Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Comórtas Earcaíochta: Comhairleoir Cúnta Dlí

Cuireann Rannóg Dlí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála comhairle agus cúnamh dlí ar fáil don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus do chomhghleacaithe sa Roinn, go háirithe ar ábhair a bhaineann le dlí poiblí idirnáisiúnta, dlí cearta an duine idirnáisiúnta agus gnéithe de dhlí an Aontais Eorpaigh, chomh maith le gnéithe de dhlí intíre a bhaineann go sonrach le obair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Déanann an Rannóg ionadaíocht ar son na hÉireann ag imeachtaí dlí idirnáisiúnta agus fóraim idirnáisiúnta agus caibidlíocht maidir le cúrsaí dlí idirnáisiúnta. Tá príomhfhreagracht ar an Rannóg laistigh den Roinn maidir le cúrsaí dlí agus cirt choiriúla idirnáisiúnta, dlí daonnúil idirnáisiúnta agus dlí na mara. Cuimsíonn an Rannóg Oifig Chonarthaí na Roinne agus déanann sí iarratais ar eiseachadadh a phróiseáil chomh maith le iarratais ar chúnamh frithpháirteach dlí.

Go hiondúil bíonn Comhairleoirí Cúnta Dlí ag obair ar líon áirithe sain-réimsí, mar atá: dlí taoidhleoireachta agus pribhléidí agus díolúintí idirnáisiúnta; sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta agus smachtbhannaí; gnéithe dlí do bhallraíocht na NA agus na Cúirte Idirnáisiúnta Coiriúla; dlí an AE; dlí consalachta; dlí pas; cúnamh forbartha coigríoch; an Chúirt Idirnáisiúnta Choiriúil agus cúirteanna agus binsí fiosruithe idirnáisiúnta eile; cúrsaí AnglaÉireannacha; dlí conarthaí; dlí cearta an duine na NA; lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Anseo tá leabhrán eolais d’iarrthóirí don chomórtas don phost mar Chomhairleoir Cúnta Dlí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Léigh tuilleadh

Is ceart iarratais a chur isteach faoi 5.30 i.n. Dé hAoine 24 Márta 2017 ar a dhéanaí.