Cruinniú Mullaigh Imirce na Náisiún Aontaithe
Go luath in 2016, iarradh ar Éirinn comhéascú a dhéanamh ar an gcaibidlíocht i dtaobh thoradh Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe ar Ollghluaiseachtaí Dídeanaithe agus Imirceach. Tháinig sé sin sna sála ar an gcomhéascú a rinneamar ar an bpróiseas ar éirigh go geal leis maidir le glacadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, spriocanna ceannródaíochta nua, in 2015, agus iarradh arís ar Ambasadóir na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac, David Donoghue, an chaibidlíocht a stiúradh. Bhí an chaibidlíocht sin ar siúl ar feadh sé mhí ó mhí an Mhárta go mí Lúnasa 2016. Tionóladh an Cruinniú Mullaigh ar an 19 Meán Fómhair 2016 ag na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac.
Bhí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon, tar éis a iarraidh go dtionólfaí an Cruinniú Mullaigh sin mar fhreagra ar na hollghluaiseachtaí imirceach agus dídeanaithe atá ar siúl faoi láthair, ar scála nach bhfacthas a leithéid ó thús an Dara Cogadh Domhanda. D'aithin Ban Ki-moon na deacrachtaí agus na dúshláin ollmhóra is bonn leis na hollghluaiseachtaí sin, agus, in éagmais aon fhreagra idirnáisiúnta aontaithe, bheartaigh sé an Cruinniú Mullaigh a reáchtáil mar bheart cinniúna chun neartú a dhéanamh ar rialachas na himirce idirnáisiúnta agus deis ar leith a thapú chun córas níos freagraí agus níos intuartha a bhunú chun freagairt d'ollghluaiseachtaí dídeanaithe agus imirceach.
Ar an 19 Meán Fómhair, ghlac 193 Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe, trí chomhthoil, an cháipéis toraidh a bhí caibidlithe ag Éirinn. D'aontaigh siad treoirphlean a ullmhú maidir le freagairt idirnáisiúnta ní b'fhearr, ina ndéanfaí athdhearbhú soiléir ar sheasamh lárnach an chreata dlí agus norm atá ann cheana féin a bhaineann le dídeanaithe agus le himircigh, agus ina ngeallfaí an creat sin a chur chun feidhme. Ba shuntasaí fós an rud é gur aontaigh Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe, den chéad uair riamh, caibidlíocht a dhéanamh ar Chomhshocraithe Domhanda ar Dhídeanaithe agus ar an Imirce faoi 2018. D'admhaíodar freisin nach leor na hiarrachtaí a bhí ar bun an tráth sin; gur gá an fhreagracht a chomhroinnt maidir le dídeanaithe a chosaint agus cuidiú leo; agus go bhfuil an-easpa maoinithe ar an gcóras cosanta.
Tá na próisis chun na Comhshocraithe Domhanda sin ar Dhídeanaithe agus ar Imirce a aontú ar siúl faoi láthair agus coinneoidh Éire leis an ról gníomhach atá aici ina leith, ina cáil mar Bhallstát de chuid na Náisiún Aontaithe agus mar Bhallstát den Aontas Eorpach.