Rio 2016: Sábháilteacht i Rio de Janeiro
Bíonn an-tóir ag na turasóirí ar Rio de Janeiro, ach is minic san áit sin a dhéantar mionchionta gadaíochta, ar nós na peasghadaíochta agus sciobadh málaí. Bíonn gadaithe i mbun a gcuid oibre i margaí faoin spéir, in óstáin agus ar sheirbhísí iompair phoiblí nó thart timpeall orthu.
Moltar duit a bheith ag faire amach agus tú in áiteanna den sórt sin, agus tránna a sheachaint tar éis thitim na hoíche. Ba chóir do thurasóirí gan dul chuig favela (bailte seantán), mar gheall go mbíonn a lán coireachta ar bun iontu. Moltar duit freisin páirceáil in áiteanna ina bhfuil solas geal, do chuid eochracha a bheith réidh agat agus tú ag siúl chuig do charr, agus na doirse a bheith faoi ghlas agus na fuinneoga dúnta agus tú ag tiomáint.
Moltar duit a laghad is féidir giuirléidí a bhreith leat agus rudaí luachmhara a fhágáil sa bhaile (pasanna, cártaí, seodra). Tabhair faoi deara gur gá duit aitheantas grianghraif a bhreith leat i gcónaí, agus dá bhrí sin ba chóir duit cur isteach ar an gCárta Pas nua ionas go mbeidh cineál áisiúil aitheantais agat in ionad an phas féin https://www.dfa.ie/ie/phascharta/
Má dhéantar coir i do choinne, comhoibrigh leis na coirpigh agus ná cuir ina gcoinne. Sín chucu rudaí luachmhara má bhagraíonn siad ort agus ná déan iarracht cur i gcoinne daoine a dhéanfaidh ionsaí ort; d'fhéadfaidís airm a bheith acu nó a bheith faoi thionchar drugaí. Má dhéantar coir i do choinne agus tú sa Bhrasaíl, déan tuairisc láithreach leis na póilíní áitiúla. Molaimid duit “boletim de ocorrência” (tuairisc de chuid na bpóilíní) a fháil ag “delegacia” (stáisiún póilíní). Féach ar an gcomhairle taistil uainn i leith na Brasaíle chun tuilleadh eolais a léamh.
Tá údaráis phóilíneachta na Brasaíle tar éis Treoir Sábháilteachta Poiblí [link no longer available] a chur i dtoll a chéile dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu taisteal chuig Rio de Janeiro i rith na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Tá eolas úsáideach agus sonraí teagmhála sa treoir sin.
Eolas eile
- Ní mór duit doiciméad aitheantais a bhreith leat agus tú sa Bhrasaíl. Mar a luadh thuas, áfach, molaimid duit do phas a fhágáil in áit shábháilte san óstán nó san áit ina bhfuil tú ag cur fút. In ionaid an phas, breith leat cóip lannaithe de do phas nó an Cárta Pas nua. Fág cóip de do phas (agus doiciméid taistil agus doiciméid árachais) le do mhuintir nó le cairde leat sa bhaile freisin.
- Is gá deimhnithe vacsaínithe i gcoinne póilió a thaispeáint i leith páistí atá idir trí mhí d’aois agus sé bliana d'aois. I gcás daoine a bhí i dtíortha áirithe ina bhfuil an fiabhras buí eindéimeach suas le trí mhí roimh thaisteal go dtí an Bhrasaíl dóibh, ba chóir dóibh deimhnithe idirnáisiúnta vacsaínithe i gcoinne an fhiabhrais bhuí a thaispeáint.
- Ná hathdhíol ticéid – is cion coiriúil é. D'fhéadfaí tú a ghabháil nó a chur sa phríosún.
- Ní féidir leat leas a bhaint as ceadúnas tiomána Éireannach – déan cinnte go dtabharfaidh tú ceadúnas tiomána idirnáisiúnta (ar fáil ón AA) leat agus go mbeidh do dhóthain árachais chuí agat.
- De bharr na gcúinsí ardslándála, is dócha go mbeidh scuainí fada ag fanacht le dul ar sheirbhísí iompair phoiblí agus isteach chuig ionaid, mar sin bí ann luath agus lean na treoracha ó oifigigh na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Parailimpeacha.
- Bí cinnte greim le hithe a bheith agat roimh dheoch mheisciúil a ól, ól neart uisce agus ná déan dearmad ar an taos gréine agus an éarthach feithidí.
- Glactar le cártaí creidmheasa go forleathan sa Bhrasaíl. Glacann roinnt banc sa Bhrasaíl (ach ní gach banc) le cártaí dochair idirnáisiúnta. Seiceáil le do bhanc an féidir leat do chártaí dochair agus do chartaí creidmheasa a úsáid sa Bhrasaíl agus an bhfuil teorainn laethúil i bhfeidhm maidir le hairgead a aistarraingt. Is iad Visa urraitheoirí oifigiúla na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Parailimpeacha Rio2016 agus mar sin is iad Cártaí Visa an t-aon fhoirm amháin íocaíochta a ghlacfar léi i gcuid mhaith Ionad Oilimpeach oifigiúil.