DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/ga/dfa/pasanna. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

This content has moved here.

Tá m’ainm athraithe agam agus is mian liom go dtaispeánfar m’ainm nua ar mo phas - cé na cáipéisí is gá dom a chur ar aghaidh le m’iarratas ar phas?

De ghnáth, eiseofar pas in ainm an duine mar atá sé ar a theastas nó a teastas breithe. Mar sin féin, ceadaítear athrú ón ainm atá ar theastas breithe duine in imthosca áirithe. Mar shampla, nuair a athraíonn duine ainm i ndiaidh pósta nó comhpháirtíochta sibhialta.

Ní mór duit fianaise dhoiciméadach a chur ar aghaidh chun tacú le haon athrú ar ainm. Tá achoimre thíos ar cháipéisí breise a bheidh ort a chur ar aghaidh le d’iarratas ar phas. Tá na cáipéisí sin riachtanach maidir le hiarratais ar líne ar an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne agus maidir le hiarratais ar pháipéar.

Má tá pas agat cheana féin agus más mian leat d’ainm nua a chur air, beidh ort iarratas ar phas nua a dhéanamh agus na cáipéisí riachtanacha a chur ar aghaidh le d’iarratas. Beidh ort do phas reatha/an pas is déanaí atá agat a thabhairt ar ais do Sheirbhís na bPasanna.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do chéad phas agus má tá an t-ainm is mian leat a bheith ar do phas difriúil ón ainm ar do theastas breithe, ní mór duit na cáipéisí riachtanacha a chur le do chéad iarratas.

Cáipéisí breise atá riachtanach chun tacú le hathrú ar ainm:

  • An teastas pósta shibhialta nó comhpháirtíochta sibhialta bunaidh
  • An pas reatha (más athnuachan atá i gceist)
  • An teastas pósta shibhialta nó comhpháirtíochta sibhialta bunaidh
  • An teastas breithe bunaidh
  • Foraithne Cholscartha nó Idirscartha Bhreithiúnaigh (deimhnithe ag dlíodóirí/cúirteanna)
  • An pas reatha (más athnuachan atá i gceist) 

Mura bhfuil fáil ar pháipéir cholscartha nó scartha, féadfaidh tú an t-ainm ar do phas a athrú ach cruthúnas go bhfuil an t-ainm nua in úsáid (féach thíos) a chur ar fáil.

  • An teastas breithe bunaidh    
  • Beidh ort dhá cháipéis a chur ar aghaidh a léiríonn go bhfuil d’ainm nua in úsáid agat, amhail ceadúnas tiomána, cárta aitheantais coláiste, tuairisc scoile, admhálacha leasa shóisialaigh, duillín pá, billí fóntais, ráitis bhainc nó comhfhreagras oifigiúil ó eagraíocht san earnáil phoiblí nó phríobháideach. Ní mór an dáta ar na cáipéisí sin a bheith dhá bhliain ar a laghad ón dáta a ndéanann tú d’iarratas.

TABHAIR FAOI DEARA: Is féidir cóip de Chárta Seirbhísí Poiblí bailí arna eisiúint i d’ainm nua a mheas mar cháipéis amháin a léiríonn cruthúnas ar úsáid, fiú sa chás gur eisíodh an cárta níos lú ná dhá bhliain ó shin.

Ná seoltar fótachóipeanna, deimhnithe breithe gearrfhoirme ná deimhnithe lannacha. Tá aistriúcháin dheimhnithe riachtanach mura bhfuil na cáipéisí i mBéarla nó i nGaeilge. Ní sé riachtanach go n-athrófaí ainm trí Ghníomhas Aonpháirtí agus ní leor é ach an oiread, ach d'fhéadfaí glacadh leis mar chruthúnas comhlántach ar úsáid.

Má tá eolas uait faoi athrú ar ainm in imthosca ar bith eile, déan teagmháil le Seirbhís na bPasanna

An féidir tagairt a chur ar mo phas?

De ghnáth, eiseofar pas le hainm an duine mar atá sé ar a theastas nó a teastas breithe. Sa chás gur athraigh iarratasóir a ainm nó a hainm (mar shampla, i ndiaidh pósta nó comhpháirtíochta sibhialta) agus gur mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar phas san ainm nua, d’fhéadfadh sé nó sí a bheith fós ag iarraidh an t-ainm ar an teastas breithe a chur ar an bpas. I gcásanna den sórt sin, is féidir an t-ainm ar an teastas breithe a chur mar thagairt ar leathanach 3 den leabhar pas. Ní féidir tagairtí a chur ar chártaí pas.

Sa chás go bhfuil tú ag athnuachan do phas ar líne agus gur mian leat tagairt a chur air, roghnaigh an rogha ábhartha i rith an phróisis iarratais ar líne. Sa chás go bhfuil tú ag cur iarratas páipéir ar aghaidh, féach Cuid 2 B den fhoirm iarratais.

Más mian leat an t-ainm ar do theastas breithe a thaifeadadh mar thagairt ar do leabhar pas nua, agus mura bhfuil sé taifeadta mar thagairt ar leabhar pas roimhe seo, ní mór duit do theastas breithe bunaidh a chur le d’iarratas.

Más mian leat é, is féidir uimhir do phas roimhe seo a bheith mar thagairt.

I bhformhór mór na gcásanna ní gá tagairt a chur ar do phas.