Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann

Féachtar leis an tionscadal Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann ar chartlann na Roinne Gnóthaí Eachtrach chun léargas suimiúil a thabhairt duit mar a d’fhorbair ár mbeartas eachtrach ó 1919.

Táimid ag obair le Acadamh Ríoga na hÉireann agus le Cartlann Náisiúnta na hÉireann ó 1997 chun an tionscadal Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann a thabhairt duit, sraith fíorshuimiúil d’fhoilseacháin bunábhair ónar gcartlann.

Is ábhar léitheoireachta riachtanach iad na foilseacháin sin d’aon duine a bhfuil suim acu i Nua-Stair na hÉireann agus is féidir an t-ábhar sin a íoschóipéil saor in aisce nó cóip chrua a cheannach ar líne

Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann Imleabhar 8 (1945-1948)

Ór na Naitsithe, coirpigh cogaidh ar a dteitheadh, bagairt ó chogadh núicléach agus Cumannachas ag dul ó neart go neart. Léigh mar a chuaigh taidhleoirí na hÉireann i ngleic leo sin agus le dúshláin eile i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda in Imleabhar 8 de Dhoiciméid ar Bheartas Eachtrach na hÉireann (1945-1948).

Féadfaidh tú roinnt imleabhar a íoschóipeáil saor in aisce nó leaganacha crua a cheannach ar líne.

Cé gur ceapadh roimhe seo gur beag a tharla sa tréimhse seo agus go raibh Éire aonraithe tríd is tríd, go deimhin, facthas Éire sna blianta i ndiaidh an chogaidh ag dul i ngleic le raon leathan eagraíochtaí iltaobhach, osclaíodh Ambasáidí agus Consalachtaí nua agus feabhsaíodh caidreamh na tíre seo le stáit eile, go háirithe na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain, caidrimh a raibh damáiste déanta ag an Dara Cogadh Domhanda dóibh.

Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann ó 1923 go dtí 1932

Tá cnuasach nua de dhoiciméid maidir le beartas eachtrach na hÉireann ó 1923 go dtí 1932 ar fáil saor in aisce ar líne. Seo a leanas roinnt den ábhar atá clúdaithe:

  • Dearcadh idirnáisiúnta agus taidhleoireachta ar mhíonna deiridh Chogadh Cathartha na hÉireann
  • Coimisiún na Teorann
  • Éire a scaoileadh isteach i gConradh na Náisiún
  • Comhthionóil Chonradh na Náisiún ó 1923 go dtí 1931
  • Éire á toghadh chuig Comhairle an Chonartha in 1929 agus téarma na hÉireann ar an gComhairle 1930-32 (go dtí Feabhra 1932)
  • Na Comhdhálacha Impiriúla 1923, 1926 agus 1931 agus beartas an Chomhlathais go dtí 1932
  • Dearbhú Balfour (1926) agus Reacht Westminster (1931)
  • Caidrimh déthaobhacha leis an mBreatain, leis na Stáit Aontaithe, leis an bhFrainc, leis an nGearmáin agus le Cathair na Vatacáine
  • Ionradh na Seapáine ar an Manchúir
  • Titim Weimar na Gearmáine agus teacht chun cinn an Naitsíochais
  • Dearcadh na hÉireann ar Phlean Briand d’Aontas na hEorpa (1930)
  • An Spealadh Mór

Tuilleadh eolais

Féach ar an láithreán gréasáin Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal.