Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Scoláirí Uíbh Eachach

Is deis é clár Scoláirí Uíbh Eachach do dhaltaí meánscoile a dtuairimí faoi ról na hÉireann sa domhan mór a roinnt agus a bheith rannpháirteach sa phlé faoin gcaoi a gcuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála luachanna, leasanna agus leas eacnamaíochta na hÉireann agus a muintire chun cinn thar lear. Tá sé dírithe ar dhaltaí na hIdirbhliana.

People chatting

Is féidir le daltaí cur isteach ar an gcomórtas ar cheann de dhá bhealach: trí aiste a scríobh (gan dul thar 500 focal), nó trí fhíseán a thaifeadadh (gan dul thar dhá nóiméad go leith), ar théama na bliana seo “Luachanna na hÉireann”. Agus aghaidh á thabhairt ar an téama seo, spreagaimid daltaí le machnamh cruthaitheach a dhéanamh ar thionchar luachanna na hÉireann ar an stáitse domhanda agus a fhiafraí cad iad na luachanna sin, cén chaoi ar fhorbair siad le himeacht ama agus cén chaoi a mbíonn tionchar acu ar áit na hÉireann sa domhan mór?

An duais don tríocha freagra is cruthaithí, is mó a ndearnadh machnamh orthu agus is fearr a spreagfadh smaointeoireacht ná deis taithí seachtaine a fháil ar shaol an taidhleora i gceannáras na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i dTeach Uíbh Eachach, i mBaile Átha Cliath. Iarrtar ar scoileanna iontráil amháin in aghaidh na scoile a dhéanamh.

Le tuilleadh eolais a fháil úsáid an fhoirm theagmhála atá ar fáil anseo, roghnaigh ‘Gach ceist eile’, agus luaigh ‘Global Horizons’ sa bhosca iarratais.

Is é an 30 Samhain 2014 an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha.