DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go Ireland.ie/ga/dfa/saoranacht. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/saoranacht.

Téarmaí & Coinníollacha maidir le húsáid an Chórais FBR

Téarmaí & Coinníollacha

Caithfidh tú na Téarmaí & Coinníollacha a léamh sular féidir leat dul ar aghaidh agus iarratas a dhéanamh ar Chlárúchán Breitheanna Coigríche.

Ráiteas Ginearálta:

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a dhéanann óstáil agus rialú ar an tsaoráid ar-líne seo do Chlárúchán Breitheanna Coigríche. Measfar go bhfuil glactha ag úsáideoirí an iarratais ar-líne leis na Téarmaí agus Coinníollacha.

Cóipcheart

Tá an t-ábhar atá léirithe ar an  láithreán seo faoi chóipcheart ag an Rialtas de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000. Ní féidir an t-ábhar seo a íoslódáil chuig comhad nó printéir ach amháin d’úsáid phearsanta. Má tá an t-ábhar seo á eisiúint chuig daoine eile, caithfear an foinse (lena n-áirítear an URL) agus an stádas cóipchirt a admháil.

Ní chlúdaíonn an cead ábhar atá faoi chóipcheart an Rialtais a atáirgeadh aon chuid den ábhar ar an  láithreán seo a d’fhéadfadh a bheith faoi mhaoin ag tríú páirtí. Caithfear cead a fháil a leithéid d’ábhar a atáirgeadh ó na húinéirí cóipchirt lena mbaineann.

Séanadh

Tá an t-ábhar ar na leathanaigh seo curtha ar fáil mar threoir eolais amháin. Is chun cur le rochtain an phobail ar eolas faoin Rialtas agus Ranna Rialtais atá sé. Cé go ndéantar gach iarracht agus ábhar lena fhoilsiú á ullmhú, ní ghlacfaidh an Stát le haon fhreagracht ná ní ghlacfar aon fhreagracht ar son an Stáit as aon bhotúin, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon  láithreán a ndéanann na leathanaigh seo nasc chuige.

Cé go ndéantar gach iarracht chun iontaofacht láithreáin liostaithe a chinntiú, ní féidir glacadh leis seo mar fhormhuiniú ar na láithreáin seo.

Cosaint Sonraí

Baineann Cosaint Sonraí le do cheart bunúsach ar phríobháideachas a chosaint agus le do cheart smacht a bheith agat ar cén chaoi a n-úsáidtear d’eolas pearsanta. Is féidir níos mó eolais ar an ábhar seo a fháil ar an láithreán gréasáin seo leanas: www.dataprotection.ie

Cuirfear an caighdeán is airde slándála agus rúndachta i bhfeidhm ar do shonraí pearsanta, agus go docht de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1998 agus 2003.

Trí dul ar aghaidh agus an  láithreán seo a úsáid tugann tú cead próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú mar chuid den Iarratas (lena n-áirítear sonraí a sholáthraíonn tú faoi Thríú Páirtí), mar atá leagtha síos i sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 a bailíodh uait de réir ár bpolasaí príobháideachais.

Ach go háirithe, d’fhéadfadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála eolas atá aici fút a úsáid chun:

a)     Measúnú a dhéanamh ar do theidlíocht ar shaoránacht na hÉireann trí Chlárúchán Breitheanna Coigríche agus ar theastas a eisiúint duit ar an ábhar sin.

b)    Teagmháil a dhéanamh leat más gá maidir le d’iarratas nó chun freagra a thabhairt ar aon chumarsáid a chuirfeá chuig an Roinn maidir le d’iarratas.

