DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/ga/dfa/pasanna. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

See our information about getting photographs for passport applications.

Grianghraif Dhigiteacha – Grianghrafadóirí Gairmiúla

Ní mór do ghrianghrafadóirí atá ag glacadh grianghraf Pas a bheith ar an eolas faoi na difríochtaí a bhaineann le grianghraif a ghlacadh don chóras postbhunaithe atá ann cheana agus do Sheirbhís na bPasanna Ar Líne, a bhfuil comhad i bhformáid dhigiteach.

Bí soiléir i gcónaí faoin gcineál grianghraif a theastaíonn ó do chustaiméirí:

 

  • I gcás sealbhóirí pas ar daoine fásta iad atá chun úsáid a bhaint as as Seirbhís nua na bPasanna Ar Líne, ba chóir duit na treoirlíne seo a leanas a leanúint agus tú ag soláthar grianghraf digiteach dóibh dá n-iarratas ar líne.
  • I gcás leanaí, iarratasóirí céaduaire nó daoine fásta ar mian leo na cainéil phoist atá ann cheana a úsáid, beidh grianghraf páipéir arna glacadh de réir na gcaighdeán atá ann cheana ag teastáil.

 

Nuair a bheidh an grianghraf á sholáthar

  • Cinntigh go bhfuil roinnt spáis timpeall ar an gcloigeann ionas gur féidir le Seirbhís na bPasanna Ar Líne an íomhá a laghdú go huathoibríoch nuair a uaslódáiltear é
  • Ná téigh róghar timpeall ar an gcloigeann agus ná bearr an íomhá ródhlúth
  • Ná téigh rófhada siar. Bíodh cuid den bhásta le feiceáil.
  • Tá grianghraf daite ag teastáil.
  • Ní féidir le grianghraf digiteach arna sholáthar lena uaslódáil a bheith níos lú ná 715 picteilín ar leithead agus 951 picteilín ar airde.
  • Soláthair an grianghraf digiteach i bhformáid chomhaid JPEG don chustaiméir le huaslódáil nuair a bheidh sé/sí ag déanamh iarratais ar líne.
  • Ní ceadmhach comhbhrú, caillteanas ná déantáin comhbhrúite sa JPEG.
  • Ní ghlacfaidh Seirbhís na bPasanna Ar Líne le huaslódáil comhaid atá níos mó ná 9MB.

Passport Online Example Photo

Gnéithe a bhaineann le Staidiúir agus Radhairc

  • Ní mór do do ghrianghraf a bheith i bhfócas agus nochta i gceart.
  • Ní mór cúlra pléineáilte, ar dhath éadrom a bheith taobh thiar díot.
  • Ná bíodh aon scáil ó do chloigeann le feiceáil sa chúlra.
  • Tá cothromaíocht ó thaobh datha de agus ton cnis nádúrtha riachtanach.
  • Ní ghlacfar le súil dhearg i ngrianghraif.
  • Ná bíodh díchumadh bairilleach ná aon díchumadh eile ann.
  • Tá gá le codarsnacht shoiléir idir gnéithe d'aghaidh agus an cúlra
  • Ní mór duit féachaint díreach ar an gceamara.
  • Ní ghlactar le feabhsuithe ná le hathruithe digiteacha
  • Ní mór don aghaidh a bheith neodrach, gan meangadh gáire agus an béal a bheith dúnta
  • Ní mór a bheith in ann an aghaidh a fheiceáil go hiomlán.
  • Ní ceadmhach ceannbheart ach amháin chun críocha creidimh.
  • Ní ceadmhach hataí, cochall, scarf ná oiriúntí gruaige.
  • Ná bíodh do ghruaig ag clúdach aon chuid de d'aghaidh.
  • Ní cheadaítear spéaclaí gréine a chaitheamh.
  • Is féidir spéaclaí trédhearcacha a chaitheamh fad is nach gclúdaíonn na frámaí aon chuid de do shúile nó nach gcruthaíonn siad dallrú nó scáthanna.