Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cad a dhéanann an tSeirbhís Phrótacail?

Group Excellence Award

Tá ról lárnach ag na foirne Prótacail agus Preasa maidir le cuairteanna isteach ollmhóra a eagrú. Cuireann siad sin an méid agus is féidir le deiseanna chun leasanna na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.

Bainistíonn am fhoireann Phrótacail cuairteanna thar lear de chuid an Uachtaráin agus cuairteanna chun na hÉireann ó Cheannairí Stáit, ó Cheannairí Rialtais agus ó Uaisle ón gCoigríoch agus cuidíonn siad leis an bpobal taidhleoireachta in Éirinn.

Eagraíonn siad clár agus lóistíocht na gcuairteanna a dhéanann an tUachtarán thar lear agus is iad a bhíonn i gceannas ar bhainistiú cuairteanna chuig an Stát. Cuireann na cuairteanna sin an méid agus is féidir le deiseanna chun seasamh polaitiúil, eacnamúil agus cultúir na hÉireann a chur chun cinn thar lear.

Thug an Taoiseach Enda Kenny aitheantas don obair ollmhór a dhéanann Seirbhísí Prótacail agus Preasa na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála trí Ghradam Sárchleachtais Seirbhíse Poiblí a bhronnadh orthu i ndiaidh chuairteanna ar éirigh thar cionn leo chun na hÉireann ón mBanríon Eilís II agus ón Uachtarán Obama i mí na Bealtaine 2011.  Tugadh ardmholadh do chomh maith agus ar éirigh leis an gcuairt Stáit a rinne an Bhanríon Eilís II, lena fear céile Diúc Dhún Éideann ón 17 Bealtaine go dtí an 20 Bealtaine 2011 agus bhronn an Rialtas an gradam speisialta ar obair fhoireann na Roinne Prótacail.

Comhlíonann an tSeirbhís Phrótacail na nithe seo a leanas, sa bhreis ar a bhfreagrachtaí bainistithe maidir le cuairteanna ardleibhéal:

  • tugtar tacaíocht d’oibriú 120 Misean taidhleoireachta Cónaithe agus Neamh-Chónaithe creidiúnaithe i mBaile Átha Cliath
  • socraítear rannpháirtíocht an Chóir Taidhleoireachta in imeachtaí suntasacha in Éirinn
  • bainistítear seirbhís fáilteachais ar ardchaighdeán agus atá éifeachtach ó thaobh costais do shiamsa an Stáit
  • bainistítear imréitigh taidhleoireachta d'eitleáin agus báid cabhlaigh Stáit a bhíonn ag teacht isteach agus ag dul amach
The Taoiseach presenting an Excellence Award to our team

An Taoiseach ag bronnadh Gradam Sárchleachtais ar an bhfoireann

Ghnéithe Eile

Léigh faoi ghnéithe eile ar an obair a dhéanaimid anseo ag baile agus thar lear.