Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhairle ar infheistíocht i lonnaíochtaí Iosraelacha i gcríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

Comhairle do Shaoránaigh agus Gnólachtaí Éireannacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí airgeadais agus eacnamaíochta i lonnaíochtaí Iosraelacha i gCríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil.

Tá seasamh shoiléir ag Éire agus ag Comhpháirtithe AE maidir le lonnaíochtaí Iosraelacha. Is críocha iad an Bruach Thiar, lena n-áirítear an Iarúsailéim Thoir, Gaza, agus Arda Golan atá faoi fhorghabháil Iosrael ó 1967. Tá lonnaíochtaí Iosraelacha mídhleathach faoi dhlí idirnáisiúnta, agus ciallaíonn sin go bhfuil siad mar bhac do shíocháin agus mar bhagairt nach mbainfear amach réiteach dhá stát ar an easaontas Iosraelach-Palaistíneach go deo. Ní thabharfaidh an tAE agus a Bhallstáit aitheantas d’athrú ar bith ar na teorannacha roimh-1967, cinn Iarúsailéim san áireamh, seachas na hathruithe sin arna gcomhaontú ag na páirtithe.

Dá réir sin is mian leis an Rialtas comhairle a thabhairt don phobal i gcoitinne, agus ach go háirithe, cuideachtaí agus gnólachtaí na hÉireann faoi na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus airgeadais sna lonnaíochtaí agus a dhéanamh soiléir nach molaimid ná nach dtacaímid ar bhealach ar bith le gníomhaíocht ar bith den sórt sin.

Baineann rioscaí dlíthiúla agus eacnamaíochta le hidirbhearta airgeadais, infheistíochtaí, ceannacháin, soláthair mar aon le gníomhaíochtaí eacnamaíochta eile (lena n-áirítear seirbhísí ar nós turasóireacht) i lonnaíochtaí Iosraelacha nó atá chun leasa lonnaíochtaí Iosraelacha, de bharr go bhfuil lonnaíochtaí Iosraelacha, de réir dlí idirnáisiúnta, tógtha ar thalamh sealbhaithe agus nach n-aithnítear iad mar chuid dhlisteanach de chríocha Iosrael. Mar thoradh air sin d’fhéadfadh go mbeadh teidlíochtaí talún, uisce, mianraí nó acmhainní nádúrtha eile faoi dhíospóid a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ceannacháin nó infheistíochta.

Ba chóir go mbeadh saoránaigh agus gnólachtaí Éireannacha ar an eolas faoi na himpleachtaí ó thaobh cáil de a d’fhéadfadh eascairt as páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eacnamaíochta agus airgeadais sna lonnaíochtaí mar aon leis an mí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cearta daoine aonair. Ba chóir do dhuine nó cuideachta ar bith atá ag smaoineamh ar bhaint eacnamaíochta nó airgeadais ar bith a bheith acu leis na lonnaíochtaí comhairle dlí chuí a lorg sula dtéann siad ar aghaidh leis.

Ba chóir go mbeadh ceannaitheoirí agus infheisteoirí ionchasacha ar an eolas go bhfuil baol ann go mbeadh tionchar ag réiteach síochána amach anseo idir Israel agus na Palaistínigh, nó idir Israel agus an tSiria, ar an maoin a cheannaíonn siad nó ar na gníomhaíochtaí eacnamaíochta a chuireann siad chun cinn sna lonnaíochtaí seo. I gcás díospóidí, d’fhéadfadh sé a bheith an-deacair ag Ballstáit cosaint náisiúnta ar a gcuid leasanna a chinntiú.

Ba mhian leis an Rialtas freisin a bheartas fadsheasmhach maidir le bheith glan in aghaidh cineál ar bith baghcait dírithe ar Iosrael a lua arís mar aon lena ghealltanas láidir leanúnach maidir lenár gceangail trádála agus gnó le hIosrael a chur chun cinn go hiomlán.