DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/ga/dfa/pasanna. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Is é do Leabhar Pas nó Cárta Pas:

Pasanna a d’imigh amú nó a goideadh

Damáistithe

Pasanna a d’imigh amú nó a goideadh

  • Cuir é sin in iúl do Sheirbhís na bPasanna láithreach.
  • Tuairiscímidne na sonraí seo chuig Interpol.
  • Ní bheidh an pas bailí le haghaidh taistil a thuilleadh.
  • Ná taistil le pas ar thuairiscigh tú gur cailleadh nó gur goideadh é.
  • Molaimid duit na Póilíní a chur ar an eolas gur imigh an pas amú nó gur goideadh do phas chun thú a chosaint ar an gcalaois aitheantais.
  • D’fhéadfadh sé go gcuirfimid srian ar thréimhse bailíochta do chéad phas eile. Má chailleann tú dhá phas nó níos mó d’fhéadfadh sé nach bhfaighfeá pas iomlán 10 mbliana. Ina ionad sin d’fhéadfá pas nua a fháil a bheidh bailí idir bliain amháin agus deich mbliana. Braithfidh sé sin ar cé mhéad pas a chaill tú/a goideadh uait le deich mbliana anuas.
  • D'fhéadfadh sé go dtógfadh sé ní b’fhaide an t-iarratas ar do chéad phas eile a phróiseáil.

Damáistithe

  • Más rud é go ndearnadh damáiste do do phas, beidh ort an pas a ndearnadh damáiste dó a sheoladh ar ais nuair a dhéanann tú iarratas ar phas nua.
  • Ná taistil le pas a ndearnadh damáiste dó.

Faigh pas nua

Déan iarratas ar líne

  • Cuir in iúl dúinn san iarratas ar líne go ndeachaigh do phas amú, gur goideadh é nó go ndearnadh damáiste dó.

Déan iarratas le foirm iarratais pháipéir

  • Comhlánaigh Cuid 6 den fhoirm iarratais agus mínigh an dóigh ar cailleadh do phas, ar goideadh é nó a ndearnadh damáiste don phas a bhí agat.
  • Iarr ar Gharda Cuid 6 a fhianú agus a stampáil.

Thar lear

Má chailleann do phas, nó má ghoidtear é, nuair atá tú thar lear agus má theastaíonn doiciméad taistil uait chun filleadh ar Éirinn, beidh an Ambasáid nó Consalacht de chuid na hÉireann is gaire duit in ann cuidiú leat.