Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Is faisnéis shonrach atá sna sonraí seo a leanas maidir leis na sonraí pearsanta arna bpróiseáil do Chiste Meán Simon Cumbers

1.       Cuspóir ar leith:

Riarann DHR Communications Ciste Meán Simon Cumbers thar ceann Chúnamh Éireann ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

2.       An bunús dleathach:

An tAcht Airí agus Rúnaithe 2011

3.       Faighteoirí: 

DHR Communications – Fluid Review

4.       Aistrithe lasmuigh den AE: 

Ní aistrítear aon sonraí lasmuigh den AE.

5.       Tréimhse Choinneála:

Ní choinneoidh an Roinn na sonraí a bhaileofar chun na críche seo ach amháin chomh fada is go bhfuil gá ó thaobh gnó de é sin a dhéanamh ag teacht leis an gcuspóir (na cuspóirí) dar bailíodh iad. Tar éis an ama sin marcálfar iad le scriosadh agus scriosfar iad de réir treoirlínte inmheánacha nó treoirlínte maidir le scriosadh a fuarthas ó Oifig Náisiúnta na gCartlann nó ceadanna gaolmhara a fuarthas uathu.

Ní choinneoidh riarthóirí an Chiste ach an fhaisnéis atá sna hiarratais a n-éireoidh leo. Coinneofar an fhaisnéis sin ar feadh tréimhse éiginnte. Tá sé seo de dhíth mar thaifead ar fhaighteoirí an Chiste agus ar thionscadail chríochnaithe.  

Nuair is oibleagáid reachtúil nó conartha é an soláthar sonraí:

Tá na sonraí atá á soláthar chun na críche sin á n-iarraidh faoi cheanglais an Achta Airí agus Rúnaithe, 2011 cumhacht dílsithe san Aire agus má roghnaíonn an custaiméir gan an fhaisnéis sin a sholáthar ní féidir leanúint dá iarratas ar Chiste Meán Simon Cumbers.

6.       Cinnteoireacht Uathoibríoch: 

Ní dhéantar aon chinnteoireacht uathoibríoch i rith an phróisis.

7.       Faisnéis ó Thríú Páirtí:

Fuarthas do shonraí pearsanta maidir le Ciste Meán Simon Cumbers ó DHR Communications de réir cheanglas na Roinne seo Ciste Meán Simon Cumbers a riar thar ceann Chúnamh Éireann ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.  In imthosca nár bhailigh an Roinn seo do shonraí pearsanta, tá tú fós i dteideal do chearta a fheidhmiú i ndáil leis na sonraí pearsanta seo agus tá mionsonraí maidir le cearta daoine aonair a fheidhmiú le fáil anseo.