An Cás i nGaza agus in Iosrael – Cad é seasamh na hÉireann?
Teastaíonn ó Éirinn sos comhraic buan agus inbhuanaithe a fheiceáil, go gcuirfí deireadh leis an mbac ar Ghaza, an phríomhchúis atá leis an gcoinbhleacht uafásach seo agus ar deireadh go mbunófar réiteach dé-stáit a bheidh bunaithe ar theorainneacha 1967.
Leanfaimid ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim agus ar an gcás daonnachta atá romhainn anois i nGaza. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an bhforéigean.
Glacann Éire go hiomlán go bhfuil sé de cheart ag Rialtas Iosrael a ndaoine a chosaint, ach ní shéanann an ceart sin na cearta atá ag daoine eile. Caithfear aon úsáid a bhaintear as fórsa míleata ar mhaithe le féinchosaint a bheith déanta de réir dlí daonnachta idirnáisiúnta, agus go háirithe sin a bheith idirdhealaitheach agus comhréireach araon.
Ar aon dul, cáinimid diúracáin a bheith á scaoileadh ag Hamas agus ag grúpaí mhíleatacha eile as Gaza isteach in Iosrael.
Tá sé ráite arís agus arís eile ag Éirinn nach leanfar le haon sos comhraic gan iarracht pholaitiúil thromchúiseach chun aghaidh a thabhairt ar an cúiseanna atá leis an gcás tubaisteach i nGaza.
Tá sé ríthábhachtach go dtabharfar chun deireadh na srianta atá curtha ar dhaoine leis an mbac leanúnach ag Iosrael agus Gaza a bheith fágtha dúnta amach ón saol mór. Má leantar le rudaí mar atá agus gan aon pheirspictíocht pholaitiúil ná eacnamaíoch a roinnt le daoine i nGaza don todhchaí is cinnte gur gníomhartha antoisceacha a bheidh mar thoradh orthu.
An raibh a fhios agat gurb í Éirinn an chéad bhallstát den AE a dhearbhaigh go gcaithfí Stát Palaistíne iomlán ceannasach, a bheadh neamhspleách ó Iosrael ach a bheadh ag gníomhú in aice léi, a bhunú mar réiteach ar an aighneas sa Mheán Oirthear?
Rinneadh sin in 1980, i ndearbhú i gcomhar idir Airí Gnóthaí Eachtracha na hÉireann agus Bahrain.
Ón tráth sin, thug gach Rialtas de chuid na hÉireann ardtosaíocht do ghnóthachtáil “réiteach dhá stát”, agus é sin anois an sprioc atá inghlactha ag gach iarracht idirnáisiúnta. Is beartas ardtosaíochta gnóthaí eachtracha don Rialtas i gcónaí Próiseas na Síochána san Mheán Oirthear. I gcomhar lenár gcomhpháirtithe san AE, tacaíonn Éire le gach iarracht tús a chur an athuair le idirbheartaíochtaí cuimsitheacha do chomhaontú síochána foriomlán.
An tacaíocht a thugaimid do Mhuintir na Palaistíne
Mar sin dhírigh Éire le blianta fada anuas ar éagóir agus ar shárú chearta an duine a bhí á bhfulaingt ag Palaistínigh ina dtír dhúchais. Ar na nithe sin, talamh a bheith á ghabháil do lonnaíochtaí Iosrael, teaghlaigh a bheith á ndíshealbhú, tithe cónaithe agus foirgnimh feirme, toibreacha agus tancanna uisce, crainn agus barra curaíochta a bheith á scrios, chomh maith le bacainní ar ghluaiseacht agus ar chóireáil neamhchothrom.
Creidimid nach féidir fanacht le comhaontú síochána foriomlán chun tabhairt faoi na saincheisteanna ríthábhachtacha sin, agus go gcaithfear dul i mbun gnímh lena chinntiú go gcoimeádfar an inmharthanacht atá le réiteach dhá stát.
