DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go Ireland.ie/ga/dfa/taisteal-thar-lear/seirbhisi-consalachta/posadh-agus-pairtneireacht-shibhialta-thar-lear. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/taisteal-thar-lear/seirbhisi-consalachta/posadh-agus-pairtneireacht-shibhialta-thar-lear.

Conas cur isteach ar theastas um saoirse chun pósta

Má theastaíonn Teastas um Saoirse Chun Pósta uait, faigh amach conas tús a chur le d’iarratas ar líne.

Ceistneoir ar líne

Le hiarratas a dhéanamh ar Theastas Saoirse chun Pósta caithfidh tú ceistneoir ar líne a chomhlánú fút féin agus faoi do phósadh nó páirtnéireacht shibhialta atá ag teacht aníos.  

Dearbhú Reachtúil

Bunaithe ar an gceistneoir seo cuirfear Dearbhú Reachtúil amháin nó níos mó i do láthair le comhlánú agus seicliosta den doiciméadúchán tacaíochta a mbeidh ort cur isteach le d’iarratas. 

Beidh ort:

  1. Priontáil agus sínigh do cheistneoir
  2. Cóip de gach Dearbhú Reachtúil a phriontáil
  3. Do sheicliosta a phriontáil
  4. Na Dearbhuithe a chomhlánú agus a fháil fianaithe.
  5. Cuir sa phost chugainn iad le do dhoiciméadúchán tacaíochta, ceistneoir sínithe agus an táille.

Cuimhnigh …

Priontáil agus sábháil gach foirm díreach tar éis do cheistneoir a chomhlánú ar líne mar nach mbeidh tá ábalta iad a aisghabháil níos deireanaí.  

Cén uair ar chóir an t-iarratas a dhéanamh

Cuir isteach d’iarratas ceithre mhí ar a laghad roimh dháta do phósta nó do pháirtnéireachta sibhialta.

Ní féidir dáta níos faide siar ná sé mhí roimh an dáta do phósta ar do dhearbhú (dhearbhuithe) reachtúla fianaithe.

Cuimnigh …

Ní bheidh d’iarratas déanta go hiomlán go dtí go bhfaighimid cruachóipeanna de do cheistneoir, dearbhú reachtúil/dearbhaithe reachtúla agus an doiciméadúchán tacaíochta go léir.

Inseoidh do sheicliosta duit go díreach cén doiciméadúchán tacaíochta atá uait do d’iarratas, eadhon:

  • An bunleagan fada de do theastas breithe
  • Ordú cúirte má tá tú faoi bhun 17 bliana
  • Teastas báis do chéile roimhe seo, más baintreach tú
  • Achainí ar cholscaradh agus foraithne chríochnaitheach colscartha, má tá tú colscartha
  • Fótachóip de do phas Éireannacha reatha
  • Do bhunteastas eadóirseachta, má tá tú eadóirsithe

Do dhoiciméid a aistriú

Beidh ort aistriúcháin deimhnithe ar aon cheann de na doiciméid seo a chur isteach má tá na bunchóipeanna i dteanga ar bith seachas Béarla nó Gaeilge.

Doiciméid athsholáthair a fháil

Teastaíonn doiciméid bhunaidh uainn (seachas an fótachóip de do phas) chun d’iarratas a phróiseáil. 

Do dhoiciméid a fháil ar ais

Cuirfear do dhoiciméid bhunaidh go léir ar ais chugat tar éis iad a iniúchadh.

Cuimhnigh …

Mura bhfuil na doiciméid riachtanacha go léir curtha isteach agat seolfar d’iarratas ar ais chugat.

Ní mór do dhearbhú reachtúil a bheith fianaithe i do thír ghnáthcónaí sular féidir leat é a chur isteach.

Cé hiad na daoine ar féidir leo bheith ina bhfinnéithe?

Ní mór do d’fhinné:

  • Aithne phearsanta a bheith aige ort
  • Aithne a bheith aige go pearsanta ar thríú páirtí ar féidir tú a shainaithint
  • Bheith ábalta do chéannacht a fhíorú le do dhoiciméid oifigiúla (e.g. pas)

Iarratas a dhéanamh in Éirinn

Féadfaidh d’fhinné bheith ina:

  • Nótaire poiblí
  • Coimisinéir Mionnaí 
  • Aturnae

Iarratas a dhéanamh thar lear

Féadfaidh d’fhinné a bheith ina:

  • Oifigeach taidhleoireachta nó consalachta de chuid na hÉireann
  • Nótaire poiblí
  • Coimisinéir Mionnaí nó duine údaraithe le mionnaí nó dearbhuithe a riaradh

Caithfidh d’fhinné:

  • Bheith mar fhinné agus tú ag comhlánú agus ag síniú do Dhearbhú Reachtúil/do Dhearbhuithe Reachtúla
  • An chuid ábhartha de do Dhearbhú Reachtúil (Dhearbhuithe) Reachtúla a chomhlánú agus a shíniú.

Cuimhnigh...

Tá sé in aghaidh an dlí Dearbhú Reachtúil a dhéanamh ar eol duit é a bheith bréagach nó míthreorach ar bhealach ar bith.

Iarratas á dhéanamh in Éirinn

Teastas um Saoirse Chun Pósta (Certificate de Cotume/Nulla Osta)

€60: de réir an iarratasóra Éireannaigh

Táille dheireanach

Má chuireann tú isteach d’iarratas 28 lá nó níos lú roimh dháta do phósta nó do pháirtnéireachta sibhialta beartaithe beidh ort táille breise €60 a íoc de réir an iarratasóra Éireannaigh.

Modhanna íocaíochta

  • Airgead tirim
  • Dréacht bainc
  • Ordú poist Éireannach
  • Cárta creidmheasa/dochair

Ba chóir go mbeadh dréachtanna bainc iníoctha leis an Ard-Rúnaí, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Iarratas a dhéanamh agus tú thar lear

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na hAmbasáide de chuid na hÉireann is gaire duit le mionsonraí a fháil ar tháillí agus leis na modhanna íoctha a nglactar leo.

D’iarratas a sheoladh

Seol d’iarratas chuig an seoladh atá clóite ar do cheistneoir. Beidh ceachtar díobh seo i gceist:

  • An Ambasáid nó Consalacht de chuid na hÉireann is gaire duit (má tá cónaí ort thar lear)
  • An oifig i gCorcaigh (má tá cónaí ort i gCúige Mumhan) Teil: 021 494 4763 (10am – 1pm)
  • An oifig i mBaile Átha Cliath (má tá cónaí ort in aon áit eile in Éirinn) Teil: 01 408 2682/ 01 408 2568  (10am – 12pm)