DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/ga/dfa/pasanna. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Terms & Conditions for use of the Passport Online Service

Updated Terms and Conditions for Passport Online  

Terms and Conditions     

The purpose of these terms and conditions is to inform you, as a user, of the key elements of Passport Online and to help us provide you with a quick and effective service in accordance with the terms of the Passports Act 2008, as amended, with which all applications must comply.  It is important to read them before you begin to apply for your passport online. Thank you for taking the time to do this.

General Statement

The Passport Online service is hosted and controlled by the Department of Foreign Affairs. Users of the Passport Online service are considered to have accepted these Terms and Conditions.

Online payments

Your Credit/Debit card will be debited by the Department of Foreign Affairs on the date of your application, unless otherwise stated. Cardholders must be over 18.
The following cards are accepted - Diners Club International, American Express, Maestro, Visa, Mastercard.

The following cards are accepted - Diners Club International, American Express, Maestro, Visa

Your payment will be refunded if your application for a passport is unsuccessful. A refund will also be made if you choose to cancel your passport application.
 
The Department of Foreign Affairs is responsible for processing your application and commits to doing so in a timely manner once a properly completed form, and required supporting documents, have been received. Information on current turnaround times is available here. You should submit the required supporting documents as soon as possible after making a Passport Online application. 
 
If you do not submit the required or correct supporting documents , the Passport Service may contact you  by e-mail at the e-mail address you have provided during the online passport application process to remind you that the requested documents are still outstanding. 
 
If within 20 weeks from the date on which the Passport Online application was made, the required or correct supporting documents have not been submitted, the Passport Service may be required to proceed to make a decision on the basis of the application submitted. This decision may result in a refusal on the ground that the applicant has not provided the required supporting documents for the application that are necessary in order to comply with terms of the Passports Act 2008, as amended. 

Copyright

The material featured on this site is subject to Government copyright according to the Copyright and Related Rights Act 2000. The material may be downloaded to file or print for personal use only. Where this material is being issued to others, the source (including URL) and copyright status must be acknowledged.
 
The permission to reproduce Government copyright material does not extend to any material on this site which may be the property of a third party. Authorisation to reproduce such material must be obtained from the copyright holders concerned.

Disclaimer

The contents of these pages are provided as an information guide only. They are intended to enhance public access to information about the Government and its Departments. While every effort is made in preparing material for publication, no responsibility is accepted by or on behalf of the State for any errors, omissions or misleading statements on these pages or any site to which these pages connect. Although every effort is made to ensure the reliability of listed sites this cannot be taken as an endorsement of these sites.

Data Protection

Information on the Passport Service’s privacy policy can be found here.

Virus Protection

We make every effort to check and test material at all stages of production. It is always wise for you to run an anti-virus program on all material downloaded from the Internet. We cannot accept any responsibility for any loss, disruption or damage to your data or your computer system which may occur whilst using material derived from this website.

Freedom of Information

The Freedom of Information (FOI) Act came into effect on 21 April 1998 and was amended on 14 October 2014.
 
Under FOI each person has a right to: 
  • access information held by a Government Department or certain public bodies;
  • have personal information relating to you held by a Government Department or certain public bodies corrected where it is inaccurate, incomplete or misleading; and
  • obtain reasons for decisions made by a Government Department or certain public bodies where the decision affects you.
For more information on your rights under Freedom of Information, visit www.foi.gov.ie.

Téarmaí agus Coinníollacha

Ní mór duit na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh sular féidir leat dul ar aghaidh chun iarratas ar phas a dhéanamh

Ráiteas Ginearálta:

Tá saoráid seo na bPasanna Ar Líne á hóstáil agus á rialú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. I gcás úsáideoirí an iarratais ar líne, meastar gur ghlac siad leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo.

Íocaíochtaí ar líne:

Cuirfidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála suim de dhochar do chárta creidmheasa/dochair ar dháta d'iarratais, ach amháin má luaitear a mhalairt.

