Comhdháil 2016 de chuid Thionscnamh na nGeilleagar Beag Ardfhorbartha, Baile Átha Cliath
I mí Mheán Fómhair 2016, d'óstaigh Éire Comhdháil na bPríomhionadaithe de chuid Thionscnamh na nGeilleagar Beag Ardfhorbartha, ationóladh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ón 6-8 Meán Fómhair. Ba iad an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta agus Fondúireacht Eolaíochta Éireann a d'eagraigh an Chomhdháil, ag a raibh an deis ag daoine tábhachtacha as measc na bpríomhoifigeach sinsearach agus lucht déanta beartais ón Danmhairg, ón bhFionlainn, ó Éirinn, ó Iosrael, ón Nua-Shéalainn, ó Shingeapór agus ón Eilvéis léargas agus eolas a chomhroinnt i réimse na heolaíochta agus na nuálaíochta, réimse an bheartais gheilleagraigh agus réimse na ngnóthaí eachtracha.
Bhí clár oibre leathan ag an gComhdháil, agus clúdaíodh ábhair éagsúla amhail an caidreamh le stáit mhóra agus le heintitis mhóra, an t-amhras atá ar an tsochaí shibhialta faoin domhandú, an t-athrú aeráide, taighde agus forbairt, iomaíochas geilleagrach, agus ról an diaspóra. Ina theannta sin, phléigh na rannpháirtithe cúrsaí taidhleoireachta i gcás stáit bheaga, treochtaí i dtaobh castacht gheilleagrach, táirgiúlacht agus iomaíochas, ilroinnt réigiúnach, tráchtálú an taighde, cúnamh oifigiúil forbartha agus an t-athrú aeráide.
Sna díospóireachtaí faoi Ghnóthaí Eachtracha agus Trádála, bhí seisiún oscailte ann maidir leis an gcaidreamh idir stáit bheaga agus comharsana móra (Éire agus an Bhreatain, Singeapór agus an tSín) agus rinne Éire cur i láthair faoin gcaidreamh déthaobhach leis an mBreatain. Bhí an dara seisiún iomlánach dírithe ar an téama "The Great Unravelling? Rising civil society discontent with globalisation: Challenge and Opportunity for small states." Bhí cur i láthair agus plé an-úsáideach ag na rannpháirtithe leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta maidir leis an rath i gcúrsaí gnó san aois dhigiteach.
I measc na bpríomhthéamaí sa snáithe geilleagrach agus eolaíochta agus sa snáithe nuálaíochta den Chomhdháil bhí cur i láthair a rinne Éire ar iomaíochas agus fás táirgiúlachta; seisiún ó Shingeapór ar threochtaí sa chastacht gheilleagrach le himeacht ama, cur i láthair ón Nua-Shéalainn inar féachadh chun cinn ar mhaoiniú na heolaíochta agus ar a bhfuil i ndán do chórais phoiblí eolaíochta, agus cur i láthair ó Éirinn ar na hábhair STEM agus rannpháirtíocht phoiblí leis an tsochaí.
I measc na ngnéithe eile den chomhdháil bhí fáiltiú do na toscairí a d'óstáil an tAire Flanagan ag Teach Uíbh Eachach, léiriú a rinne Fablabs Ireland ar acmhainn na teicneolaíochta nua chun dul i ngleic le saincheisteanna sóisialta agus geilleagracha; cuairt ar Choláiste na Tríonóide le haghaidh seisiún faisnéise a chuir Fondúireacht Eolaíochta Éireann ar bun faoi chóras nuálaíochta na hÉireann; dinnéar oibre ag Farmleigh le spreagaitheasc ó Peter Sutherland, a bhíodh ina Ard-Stiúrthóir ar an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil agus ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus ina Choimisinéir Iomaíochta, agus aitheasc clabhsúir ón Ollamh le Teicneolaíocht agus Nuálaíocht Ghnó in Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Martin Curley.