Samhain: An Comhaontú um Thús Nua
Ar an 17 Samhain 2015, tar éis deich seachtaine den dianchaibidlíocht idir na cúig phríomhpháirtí pholaitiúla i dTuaisceart Éireann agus Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine, cuireadh i gcrích an Comhaontú um Thús Nua.
Agus é ag tógáil ar Chomhaontú Theach Stormont a rinneadh i mí na Nollag 2014, céim mhór eile chun cinn a bhí sa Chomhaontú um Thús Nua i dtreo normalú a dhéanamh ar pholaitíocht agus sochaí Thuaisceart Éireann, agus i dtreo comhdhlúthú a dhéanamh ar an tsíocháin dhaor ar oileán na hÉireann a baineadh amach le Comhaontú Aoine an Chéasta 1998.
Tá an Comhaontú um Thús Nua ina threochlár inchreidte i leith fheidhmiú go leor gnéithe de Chomhaontú Theach Stormont (lena n-áirítear iad siúd i dtaobh paráidí agus brataí), agus tacaíonn sé le cobhsaíocht leanúnach na n-institiúidí cineachta cumhachtroinnte ionas gur féidir leo freastal ar mhuintir Thuaisceart Éireann.
Tá plean sa Chomhaontú freisin chun deireadh a chur leis an bparaimíleatachas agus dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe, lena n-áirítear trí fhoras idirnáisiúnta a bhunú chun tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo deireadh a chur leis an ngníomhaíocht pharaimíleatach atá fós ar bun i dTuaisceart Éireann, agus chun Tascfhórsa Comhpháirteach Gníomhaireachtaí a bhunú chun tosaíochtaí straitéiseacha a aithint maidir le cur i gcoinne na coireachta eagraithe trasteorann agus maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhordú oibríochtúil.
Mar chuid den Chomhaontú um Thús Úr, rinne Rialtas na hÉireann roinnt gealltanas breise i dtaobh cistiú a dhéanamh ar thionscadail thábhachtacha bhonneagair, amhail tionscadal bhóthar an A5, agus infheistíocht i Réigiún an Iarthuaiscirt, d'fhonn tacú leis an bhforbairt gheilleagrach a chothaíonn poist agus rathúnas do gach saoránach.
Cé nárbh fhéidir, le linn na caibidlíochta, teacht ar réiteach i dtaobh na saincheisteanna tábhachtacha go léir i ndáil le creat institiúideach cuimsitheach nua a bhunú chun déileáil le hoidhreacht an ama atá caite, mar a fhoráiltear dó i gComhaontú Theach Stormont, rinneadh dul chun cinn tábhachtach.
Gheall an dá Rialtas tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar na saincheisteanna atá fós le réiteach agus ar conas a d'fhéadfaí iad a chur chun cinn, agus aird i gcónaí ar na riachtanais atá ag na híospartaigh agus acu siúd a tháinig slán. Ina theannta sin, luaigh na Rialtais arís eile go bhfuil siad meáite ar chomhaontú a dhéanamh faoi bhunú na n-institiúidí chun déileáil leis an am atá caite, ionas gur féidir le híospartaigh aonair agus leo siúd a tháinig slán, mar aon leis an tsochaí trí chéile, teacht chucu féin a mhéid is féidir.