Ní mór sealbhóirí cárta a bheith os cionn 18 mbliana.

Glactar leis na cártaí seo a leanas:

Credit Card Providers for Passport Online Renewals

Má chuirtear iarratais ar ais chugat gan iad a bheith ceadaithe, déanfar d'íocaíocht a aisíoc. Déanfar aisíocaíocht leat freisin sa chás ina gcuirfidh tú d'iarratas ar ceal.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freagrach as d'iarratas a phróiseáil agus tá sí tiomanta don phas a eisiúint laistigh den tréimhse is infheidhme maidir leis an iarratas comhlánaithe ábhartha ar choinníoll go bhfuil an fhoirm (agus na doiciméid) in ord.

Cóipcheart

Tá an t-ábhar atá á léiriú ar an láithreán seo faoi réir cóipcheart Rialtais, de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Féadfar an t-ábhar a íoslódáil chuig comhad nó chuig printéir le haghaidh úsáid phearsanta amháin. I gcás ina bhfuil an t-ábhar seo á eisiúint do dhaoine eile, ní mór aitheantas a thabhairt don fhoinse (an URL san áireamh) agus don stádas cóipchirt.

Maidir leis an gcead i dtaobh ábhar cóipchirt Rialtais a atáirgeadh, ní chlúdaítear leis aon ábhar ar an láithreán seo arbh fhéidir gur maoin í de chuid tríú páirtí. Ní mór an t-údarú chun an t-ábhar sin a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann.

Séanadh

Tá ábhar na leathanach seo á sholáthar mar threoir faisnéise amháin. Tá sé ceaptha cur le rochtain an phobail ar fhaisnéis faoin Rialtas agus faoina chuid Ranna. Cé go ndéantar gach dícheall le linn ábhar a ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlacann an Stát aon fhreagracht air féin ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar ceann an Stáit as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon láithreán a bhfuil ceangal ag na leathanaigh seo leis.

Cé go ndéantar gach dícheall iontaofacht na láithreán liostaithe a chinntiú, ní fhéadfar glacadh leis sin mar dhearbhú i leith na láithreán sin.

Cosaint Sonraí

Is éard atá i gceist le Cosaint Sonraí ná cosaint a thabhairt don cheart bunúsach atá agat chun príobháideachta agus don cheart atá agat smacht a bheith agat ar an gcaoi a mbaintear úsáid as do chuid faisnéise pearsanta. Tá níos mó eolais faoi sin ar an láithreán gréasáin seo: www.dataprotection.ie

Déanfar do chuid shonraí pearsanta a láimhseáil agus dianchaighdeán slándála agus rúndachta i bhfeidhm, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

Trí leanúint ar aghaidh ag úsáid an Láithreáin seo tá tú ag toiliú le próiseáil na sonraí pearsanta atá á soláthar agat mar chuid den Iarratas (lena n-áirítear sonraí a d'fhéadfá a sholáthar a bhaineann le Tríú Páirtí), mar atá sainmhínithe sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, ar sonraí iad arna mbailiú uait de réir an bheartais príobháideachta dár gcuid.

Go háirithe, is féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála leas a bhaint as faisnéis atá ina seilbh fút chun na críocha seo a leanas:

a) Measúnú a dhéanamh ar do theidlíocht ar Phas Éireannach agus ar an bpas sin a eisiúint.

b) Dul i dteagmháil leat más gá maidir le d'iarratas nó chun freagra a thabhairt ar aon teachtaireacht a d'fhéadfá a sheoladh chuig an Roinn maidir le d'iarratas

