DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/ga/dfa/pasanna. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Níos lú ná 3 lá oibre

Athnuachana Gasta

I gcás éigeandála féadaimid do phas a eisiúint ar an lá. Caithfidh Oifig na bPasanna fianaise tacaíochta a fheiceáil le bheith sásta go gcaithfear taisteal láithreach a dhéanamh mar gheall ar bhás nó ar thinneas tromchúiseach duine den teaghlach nó ar mhaithe le cóir leighis éigeandála don iarratasóir.

Anuas air sin tá Seirbhís Phíolótach Athnuachana Gasta tugtha isteach ag Oifig na bPasanna i Sráid Theach Laighean, i mBaile Átha Cliath. Éascóidh sé sin, nuair is féidir, pas a athnuachan d’Aosach nó do Leanbh atá le dul ag taisteal i níos lú ná 3 lá oibre.

Ní féidir le hiarratasóir céaduaire, ar Aosach nó Leanbh é, leas a bhaint as an tseirbhís seo. I ngach cúinse eile tógfaidh sé 3 lá oibre ar a laghad pas a eisiúint.

Níl an tseirbhís seo ar fáil ach trí Oifig Bhaile Átha Cliath, Sráid Theach Laighean. Más mian leat coinne a dhéanamh don tSeirbhís Athnuachana Gasta tabhairt cuairt ar www.passportappointments.ie