Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí
Baineann an fhaisnéis seo le custaiméirí uile na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tiomanta do na sonraí pearsanta a thugann a cuid custaiméirí di a choinneáil slán agus sábháilte le linn próiseas riaracháin. Tá na bearta riachtanacha teicniúla ar fad curtha i bhfeidhm chun slándáil agus sábháilteacht na gcóras ina gcoinnítear na sonraí seo a chinntiú.
Tá follasacht agus oscailteacht maidir le húsáid sonraí pearsanta tábhachtach don Roinn agus mar sin, tá sé i gceist againn ár gcustaiméirí uile a choinneáil ar an eolas faoin gcúis agus faoin bhfáth a n-úsáidfear a gcuid sonraí, faoi na háiteanna eile a bhféadfaí a gcuid sonraí a roinnt agus faoin achar ar féidir leis an Roinn a gcuid sonraí a choinneáil. Cuirfear faisnéis maidir le cearta na gcustaiméirí ar fáil chomh maith.
Is iad na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 - 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE 2016/679) an reachtaíocht reatha do Chosaint Sonraí in Éirinn. Is í an Roinn féin an Rialaitheoir Sonraí do bhailiú agus do phróiseáil gach sonra phearsanta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, mar eintiteas dlíthiúil.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na bealaí seo a leanas:
An tOifigeach Cosanta Sonraí,
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
76/78 Sráid Fhearchair,
Baile Átha Cliath 2,
D02 DX45
Ríomhphost: data[dot]protection[at]dfa.ie
Ní úsáidfear sonraí pearsanta a phróiseálfar sa Roinn ach amháin ar chúis(eanna) faoi leith a leagfar amach agus an fhaisnéis á bailiú, nó i gcumarsáid eile ina dhiaidh sin, agus úsáidfear é de réir na reachtaíochta cuí um Chosaint Sonraí.
Cearta an duine aonair maidir le sonraí pearsanta a choinníonn an Roinn:
Nuair a thugann tusa, mar chustaiméir, sonraí pearsanta don Roinn tá cearta faoi leith ar fáil duit i dtaca leis na sonraí sin. Leagtar amach thíos na cearta sin agus is féidir iad a bhaint amach trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, a dtugtar a s(h)onraí teagmhála thuas, agus a rá leis/léi cé na cearta is mian leat a chur i bhfeidhm:
- Ceart rochtana
- Ceart coigeartaithe
- Ceart scriosta
- Ceart srianta próiseála
- Ceart iniomparthachta sonraí
- Srianadh próiseála
- Iniomparthacht sonraí
- Cur i gcoinne próiseála
- Toiliú a tharraingt siar má thug siad cheana é maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta i dtaca le cinnteoireacht uathoibríoch, próifíliú san áireamh
- Déan gearán leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh GDPR.
Ba chóir gearáin a dhéanamh i scríbhinn agus a chur chuig:
info@dataprotection.ie
nó
An Coimisinéir Cosanta Sonraí,
Teach na Canála,
Bóthar an Stáisiúin,
Cúil an tSúdaire,
Co. Laoise
Tá deasc chabhrach ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí chomh maith, ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ag 0761 104 800 nó Íosghlao 1890 252231
Polasaí maidir le Príobháideachas Teicniúil
Tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála urraim do chearta a cuid úsáideoirí agus, tríd is tríd, ní bhailíonn sí faisnéis phearsanta de chineál ar bith. Nuair a chuireann úsáideoir faisnéis phearsanta ar fáil ar bhonn saorálach is chun na críocha a cuireadh an fhaisnéis ar fáil a úsáidfear í, agus ní thugtar d'aon tríú páirtí í, seachas nuair a chuirtear faisnéis ar fáil chun úsáid a bhaint as chun cabhair éigeandála a chur ar fáil do shaoránaigh Éireannacha thar lear.
I gcás gnáthbhrabhsála gréasáin ní dhéantar aon fhaisnéis phearsanta a nochtadh dúinn, cé go mbíonn faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse idirlín. Is féidir go mbeadh seoladh loighciúil d'fhreastalaí, an t-ainm fearainn uasleibhéil óna mbíonn teacht agat ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org srl), an cineál brabhsálaí atá á úsáid agat, an dáta agus an t-am a dtagann tú ar ár láithreán agus an seoladh idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár láithreán ar chuid den fhaisnéis seo.
Baintear úsáid as cuid den fhaisnéis sin thuas chun staitisticí achoimre a chruthú lena dtugtar an deis dúinn teacht ar an líon cuairteoirí chuig ár láithreán, agus na leathanaigh sin is minice a dhírítear orthu a aithint. Úsáidimid na staitisticí seo le cuidiú linn ár láithreán a dhéanamh níos furasta a úsáid.