Go háirithe, aontaíonn tú, i gcás na faisnéise pearsanta seo a leanas

  • Céadainm agus Sloinne
  • Dáta breithe
  • Áit bhreithe
  • Sloinne réamhphósta do Mháthar
  • Seoladh baile
  • Seoladh poist
  • Seoladh ríomhphoist
  • Uimhir theagmhála theileafóin
  • Stádas pósta
  • Stádas saoránachta Éireannaí
  • Sonraí faoi athrú ainm
  • Inscne

a sholáthróidh tú agus tú ag déanamh iarratais i do leith féin agus/nó i leith tríú páirtí, go gcoinneoidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála í chun cuspóirí taifeadta. D'fhéadfadh sé go ndéanfar faisnéis arna soláthar ar an bhfoirm iarratais a nochtadh do Ranna eile de chuid Rialtas na hÉireann, do Ghníomhaireachtaí, d'Údaráis Phoiblí nó do Rialtais Choigríche sa chás ina bhfuil imní ar an Roinn go ndearnadh dearbhú bréagach i ndáil le hiarratas ar bith ar Phas Éireannach.

Ráiteas Príobháideachta

Tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála urraim do chearta a cuid úsáideoirí agus, go ginearálta, ní bhailíonn sí faisnéis phearsanta de chineál ar bith. Sa chás ina ndéanfar faisnéis a sholáthar dúinn mar chuid den phróiseas iarratais ar líne ar phas, ba chóir d'iarratasóirí a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé go ndéanfar faisnéis arna soláthar ar an bhfoirm iarratais a nochtadh do Ranna eile de chuid Rialtas na hÉireann, do Ghníomhaireachtaí, d'Údaráis Phoiblí, do Rialtais Choigríche agus do chomhlachtaí eile Saorála Faisnéise sa chás ina bhfuil imní ar an Roinn go ndearnadh dearbhú bréagach i ndáil le hiarratas ar bith ar phas.

I gcás gnáthbhrabhsáil ghréasáin ní dhéantar aon fhaisnéis phearsanta a nochtadh dúinn, cé go mbíonn faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse Idirlín. Is féidir go n-áireofaí leis an bhfaisnéis sin seoladh loighciúil an fhreastalaí atá á úsáid agat, an t-ainm fearainn uasleibhéil óna mbíonn rochtain agat ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.), an cineál brabhsálaí atá á úsáid agat, an dáta agus an t-am a dtagann tú ar ár láithreán agus an seoladh Idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár láithreán.

Baintear úsáid as cuid den fhaisnéis thuas chun staitisticí achoimre a chruthú lena bhfágtar an deis againn measúnú a dhéanamh ar an líon cuairteoirí ar an láithreán agus ar cé na leathanaigh is minice a ndéantar rochtain orthu, etc. Úsáidimid na staitisticí sin ionas gur féidir linn é a fhágáil níos fusa an láithreán a úsáid.

Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachta seo

Coimeádaimid chugainn féin an ceart chun an ráiteas seo a athrú ag aon am sa todhchaí agus beidh athrú ar bith le feiceáil ar an leathanach seo.

Cosaint i gcoinne Víreas

Déanaimid gach iarracht an t-ábhar a sheiceáil agus a thástáil ag gach céim agus é á tháirgeadh. Is ciallmhar an beart é i gcónaí clár frithvíreas a rith ar gach ábhar a dhéanfaidh tú a íoslódáil ón Idirlíon. Ní féidir linn glacadh le haon fhreagracht as caillteanas, cur isteach nó damáiste ar bith do do chuid sonraí nó do do chóras ríomhaireachta a d'fhéadfadh tarlú agus tú ag baint úsáid as ábhar ón láithreán gréasáin seo.

Saoráil Faisnéise

Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm ar an 21 Aibreán 1998 agus rinneadh leasú air ar an 11 Aibreán 2003.

Faoin Acht sin tá sé de cheart ag gach duine:

  • Rochtain a bheith aige nó aici ar fhaisnéis atá i seilbh Roinn Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe;
  • Ceartúchán a fháil déanta ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leat atá i seilbh Roinn Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe sa chás ina bhfuil an fhaisnéis sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach;
  • Cúiseanna a fháil i dtaobh cinntí a dhéanann Roinn Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe má dhéanann an cinneadh difear duitse

Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis na cearta atá agat i ndáil le Saoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar www.foi.gov.ie