Ach go háirithe aontaíonn tú an t-eolas pearsanta seo a leanas,

  • Ainm agus Sloinne
  • Dáta Breithe
  • Áit bhreithe
  • Sloinne do mháthar roimh phósadh
  • Seoladh Baile
  • Seoladh rphoist
  • Uimhir Teagmhála Teileafóin
  • Stádas Pósta
  • Stádas Saoránachta na hÉireann
  • Sonraí Athrú Ainm
  • Inscne

a sholáthraíonn tú le linn duit iarratas a dhéanamh duit féin agus/nó do thríú páirtí a bheith coinnithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i gcomhar taifid. Is féidir eolas atá tugtha san fhoirm iarratais a thabhairt do Ranna eile de chuid Rialtas na hÉireann, do Ghníomhaireachtaí, d’Údaráis Phoiblí, do Rialtais Eachtracha i gcásanna a bhfuil ábhar imní ag an Roinn go bhfuil dearbhú bréagach déanta maidir le haon iarratas ar Chlárúchán Breitheanna Coigríche.

Ráiteas Príobháideachais

Tá meas ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar chearta a húsáideoirí agus ní bhailíonn sí eolas pearsanta de chineál ar bith, de ghnáth. Sa chás go gcuirtear eolas ar fáil dúinn mar chuid den phróiseas iarratais ar-líne do Chlárúchán Breitheanna Coigríche, ba chóir d’iarratasóirí a bheith ar an eolas go bhféadfaí eolas arna chur ar fáil ar an bhfoirm iarratais a nochtadh do Ranna eile de chuid Rialtas na hÉireann, do Ghníomhaireachtaí, d’Údaráis Phoiblí, do Rialtais Eachtracha agus do chomhlachtaí Saoráil Faisnéise eile i gcásanna a bhfuil ábhar imní ag an Roinn go bhfuil dearbhú bréagach déanta maidir le haon iarratas ar Chlárúchán Breitheanna Coigríche.

Ní nochtar aon eolas pearsanta dúinn le linn brabhsála ginearálta ar an idirlíon, cé go gcuirtear eolas áirithe staitistiúil ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhísí Idirlín. Áirítear ar an eolas sin seoladh loighciúil an fhreastalaí ata tú a úsáid, an t-ainm fearainn mullaigh óna bhfaigheann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, etc), an cineál brabhsálaí ata tú a úsáid, an dáta agus an t-am a bhfaigheann tú rochtain ar ár  láithreán agus an seoladh Idirlín a húsáideadh chun nascadh lenár  láithreán.

Úsáidtear cuid den eolas thuas chun staitisticí achomair a chruthú, a ligean dúinn measúnú a dhéanamh ar an líon cuairteoirí chuig ár  láithreán, agus a aithint cé na leathanaigh is mó a bhfuil rochtain á déanamh orthu. Bainimid feidhm as na staitisticí seo chun ár láithreán a dhéanamh níos áisiúla don úsáideoir.

Athruithe ar Ráiteas Príobháideachais

Tá sé de cheart againn leasú a dhéanamh ar an ráiteas seo ag aon dáta sa todhchaí agus cuirfear suas aon athruithe ar an leathanach seo.

Cosaint ar Víris

Déanaimid gach iarracht ábhar a sheiceáil agus a thástáil ag gach céim den táirgeadh. Bíonn sé i gcónaí ciallmhar duit gach ábhar a íoslódálann tú ón Idirlíon a rith trí chlár frith-víris. Ní féidir linn aon fhreagracht a ghlacadh as aon chailliúint, aon chur isteach ná aon damáiste do do chuid sonraí ar do chóras ríomhaireachta a d’fhéadfadh tarlú le linn duit bheith ag úsáid ábhair a fhaightear ar an láithreán gréasáin seo.

Saoráil Faisnéise

Tháinig An tAcht um Shaoráil Faisnéise (FOI) i bhfeidhm an 21 Aibreán 1998 agus leasaíodh é an 11 Aibreán 2003.

Faoin FOI tá ceart ag gach duine ar:

  • rochtain a fháil ar eolas atá ag Roinn Rialtais nó ag comhlachtaí poiblí áirithe
  • ceartú a dhéanamh ar eolas pearsanta a bhaineann leat atá ag Roinn Rialtais nó ag comhlachtaí poiblí áirithe agus atá míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
  • údair a fháil le cinntí a dhéanann Roinn Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe sa chás go ndéanann na cinntí sin difear do dhuine.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta faoi Shaoráil Faisnéise, téigh go dtí www.foi.gov.ie

Lean ar aghaidh