Do shaoránacht a thréigean
Más rud é gur saoránach Éireannach tú agus cónaí ort thar lear, agus go dteastaíonn uait cur isteach ar shaoránacht de thír eile, d’fhéadfadh go mbeadh ort do shaoránacht Éireannach a thréigean.
Tig leat do shaoránacht Éireannach a thréigean más rud é:
- Go bhfuil tú os cionn 18 mbliana d’aois
- Go bhfuil tú i do chónaí lasmuigh den Stát
- Gur saoránach de thír eile tú nó go bhfuil tú ar tí teacht chun bheith i do shaoránach de thír eile
Ní mór duit:
- Foirm le haghaidh dearbhú eachtrannachta a chomhlánú
- Finné a bheith agat le haghaidh an dearbhaithe (tá liosta d’fhinnéithe inghlactha ar an bhfoirm)
- D’fhoirm a chur faoi bhráid Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann