DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/HowToApplyForAPassport. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/passports/how-to-apply-for-a-passport.

Iarratas céaduaire ar phas do dhaoine fásta

1. Forléargas

2. Conas iarratas a dhéanamh ar líne

3. Iarratasóirí céaduaire a rugadh thar lear 

4. An costas atá air

5. An méid ama a thógann sé

6. Nuair nach féidir iarratas ar líne a dhéanamh

7. Déan iarratas ar líne anois;

Forléargas

Is féidir le saoránaigh Éireannacha atá 18 mbliana d'aois agus níos sine iarratas a dhéanamh ar líne ar a gcéad phas Éireannach má tá cónaí orthu:

  • In Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór.
  • An Eoraip
  • Stáit Aontaithe Mheiriceá
  • Go leor tíortha eile - léigh an liosta iomlán anseo

Mura bhfuil do thír chónaithe san áireamh sna liostaí thuas, déan teagmháil le d’Ambasáid nó Consalacht na hÉireann áitiúil chun sonraí a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.​

Tá pasanna do dhaoine fásta bailí ar feadh 10 mbliana. Má eisíodh do phas deireanach níos mó ná 15 bliana ó shin, ní mór duit iarratas a dhéanamh mar iarratasóir céaduaire.

Cineálacha eile iarratas

Tá treoir ar leith ann má tá pas duine fásta á athnuachan​ agat. Is féidir leat athnuachan a dhéanamh ar líne ó áit ar bith ar domhan .

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chárta pas chomh maith le do leabhar pas nuair a dhéanann tú iarratas ar líne.

Conas iarratas a dhéanamh ar líne

Chun iarratas a dhéanamh ag baint úsáid as Pas Ar Líne, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:

  • grianghraf digiteach atá ag teacht le treoirlínte na ngrianghraf
  • cárta creidmheasa nó dochair
  • seoladh ríomhphoist
  • rochtain ar phrintéir

Glacann an t-iarratas ar líne thart ar 10 nóiméad le comhlánú.

Conas treoirlínte na ngrianghraf a chomhlíonadh

Doiciméid a theastaíonn uait

Inseoidh an t-iarratas ar líne duit na doiciméid is gá duit a chur isteach tar éis duit iarratas a dhéanamh.
Is féidir leat ár dtreoir a léamh freisin maidir leis na doiciméid is gá duit a chur isteach más rud é gur:
  • iarratasóir céaduaire a rugadh ar oileán na hÉireann thú
  • iarratasóir céaduaire a rugadh thar lear thú

Aitheantas á dheimhniú

Mar iarratasóir céaduaire fásta, ní mór do bhall den Gharda Síochána in Éirinn nó ​​finné iomchuí lasmuigh den Stát d'aitheantas a​ fhíorú. 

Mar chuid den iarratas ar líne, iarrfar ort foirm maidir le haitheantas a fhíorú a phriontáil a inseoidh duit cén cineál finné atá inghlactha.

Iarratasóirí céaduaire a rugadh thar lear

Seiceáil na doiciméid is gá duit a chur isteach más ​​iarratasóir fásta céaduaire tú a rugadh thar lear​.

An costas atá air

Braitheann costas do phas ar an mbealach a ndéanann tú iarratas air agus ar an gcineál pas a roghnaíonn tú, mar shampla caighdeánach nó ceann mór.

Nuair a dhéanann tú iarratas ag baint úsáid as Pas Ar Líne:

  • pas caighdeánach 10 mbliana do dhuine fásta: €75
  • pas mór (66 leathanach) 10 mbliana: €105
  • pas caighdeánach 10 mbliana móide beart cárta pas: €100

Nuair a dhéanann tú iarratas ar líne, tá táille bhreise poist €15 ann má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn.

Léigh liosta iomlán na dtáillí pas.

An méid ama a thógann sé

Seiceáil na hamanna eisiúna reathachun an fhaisnéis is déanaí a fháil.

An tseirbhís rianaigh do Phas

Is féidir leat stádas d'iarratais ar líne a sheiceáil tríd an tseirbhís rianaigh do phas.

Nuair nach féidir iarratas ar líne a dhéanamh

Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar phas. Mura bhfuil Pas Ar Líne ar fáil d'iarratais chéaduaire sa tír ina bhfuil tú i do chónaí, déan teagmháil le do Chonsalacht nó Ambasáid na hÉireann áitiúil chun faisnéis a fháil faoi conas foirm pháipéir a fháil agus conas í a chur isteach.

Ní féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil.

Iarratais ar pháipéar:

Má tá tú i do chónaí in Éirinn, i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór agus mura mian leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí fhoirm phas ar pháipéar a úsáid.

In Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór, cuirtear iarratais ar pháipéar isteach trí sheirbhís na bPasanna Luais.

Déan iarratas ar líne anois

Tosaigh d'iarratas ar líne

Téigh i dteagmháil linn

Léigh tuilleadh faoi conas teagmháil a dhéanamh le Seirbhís na bPasannanó féach tuilleadh treorach maidir le d'iarratas a dhéanamh ar ár mol faisnéise.