Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Breatimeacht – Toradh an Reifrinn sa Ríocht Aontaithe

All-Island Civil Dialogue on Brexit

Ar an 23 Meitheamh 2016, chinn muintir na Breataine go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach. Cé gurbh údar díomá don Rialtas an cinneadh sin, ghlac sé leis agus bhí sé lán-ullmhaithe i gcomhair an toraidh sin. Bhí ról ríthábhachtach ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir le plean teagmhasach an Rialtais a chur i bhfeidhm agus freagairt straitéiseach na hÉireann ar an mBreatimeacht a cheapadh.

Gné thábhachtach den fhreagairt straitéiseach sin a bhí san iarracht taidhleoireachta chuimsitheach, spriocdhírithe ar fud na hEorpa agus leis an Ríocht Aontaithe, chomh maith le rannpháirtíocht ghníomhach leis na páirtithe i dTuaisceart Éireann, chun féachaint chuige go dtuigfí go cruinn impleachtaí an Bhreatimeachta d'Éirinn. Bhí an iarracht sin dírithe ar a chinntiú go dtabharfadh ár gcomhpháirtithe aitheantas d'ábhair imní na hÉireann agus go dtacófaí lenár gcuspóirí agus ár dtosaíochtaí i gcomhair na caibidlíochta a bhí romhainn maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Ba léir na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin ón tús:

  • Cosaint iomlán a thabhairt do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus don mhéid a baineadh amach le linn phróiseas na síochána, agus teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint;
  • An Comhlimistéar Taistil a choinneáil i bhfeidhm;
  • Íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar ar chúrsaí trádála agus geilleagar na hÉireann;
  • A chinntiú go mbeadh Éire fós i gcroílár an Aontais, agus go mbeadh an tAontas ag feidhmiú go héifeachtach.

Ar an 24 Meitheamh 2016, cuireadh plean na Roinne i ngníomh láithreach bonn. Thaistil an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus a chuid oifigeach chuig tíortha ar fud na hEorpa chun a mhíniú do Bhallstáit eile cé na dúshláin mhóra a bheidh le sárú ag Éirinn mar gheall ar chinneadh na Ríochta Aontaithe. Rinne misin taidhleoireachta na hÉireann ar fud an domhain, agus go háirithe iadsan san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe, comhlánú ar na hiarrachtaí sin trí rannpháirtíocht leanúnach lenár gcomhpháirtithe ar an láthair agus leis an mórphobal ar fud na hEorpa agus sa Ríocht Aontaithe.

Ag tógáil ar shraith chomhordaithe cruinnithe a bhí ag Airí le pobail Éireannacha sa Ríocht Aontaithe i rith na tréimhse roimh an Reifreann, coinníodh leis an rannpháirtíocht leis an bpobal Éireannach i gcaitheamh na bliana. Ina theannta sin, eagraíodh comhairliúcháin rialta le páirtithe leasmhara sa bhaile, lena n-áirítear tríd an gComhairle Trádála Easpórtála, lena chinntiú go raibh a n-ábhair imní á léiriú i seasamh an Rialtais i leith na caibidlíochta.

Faoin am go raibh cúpla seachtain imithe tharainn ó lá an reifrinn, bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tar éis labhairt lena mhacasamhla go léir san Aontas Eorpach, le Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine agus le Státrúnaí Thuaisceart Éireann, agus le ceannairí na bpáirtithe uile i dTuaisceart Éireann. Lean na teagmhálacha sin don chuid eile den bhliain 2016 agus áiríodh leo cruinniú ríthábhachtach i mBaile Átha Cliath ar an 12 Deireadh Fómhair le Michel Barnier, a bhí ceaptha go gairid roimhe sin mar príomhchaibidleoir an Aontais Eorpaigh i gcomhair na gcainteanna faoin mBreatimeacht.

San iomlán, ó 24 Meitheamh go dtí deireadh na bliana 2016, tionóladh breis is 140 cruinniú ar leibhéal Aire agus leibhéal na n-oifigeach le comhpháirtithe san Aontas Eorpach, leis an Ríocht Aontaithe agus le páirtithe i dTuaisceart Éireann. Bhí siadsan go léir dírithe ar thacaíocht a fháil do thosaíochtaí na hÉireann i leith an Bhreatimeachta. D'éirigh leis an mór-iarracht taidhleoireachta sin, agus d'eascair aisti ar deireadh gur tugadh aitheantas láidir d'ábhair imní agus tosaíochtaí na hÉireann i seasaimh chaibidlíochta an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe agus gur thacaigh ár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach linn maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann a bheith ina n-ábhar tosaíochta sa chaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.