Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas Frithchalaoise an Chláir Tacaíochta Eisimirceach

Ní ghlacann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála beag ná mór le calaois agus tá beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm aici chun cásanna calaoise nó calaoise amhrasta a chosc, a bhrath agus a láimhseáil. Tá ráiteas frithchalaoise seo an Chláir Tacaíochta Eisimirceach bunaithe ar bheartas frithchalaoise na Roinne atá ar fáil arna iarraidh sinagus atá cuimsitheach, údarásach.

Clúdaíonn beartas frithchalaoise na Roinne faighteoirí deontas arna mbronnadh ag an Roinn agus beidh gach eagraíocht a gheobhaidh maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach faoi cheangal ag an ráiteas seo.

Is é beartas na Roinne é féachaint le calaois a chosc agus, dá bhrí sin, ní ghlacann sí beag ná mór le calaois agus déanfaidh sí imscrúdú iomlán ar aon teagmhas calaoise nó calaoise amhrasta. Is iad na príomhphrionsabail atá mar bhunús le cur chuige na Roinne maidir leis an mbaol calaoise a íoslaghdú, agus dul i ngleic le cásanna calaoise, ná:

  • Glactar cur chuige bainistíochta riosca maidir le cosc a chur ar chalaois, a chuimsítear i bpróisis ghnó na Roinne, ina cleachtais bhainistíochta, a próisis bainistíochta deontais, a rialuithe inmheánacha agus a gníomhaíochtaí gaolmhara;
  • Tugtar fógra do na húdaráis ábhartha agus déantar cásanna a ionchúiseamh nuair is cuí, nó cuirtear smachtbhannaí oiriúnacha eile i bhfeidhm, ina gcoinne siúd a rinne calaois;
  • Féachtar le cistí nó sócmhainní a ndearnadh mídhílsiú orthu a aisghabháil;
  • Déanfar gach cás calaoise a láimhseáil agus a iniúchadh ar bhealach rúnda, pras agus gairmiúil;
  • Tabharfar cosaint do dhaoine a thuairisceoidh, de mheon macánta, cásanna calaoise amhrasta;
  • Cloífear le prionsabail na rúndachta in aon imscrúdú ar chalaois;
  • Cuirfear ar fáil sásraí tuairiscithe atá rúnda agus cuí ionas gur féidir le duine ar bith, de mheon macánta, cúiseanna imní dáiríre a thuairisciú;
  • Rachfar sa tóir ar dhéantóirí coire a mhéid is féidir faoin dlí, ag cloí go hiomlán le prionsabail an phróisis chuí agus an cheartais aiceanta.

I gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil calaois ar bun in eagraíocht a dtacaíonn an Clár Tacaíochta Eisimirceach léi, ba chóir é a thuairisciú láithreach chuig:

(a)   Bord na heagraíochta atá i gceist; agus

(b)   An Ambasáid, Consalacht nó Aonad Éireannach lena mbíonn an eagraíocht atá i gceist ag déileáil maidir leis an gClár Tacaíochta Eisimirceach.

Ba cheart calaois nó calaois amhrasta a théann i bhfeidhm ar eagraíocht chomhpháirtíochta de chuid an Chláir Tacaíochta Eisimirceach a thuairisciú fiú mura bhfuil baint dhíreach aici le maoiniú a deonaíodh faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach.

Is é an sainmhíniú ginearálta atá ag an Roinn ar chalaois ná gur gníomh d'aon ghnó í ar mhaithe le buntáiste éagórach/mídhleathach a bhaint amach. Áirítear le cásanna calaoise, i measc eile:

  • Mídhílsiú, meabhlaireacht, breabaireacht, brionnú, sracadh, dúmhál, éilliú, goid, comhcheilg, claonchasadh, uiríoll bréige, ionstraimí soshannta (ar nós seiceanna) a athrú, taifid chuntasaíochta nó tuarascálacha airgeadais a fhalsú, nó fíorais ábhartha a chur i bhfolach agus claonpháirteachas;
  • Sócmhainní (lena n-áirítear doiciméid agus faisnéis) atá faoi úinéireacht nó faoi bhainistiú na Roinne a ghoid nó a mhídhílsiú;
  • Éilimh bhréagacha a chur isteach ar íocaíochtaí nó ar aisíocaíochtaí;
  • Breab a thairiscint nó glacadh le ceann nó glacadh le bronntanais nó fabhair eile faoi chúinsí a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go raibh sé i gceist go mbeadh tionchar ag an mbronntanas nó ag an bhfabhar ar chinnteoireacht fostaí agus é nó í ag obair don Roinn;
  • Coimhlintí leasa;
  • Mí-úsáid cumhachta;
  • Cuntasaíocht "lasmuigh de na leabhair", nó iontrálacha bréagacha nó bréige a dhéanamh;
  • Tuairiscí airgeadais atá bréagach nó míthreorach a ullmhú agus/nó a dháileadh;
  • Praghsanna nó táillí iomarcacha a íoc gan doiciméadú a dhéanamh ar údar cuí leo;
  • Sárú a dhéanamh ar nósanna imeachta na Roinne ar mhaithe le tairbhe phearsanta nó chun aimhleas na Roinne a dhéanamh;
  • Faillí thoiliúil atá beartaithe chun damáiste a dhéanamh do leasanna ábhartha na Roinne;
  • Gníomhú go mí-ionraic, go meargánta nó d'aon ghnó i gcoinne leasanna na Roinne;
  • Sochar a fháil nó caillteanas a chur faoi deara go míchneasta, trí mheabhlaireacht nó ar mhodh eile;
  • Aon ghníomhartha as a n-eascraíonn tairbhe mhíchuí nó caillteanas don Roinn, bídís inláimhsithe (mar shampla, cistí mídhílsithe, goid sócmhainní, etc.) nó doláimhsithe (mar shampla, doiciméid a fhalsú, úsáid mhíchuí a bhaint as sócmhainní na Roinne, fíorais ábhartha a cheilt, dúmas bréige, etc.);
  • Aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha atá ceaptha chun aon doiciméid oifigiúla a fháil nó a lorg go calaoiseach nó ar shlí nach bhfuil ag teacht le beartas, nósanna imeachta agus rialacha na Roinne nó reachtaíocht na hÉireann, lena n-áirítear pasanna, víosaí, doiciméid taistil eile, doiciméid chonsalach, etc., i measc eile.
  • Cionta sonracha mar a shainmhínítear iad in Acht na bPasanna, 2008