus déan mar a deir oifigigh éigeandála áitiúla libh. Ba chóir monatóireacht a dhéanamh freisin ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún agus seiceáil an Weather Channel nó an National Hurricane Centre iMiami.
Má théann tú go Meicsiceo i rith séasúir an hairicín ba chóir duit cóip mhionsonraithe de do phleananna taistil a fhágáil le ball teaghlaigh nó le cara. Ba chóir clárú freisin le hAmbasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo. I gcás hairicin atá ag druidim libh faigh amach cá bhfuil an scáthlán áitiúil. D’fhéadfadh go mbeadh moill ar eitiltí isteach agus amach as ceantair atá buailte, nó go gcuirfí ar fionraí iad agus d’fhéadfadh go líonfaí na heitiltí atá ar fáil go tapa. Mar sin déan teagmháil leis an aerlíne leis an eolas is déanaí ar eitiltí a fháil.
D’fhéadfadh an hairicín cur isteach freisin ar rochtain ar chalafoirt sa réigiún. I gceantair áirithe d’fhéadfadh nach mbeadh foscadh leordhóthanach ó hairicín tromchúiseach ar fáil do gach duine a roghnaíonn fanacht. Ba chóir duit tú féin a chur ar an eolas faoi phleananna easlonnaithe d’óstáin nó na loinge cúrsála. Bíodh na doiciméid taistil ar iompar agat i gcónaí (i.e. an pas, céannacht le grianghraf, etc) nó coinnigh slán iad in ionad sábháilte, uiscedhíonach. Ba chóir teagmháil a dhéanamh freisin le cairde agus le daoine den teaghlach in Éirinn le nuashonrú ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leat agus ar an áit ina bhfuil tú.
Creathanna talún
Is crios creathanna talún gníomhach é Meicsiceo agus tarlaíonn creathanna talún agus brúchtaí bolcánacha ansin. Tarlaíonn creatháin go rialta, sna stáit Oaxaca agus Guerrero go háirithe; is féidir na creatháin sin a aireachtáil i gcodanna eile den tír, Cathair Mheicsiceo san áireamh. Má tá tú ag taisteal go Meicsiceo nó tá tú i do chónaí ansin, bí cinnte go bhfuil tú ar eolas faoi céard a dhéanamh má tharlaíonn crith talún. Má tá tú ag taisteal go Meicsiceo, is féidir leat an aip 911 CDMX a íoslódáil. Tugann an aip rabhadh faoi chrith talún tuairim is 60 soicind roimh ré. Tabhair faoi deara nach féidir le haláraim creathanna talún a bhrath an t-am ar fad.
Bolcáin
Tá roinnt bolcán gníomhacha i Meicsiceo, lena n-áirítear bolcáin Popocatepetl agus Colima. Bí ar an eolas gur féidir le luaithreach bolcánach cur isteach go mór ar sheirbhísí taistil.
Sceimhlitheoireacht
Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht íseal i Meicsiceo tá riosca domhanda ionsaithe sceimhlitheoireachta trí chéile ann i gcónaí a bhféadfaí a bheith dírithe ar spriocanna sibhialta, lena n-áirítear áiteanna a thaithíonn turasóirí agus easaoránaigh.