- Forléargas
- Sábháilteacht agus Slándáil
- Dlíthe agus gnásanna áitiúla
- Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
- Eolas Breise
Forléargas
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas Slándála
Bí an-Chúramach
Foláireamh Taistil is Déanaí
Beidh an chéad bhabhta de thoghcháin náisiúnta na Brasaíle ag tarlú ar an 2 Deireadh Fómhair, 2022, agus d’fhéadfadh an dara babhta vótála le haghaidh oifig an Uachtaráin agus Gobharnóireachtaí Stáit tarlú ar an 30 Deireadh Fómhair. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha aon agóidí nó léirsithe polaitiúla a sheachaint, súil a choimeád ar na meáin áitiúla, an treoir ó na húdaráis áitiúla a leanúint, agus teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i mBrasília nó leis an gConsalacht i São Paulo má bhíonn tuilleadh comhairle de dhíth orthu.
Taisteal chun na Brasaíle
Caithfidh gach paisinéir atá 12 bhliain d’aois agus níos sine atá ag teacht isteach sa Bhrasaíl ar eitleán cruthúnas maidir le vacsaíniú COVID-19 nó tástáil dhiúltach COVID-19 a thaispeáint.
Má bhíonn cruthúnas maidir le vacsaíniú COVID-19 á sholáthar, caithfidh taistealaithe cruthúnas a chur i láthair mar seo a leanas:
- Sula dtéann siad ar bord, caithfidh paisinéirí 12 bhliain d’aois agus níos sine cruthúnas maidir lena stádas vacsaínithe a thaispeáint (go leictreonach nó i bhfoirm chlóite).
- Caithfidh an vacsaín a bheith faofa ag an EDS nó ag údarás sláinte ábhartha sa tír ina dtugadh an vacsaín.
- Féadfaidh an cruthúnas ar vacsaíniú a bheith i mBéarla, i bPortaingéilis, nó i Spáinnis, agus caithfidh ainm nó ainm tráchtála an táirgeora, uimhir oird, dáileoga agus dáta na dáileoige/ndáileoga a tugadh agus ainm an taistealaí a bheith air.
- Ní ghlacfar le teastais téarnaimh COVID-19 in ionad cruthúnas maidir le vacsaíniú iomlán.
- Chun go nglacfar leis go bhfuil sé vacsaínithe go hiomlán, caithfidh an dáileog dheireanach a bheith faighte ag an taistealaí ar a laghad 14 lá sula rachaidh sé ar bord.
- Ní ghlacfar le cruthúnas ar vacsaíniú atá i bhfoirm cóid QR nó aon chód eile.
Má bhíonn tástáil dhiúltach COVID-19 á soláthar acu, caithfidh taistealaithe cruthúnas a sholáthar mar seo a leanas:
- Cruthúnas maidir le toradh diúltach nó neamh-inbhraite ó thástáil RT-PCT nó tástáil antaigine a rinneadh i saotharlann laistigh de lá amháin roimh dhul ar bord, a rinneadh i saotharlann a aithnítear sa tír imeachta.
- Caithfidh cruthúnas de thástáil dhiúltach a bheith i mBéarla, i bPortaingéilis nó i Spáinnis.
Má bhí COVID-19 ar thaistealaí sa 90 lá atá caite agus mura bhfuil siomptóim aige ach go leanann sé ag fáil torthaí deimhneacha ar thástáil COVID-19, ceadófar dó dul isteach má sholáthraíonn sé:
- Cruthúnas ar dhá thoradh inbhraite RT-PCR, a rinneadh le ar a laghad 14 lá eatarthu, agus an dara tástáil déanta laistigh de lá amháin de bheith ag dul ar bord.
- Teastas leighis a deir go bhfuil an taistealaí gan siomptóim agus go bhfuil sé inniúil taisteal, a áiríonn dátaí a thaisteal, scríofa i mBéarla, i bPortaingéilis nó i Spáinnis.
- Ní ghlacfar le ‘teastais téarnaimh’ gan cruthúnas eile.
