DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/HowToApplyForAPassport. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/passports/how-to-apply-for-a-passport.

An chéad phas a fháil do leanbh

1. Forléargas

2. Conas iarratas a dhéanamh ar líne

3. Caomhnóireacht agus toiliú

4. Iarratasóirí céaduaire a rugadh thar lear

5. An costas atá air

6. An méid ama a thógann sé

7. Nuair nach féidir iarratas ar líne a dhéanamh

8. Déan iarratas ar líne anois

Forléargas

Caithfidh a bpas féin a bheith ag leanbh faoi bhun 18 mbliana d'aois chun taisteal.

Mura raibh pas ag do leanbh riamh roimhe seo, nó má eisíodh a phas deireanach níos mó ná 15 bliana ó shin, ní mór duit iarratas a dhéanamh thar a cheann mar iarratasóir céaduaire.

D'fhéadfá iarratas a dhéanamh ar chéad phas do linbh ar líne má tá cónaí orthu:

  • In Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór.
  • An Eoraip
  • Stáit Aontaithe Mheiriceá
  • Go leor tíortha eile - léigh an liosta iomlán anseo

Mura bhfuil do thír chónaithe san áireamh sna liostaí thuas, déan teagmháil le d’Ambasáid nó Consalacht na hÉireann áitiúilchun sonraí a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.​

Tá pasanna do leanaí bailí ar feadh cúig bliana.

Tá treoir ar leith ann má tá pas linbh á athnuachan​ agat.

Conas iarratas a dhéanamh ar líne

Chun iarratas a dhéanamh ar chéad phas do linbh ag baint úsáide as Pas Ar Líne, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:

  • grianghraf digiteach ​atá ag teacht le treoirlínte na ngrianghraf​
  • cárta creidmheasa nó dochair
  • seoladh ríomhphoist
  • rochtain ar phrintéir
  • doiciméid tacaíochta bhreise

Conas treoirlínte grianghraf a chomhlíonadh

Doiciméid a theastaíonn uait

Inseoidh an t-iarratas ar líne duit na doiciméid is gá duit a chur isteach tar éis duit iarratas a dhéanamh.

Is féidir leat ár dtreoir a léamh freisin maidir leis na doiciméid is gá duit a chur isteach más rud é go bhfuil an leanbh ina:

  • iarratasóir céaduaire a rugadh ar oileán na hÉireann
  • iarratasóir céaduaire a rugadh thar lear

Caomhnóireacht agus toiliú

Mar chuid den iarratas ar líne, iarrfar ort foirm Aitheantais agus Thoilithe a phriontáil.

Ní mór toiliú gach caomhnóir an linbh a dhearbhú ar an bhfoirm seo agus ní mór féiniúlacht an linbh a fhíorú .

Finnéithe

Ní mór do gach caomhnóir an chuid toilithe den fhoirm a shíniú i bhfianaise finné iomchuí. Inseoidh an fhoirm duit cén finné atá ag teastáil.

Caithfidh duine amháin ar a laghad de na caomhnóirí a bheith in éineacht leis an leanbh le finné iomchuí chun an chuid Aitheantais den fhoirm a chomhlánú.

Féach ár dtreoir maidir le caomhnóireacht agus toiliú agus ár dtreoir maidir le d'iarratas a fhianú le haghaidh tuilleadh eolais.

Fís-treoir maidir le caomhnóireacht agus toiliú

Iarratasóirí céaduaire a rugadh thar lear

Má rugadh do leanbh thar lear, léigh ár dtreoir maidir leis na doiciméid a theastaíonn uait agus iarratas ar chéad phas á dhéanamh.

An costas atá air

Braitheann costas do phas ar an mbealach a ndéanann tú iarratas air agus ar an gcineál a roghnaíonn tú, mar shampla caighdeánach nó ceann mór.

Nuair a dhéanann tú iarratas ag baint leas as Pas Ar Líne:

  • pas caighdeánach 5 bliana do leanbh: €20
  • pas mór 66 leathanach 5 bliana do leanbh: €50

Tá táille phoist bhreise €5 i gceist le gach iarratas do leanbh chun an costas a bhaineann le cáipéisí a sheoladh ar ais chuig an iarratasóir a chlúdach. Is é €15 an táille phoist má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn.

Léigh liosta iomlán na dtáillí pas.

An méid ama a thógann sé

Seiceáil na hamanna eisiúna reatha chun an fhaisnéis is déanaí a fháil.

An tseirbhís rianaigh do Phas

Is féidir leat stádas d'iarratais ar líne a sheiceáil leis an an tseirbhís rianaigh do phas.

Nuair nach féidir iarratas ar líne a dhéanamh

Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar phas. Mura bhfuil Pas Ar Líne ar fáil d'iarratais chéaduaire sa tír ina bhfuil tú i do chónaí, déan teagmháil le do Chonsalacht nó Ambasáid na hÉireann áitiúil chun faisnéis a fháil faoi conas foirm pháipéir a fháil agus conas í a chur isteach.

Ní féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil.

Iarratais ar pháipéar:

Má tá tú i do chónaí in Éirinn, i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór agus mura mian leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí fhoirm phas ar pháipéar a úsáid.

In Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór, cuirtear iarratais ar pháipéar isteach trí sheirbhís na bPasanna Luais.

Déan iarratas ar líne anois

Tosaigh d'iarratas ar líne

Téigh i dteagmháil linn

Léigh tuilleadh faoin gcaoi ar féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhís na bPasanna nó féach tuilleadh treoracha maidir le hiarratas a dhéanamh ar ár mol eolais.