DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/ga/dfa/pasanna. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Grianghraif Dhigiteacha – Iarratasóirí

Tá trí bhealach ann chun do ghrianghraf Pas a sholáthar le haghaidh iarratais ar líne. Déantar cur síos orthu sin thíos.

1. Grianghraf le Cód

Tabhair cuairt ar sholáthraí grianghraif rannpháirteach a ghlacfaidh do ghrianghraf pas

Gheobhaidh tú cód uathúil le húsáid ar d'iarratas ar line. Bainfear úsáid as an gcód uathúil seo chun rochtain a fháil ar do ghrianghraf pas nuair a bheifear ag comhlánú d'iarratas ar líne

2. Soláthraí Grianghraif

Is féidir teacht ar do grianghraf digiteach go réidh i dtrí chéim:

  • Tabhair cuairt ar sholáthraí grianghraif - cógaslann nó grianghrafadóir, mar shampla, a ghlacfaidh do ghrianghraf agus a chuirfidh ar fáil duit é i bhfoirm dhigiteach
  • Is féidir do ghrianghraf a sheoladh ar ríomhphost nó a shábháil ar do ghaireas stórála digiteach mar méaróg USB
  • Ní mór a bheith ábalta teacht ar do ghrianghraf ón ngaireas atá tú a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar líne

3. Grianghraf a Ghlactar sa Bhaile

Glacadh duine éigin do ghrianghraf:

  • Ní ghlacfar le 'féinín' ná le grianghraf ceamara gréasáin
  • Féadfar an grianghraf a ghlacadh le ceamara digiteach nó fón cliste ach níor cheart an fheidhm zúmála ar an bhfón cliste a úsáid
  • Ní mór ó do chloigeann go dtí do bhásta a bheith sa ghrianghraf (laghdófar do ghrianghraf go dtí an méid cheart do ghrianghraf pas níos déanaí sa phróiseas iarratais)
Passport Online Example Photo Passport Online Example Photo - Too Far Away Passport Online Example Photo Too Close In

Treoirlínte maidir le Staidiúir agus Radhairc:

• Ní mór cúlra pléineáilte de dhath liath éadrom, bán nó uachtar a bheith taobh thiar díot
• Ná bíodh nithe mar painéal doirse ná plandaí le feiceáil i do ghrianghraf pas
• Ní mór do do ghrianghraf a bheith i bhfócas. Ba chóir cothromaíocht a bheith ann ó thaobh solas agus dath - gan é bheith rógheall ná ródhorcha
• Ná bíodh aon scáil ar d'aghaidh ná taobh thiar do do chloigeann
• Bí cinnte go bhfuil gnéithe ar fad d'aghaidh le feiceáil; ná bíodh do ghruaig i do shúile
• Tá cead spéaclaí a chaitheamh i do ghrianghraf chomh fada is nach bhfuil an fráma ag clúdach aon chuid de do shúile agus nach bhfuil na lionsaí ag scalladh.
• Déan cinnte go bhfuil d'aghaidh neodrach, nach bhfuil meangadh gháire ort agus go bhfuil do bhéal dúnta
• Ná bíodh do chloigeann suas/síos ar chlé/ar dheis Féach díreach ar an gceamara
• Bíodh spás le feiceáil idir do chloigeann agus do ghuaillí agus colún an ghrianghraif