See our information about getting photographs for passport applications.
Grianghraif Dhigiteacha – Grianghrafadóirí Gairmiúla
Ní mór do ghrianghrafadóirí atá ag glacadh grianghraf Pas a bheith ar an eolas faoi na difríochtaí a bhaineann le grianghraif a ghlacadh don chóras postbhunaithe atá ann cheana agus do Sheirbhís na bPasanna Ar Líne, a bhfuil comhad i bhformáid dhigiteach.
Bí soiléir i gcónaí faoin gcineál grianghraif a theastaíonn ó do chustaiméirí:
- I gcás sealbhóirí pas ar daoine fásta iad atá chun úsáid a bhaint as as Seirbhís nua na bPasanna Ar Líne, ba chóir duit na treoirlíne seo a leanas a leanúint agus tú ag soláthar grianghraf digiteach dóibh dá n-iarratas ar líne.
- I gcás leanaí, iarratasóirí céaduaire nó daoine fásta ar mian leo na cainéil phoist atá ann cheana a úsáid, beidh grianghraf páipéir arna glacadh de réir na gcaighdeán atá ann cheana ag teastáil.
Nuair a bheidh an grianghraf á sholáthar
|
Gnéithe a bhaineann le Staidiúir agus Radhairc
- Ní mór do do ghrianghraf a bheith i bhfócas agus nochta i gceart.
- Ní mór cúlra pléineáilte, ar dhath éadrom a bheith taobh thiar díot.
- Ná bíodh aon scáil ó do chloigeann le feiceáil sa chúlra.
- Tá cothromaíocht ó thaobh datha de agus ton cnis nádúrtha riachtanach.
- Ní ghlacfar le súil dhearg i ngrianghraif.
- Ná bíodh díchumadh bairilleach ná aon díchumadh eile ann.
- Tá gá le codarsnacht shoiléir idir gnéithe d'aghaidh agus an cúlra
- Ní mór duit féachaint díreach ar an gceamara.
- Ní ghlactar le feabhsuithe ná le hathruithe digiteacha
- Ní mór don aghaidh a bheith neodrach, gan meangadh gáire agus an béal a bheith dúnta
- Ní mór a bheith in ann an aghaidh a fheiceáil go hiomlán.
- Ní ceadmhach ceannbheart ach amháin chun críocha creidimh.
- Ní ceadmhach hataí, cochall, scarf ná oiriúntí gruaige.
- Ná bíodh do ghruaig ag clúdach aon chuid de d'aghaidh.
- Ní cheadaítear spéaclaí gréine a chaitheamh.
- Is féidir spéaclaí trédhearcacha a chaitheamh fad is nach gclúdaíonn na frámaí aon chuid de do shúile nó nach gcruthaíonn siad dallrú nó scáthanna.