An cúnamh a thugaimid
Thacaigh Éire go díreach le muintir na Palaistíne le breis agus scór bliain, agus leanfar á dhéanamh sin.
Tá gealltanas ann le fada an lá ann stát Palaistíne ceannasach, inmharthana a fhorbairt, agus is ar an sprioc sin atá ár n-iarrachtaí taidhleoireachta dírithe.
D’ardaigh na leibhéil maoinithe de réir a chéile le blianta beaga anuas, ó €4.49 milliún in 2005 go dtí €10.7 milliún in 2013.
Leis an maoiniú sin soláthraítear cúnamh éigeandála do na daoine is leochailí agus tugtar tacaíocht freisin d’Údarás na Palaistíne seirbhísí poiblí a sheachadadh.
Tá €10 milliún i gcúnamh Chúnamh Éireann ceadaithe in iomlán go dtí seo in 2014 do mhuintir na Palaistíne.
Tacaíonn Éire le fada an lá le hobair UNRWA
Soláthraíodh €4 milliún do UNRWA in 2014 agus ainmníodh €1 milliún den líon airgid sin d’obair UNRWA’s do dhídeanaithe na Palaistíne san Liobáin.
An mhí seo caite sholáthair Éire €500,000 d’Achainí Phráinneach Éigeandála Ghaza de chuid UNRWA
Tagann sin sa bhreis ar mhaoiniú d’Údarás na Palaistíne, go háirithe i ndáil le hoideachas, agus maoiniú aonair ó thionscadail sonracha ag Eagraíochtaí Neamhrialtais ar an talamh.
Cad a theastaíonn
Tá 1.7 milliún duine ina gcónaí i Stráice Ghaza, lena n-áirítear 1.2 milliún dídeanach Palaistíneach, i réimse talún 360km2 – níos lú arís ná leath Chontae Lú na tíre seo.
Ón mbliain 2003, bhí cás socheacnamaíoch i nGaza ag dul i léig go leanúnach.
Le tabhairt isteach na mbacainní in 2007, is amhlaidh a chuaigh an cás in olcas go leibhéal géarchéime, agus sin mar atá go dtí an lá atá inniu ann.
Braitheann 80% den daonra ar chúnamh idirnáisiúnta.
Míniú ar an gcinneadh a rinne muid staonadh ag Comhairle um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe
Ag Comhairle um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, thacaigh Éire go hiomlán, go ndéanfaí imscrúdú iomlán ar aon shárú a rinneadh ar an dlí idirnáisiúnta agus lorg siad go ndéanfaí amhlaidh.
B’fhearr linne é sa chás sin go mbeadh leas bainte as na struchtúir agus an saineolas reatha atá ag Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine chun an imscrúdú is luaithe agus ab fhéidir a dhéanamh ach tacófar go gníomhach anois le feidhmiú an Rúin atá glactha.
Tá imní fíor-thromchúiseach ag Éire maidir leis an dréacht-rún ar Iosrael/An Phalaistín – sin é an fáth a staon muid i gcomhar le hocht dtír eile de chuid an AE ar baill iad den Chomhairle um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe. Níor bhain an ábhar imní sin leis an mbunús ginearálta, ach maidir le téarmaí beachta an rúin a rabhthas ag iarraidh orainn vótáil air – rud éigin é sin nach mór dúinn a chur san áireamh i gcónaí.
Léigh na Ráitis is déanaí uainn
Aiféala ar an Aire Flanagan gur chlis ar an sos cogaidh i nGaza agus in Iosrael
Aitheasc an Aire Flanagan chuig an Seanad maidir le Gaza agus an Úcráin
Tacaíocht leanúnach na hÉireann á ghealladh ag an Aire Sherlock do mhuintir na Palaistíne
Labhraíonn an tAire le hAmbasadóir Iosrael: Iarratas ar dheireadh láithreach le foréigean
Cruinniú idir an tAire Flanagan agus Ambasadóir na Palaistíne