Chun teacht ar thuilleadh sonraí, féach ar narialacháin is déanaí maidir le srianta taistil COVID-19.
Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha sa Bhrasaíl súil a choimeád ar fhorbairtí ar bhonn rialta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint. Féach ar na suíomhanna gréasáin ábhartha thíos.
Pan American Health Organization
Ba cheart go mbeadh saoránaigh ar an eolas gur chuir an Brasaíl deireadh le huathshíneadh víosaí. Ba cheart do shaoránaigh teagmháil a dhéanamh leis na Póilíní Feidearálacha a luaithe agus gur féidir chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na rialacha imirce intíre.
Comhairle Taistil Ghinearálta
Bíodh agus gur tháinig deireadh oifigiúil leis an idirghabháil mhíleata i Rio de Janeiro ar an 31 Nollaig 2018, tá neart dúshláin le sárú ag lucht slándála poiblí go fóill. Imscaradh trúpaí míleata chuig Rio de Janeiro roinnt uaireanta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear ag Cluichí Oilimpeacha 2016 agus arís sa bhliain 2017 agus 2018 mar iarracht dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus le foréigean. Bíodh agus nach mbíonn aon trioblóid le formhór na gcuairteanna ar Rio de Janeiro, ba cheart duit a bheith ar d’airdeall agus a bheith an-chúramach, go háirithe le linn feilte móra, amhail Carnival agus an Athbhliain. Is dócha go bhfeicfidh tú láithreacht phóilíní agus mhíleata ar na sráideanna.
Féadfaidh tuilte gan choinne agus sleamhnú láibe tarlú le linn tréimhsí báistí troma. Féadfaidh roinnt taismigh, léirscrios agus cur isteach ar thaisteal a bheith mar thoradh orthu. Le roinnt míonna anuas, bhí cásanna tragóideacha a bhain le tarluithe dá leithéid in Minas Gerais, Rio de Janeiro agus i gcodanna eile den Bhrasaíl. Molaimid go gcoimeádann tú súil ar na meáin áitiúla agus go dtéann tú i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla má tá tú ag cuimhneamh ar thaisteal chuig aon cheann de na ceantair a bualadh.
Reáchtáiltear agóidí i mBrasaíl go rialta mar fhreagra ar fhorbairtí polaitiúla. Cruthaíonn siad seo cur isteach mór ar bhóithre agus ar iompar poiblí. Tá srian ar dhaoine nach saoránaigh Brasaíleacha iad páirt a ghlacadh in agóidí sa Bhrasaíl agus ba cheart do shaoránaigh Éireannacha gach ceantar ina bhfuiltear ag súil le hagóidí tarlú a sheachaint, súil a choimeád ar na meáin áitiúla agus an treoir ó na húdaráis áitiúla a leanúint.
Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.
Molaimid duit an méid is mó gur féidir leat a fhoghlaim faoin mBrasaíl ó ghníomhairí taistil, ó thionscnóirí turais agus ó threoirleabhair sula rachaidh tú ar do thuras. Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má bhíonn fadhbanna agat agus tú sa Bhrasaíl, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.
Má bhíonn cás éigeandála ann, nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, is féidir leat dul i dteagmháil le hAmbasáid na hÉireann i mBrasília nó Consalacht na hÉireann in São Paulo ag an uimhir + 55 61 3248 8800.
Má ghlaonn tú orainn taobh amuigh de na huaireanta oibre, fág teachtaireacht agus luaigh:
- D’ainm
- An cineál faidhbe atá agat
- An áit ina bhfuil tú faoi láthair
- Do chuid sonraí teagmhála (uimhir fóin póca nó uimhir ghutháin don áit ina bhfuil tú ag fanacht)
Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí seo agus beidh duine dár mbaill foirne i dteagmháil leat.
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Corraíl shibhialta
Tá cúrsaí polaitíochta réasúnta cobhsaí sa Bhrasaíl ach uaireanta is féidir le corraíl shibhialta briseadh amach. D’fhéadfá teacht ar ghrúpaí de lucht léirsithe agus iad ag blocáil príomhbhóithre isteach agus amach as an bpríomhchathair, rud is cúis le moilleanna nó bealach a athrú.
Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó do thionscnóir turas.
Sceimhlitheoireacht
Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Bhrasaíl íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.
Coiriúlacht
Tá leibhéil choiriúlachta, lena n-áirítear mugálacha, lena mbaineann gunnaí go minic, ard agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
Mionghadaíocht
Ba chóir duit a bheith go mór ar an airdeall, go háirithe i gcathracha móra. Is féidir le robálacha sráide tarlú áit ar bith. Tuairiscítear go minic go dtagann daoine suas ag turasóirí ag ligean orthu gur oifigigh iad agus bíonn siad ag iarraidh fíneálacha ar an láthair a ghearradh orthu.
Tá foréigean idir buíonta coiriúlachta eagraithe agus póilíní réasúnta coitianta, go háirithe i gceantair áirithe de lárionaid uirbeacha mar Sâo Paulo agus Rio de Janeiro.
Favelas (slumaí)
Tá favelas (slumaí) i ngach cathair mhór sa Bhrasaíl; tá siad bocht agus is minic a bhíonn leibhéil arda de choiriúlacht fhoréigneach iontu.
Agus iad ag ullmhú do Chorn an Domhain in 2014 agus do na Cluichí Oilimpeacha in 2016, tá na póilíní i Rio de Janeiro imithe isteach go tréan sna favelas le fáil réidh le coiriúlacht agus gáinneáil ar dhrugaí. Ba chóir duit na ceantair sin a sheachaint i gcónaí.
Tá roinnt turas treoraithe maith de favelas áirithe i Rio de Janeiro, agus meastar go bhfuil siad sin sábháilte. Ach, níor chóir duit ar chúinse ar bith iarracht a dhéanamh dul isteach i favela ag aon am eile.
Ba chóir go mbeadh d'óstán/do sholáthróir cóiríochta in ann tuilleadh eolais a thabhairt duit.
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhrasaíl, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má tá cabhair uait.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bhrasaíl, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá stíl agus caighdeáin thiomána na Brasaíle an-éagsúil ó Éirinn.
Bí réidh le stopadh gan choinne, agus fainic linntreoga, feithiclí malla, feithiclí ag athrú lánaí gan é a chur in iúl roimh ré agus iad dul trí shoilse dearga, daoine/ainmhithe ar an mbóthar. Seachain a bheith ag tiomáint lasmuigh de bhailte san oíche mar go bhféadfaidh sé a bheith contúirteach de bharr feithiclí gan soilse agus guaiseacha eile.
Más mian leat a bheith ag tiomáint:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Brasaíle, mar shampla luasteorainneacha
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Taisteal Eile
Úsáid cuideachta chreidiúnach do thurais fhada ar bhus. Ná téigh ar bhus má bhíonn aon amhras ort nó mura mbíonn tú cinnte faoi shábháilteacht nó shlándáil. Is amhlaidh an scéal do thaisteal ar bith ar bóthar, lena n-áirítear tacsaithe agus tiománaithe tacsaithe.
Dlíthe agus gnásanna áitiúla
Dlíthe agus gnásanna áitiúla
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
- Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
- Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí
Gníomhaíocht Mhídhleathach
Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada. Is fadhbanna iad gáinneáil agus úsáid drugaí agus turasóireacht ghnéis atá ag dul i méid, agus gearrtar pionóis an-diana ina leith sa Bhrasaíl. Pacáil do mhálaí féin agus ná bí ag iompar nithe nach leat iad.
Taisteal áitiúil
Is féidir le haer-iompar sa Bhrasaíl a bheith mí-eagraithe agus is minic a chuirtear moill ar eitiltí intíre nó go gcuirtear ar ceal iad. Tarlaíonn sé sin i bpáirt mar gheall go bhfuil aerfoirt na Brasaíle ag baint a lántoilleadh amach, agus freisin mar gheall ar laigí córasacha. Moltar duit do chuid mionsonraí eitilte a dheimhniú sula dtaistealaíonn tú agus bí ullamh do mhoilleanna ar fud na Brasaíle.
Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
Comhairle phraiticiúil
Tulcaí
Is féidir le tulcaí agus sciorrthaí talún tarlú ag tráth ar bith, go háirithe in gceantair uirbeacha bhochta agus go háirithe i rith agus i ndiaidh bháisteach throm. Ba chóir monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht agus ar thuartha na haimsire go háitiúil agus ceist a chur ag deasc fáiltithe na háite ina bhfuil tú ag fanacht.
Eolas Breise
Eolas Breise
Riachtanais iontrála (víosa/pas)
Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Brasaíle, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Brasaíle. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.
Tríd is tríd, ba chóir na nithe seo a leanas a bheith agat nuair a thiocfaidh tú chun na Brasaíle:
- Cruthúnas go bhfuil do dhóthain airgid agat nó rochtain agat ar do dhóthain airgid (má tá tú ag tabhairt cárta creidmheasa leat, moltar duit ráiteas a bheith ar iompar agat a chruthóidh an teorainn)
- Ticéad fillte nó ar aghaidh
- Cruthúnas cóiríochta in áirithe don chéad oíche ar a laghad
Sláinte
Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Brasaíle. De ghnáth, ba chóir duit tú féin a chosaint ó mhuiscítí sa Bhrasaíl mar go n-iompraíonn siad raon galar, lena n-áirítear maláire agus fiabhras deinge.
Maláire
Tá baol ó mhaláire i roinnt áiteanna i dtuaisceart na Brasaíle, lena n-áirítear cuid mhór den Amasóin. B’fhéidir go mbeadh ort cógas frith-mhaláire a thógáil, ag brath ar na ceantair a mbeidh tú ag dul chucu, agus tú féin a chlúdach agus éarthach feithidí a úsáid tráthnóna agus oíche.
Fiabhras Deinge
Is ó Eanáir go Márta is mó a bhíonn baol ó fhiabhras deinge. Níl aon chóireáil éifeachtach don fhiabhras sin, lena mbaineann siomptóim ar nós fliú agus atá in ann seandaoine nó gasúir an-óga a mharú. Chomh maith le comhairle liachta a fháil sula dtéann tú ag taisteal, ba chóir duit comhairle a fháil maidir le coinníollacha áitiúla nuair atá tú ag taisteal sa Bhrasaíl agus déan tú féin a nochtadh a laghad agus is féidir do mhuiscítí trí tú féin a chlúdach agus éarthaigh feithidí a úsáid ar chraiceann nocht.
Fiabhras buí
Sa Bhrasaíl, tá an fiabhras buí teoranta den chuid is mó do cheantair thrópaiceacha agus dufaire. Ach, ó am go ham, méadaíonn leibhéal an fhiabhrais bhuí nó briseann sé amach in áiteanna eile den tír. Ba chóir duit na riachtanais imdhíonta agus vacsaínithe don fhiabhras buí a phlé le do dhochtúir sula dtéann tú chun na Brasaíle. Agus más rud é go bhfuil tú ag teacht as crios eindéimeach an fhiabhrais bhuí i dtír eile i Meiriceá Theas, ní mór cárta doiciméadaithe maidir leis an bhfiabhras buí a bheith agat sula ligfear isteach sa Bhrasaíl tú.
‘Leigheas an Chreidimh’
Cuireadh roinnt cásanna in iúl don Ambasáid maidir le daoine ag taisteal chuig duine a mheastar a bhfuil ‘Leigheas an Chreidimh' aige stát Goias sa Bhrasaíl. In go leor cásanna, rinne saoránaigh teagmháil leis an Ambasáid a d'éirigh an-bhreoite tar éis cóireála agus ar theastaigh cóir liachta phráinneach uathu. I roinnt cásanna, ní raibh árachas liachta dóthanach acu nó ní raibh sé acu in aon chor.
Moltar go láidir duit smaoineamh go maith sula dtéann tú ar thurais mar sin. Níl an córas cúram sláinte poiblí sa Bhrasaíl in ann cúram liachta dóthanach a chur ar fáil má bhíonn fadhbanna agat.