Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Is é Rialtas na hÉireann a chuireann maoiniú ar fáil don Bhord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, an comhlacht reachtúil a thugann eolas, comhairle agus tacaíocht maidir le réimse leathan seirbhísí poiblí agus seirbhísí sóisialta. Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh atá i mbun an láithreáin gréasáin 'Faisnéis do Shaoránaigh', http://www.citizensinformation.ie, agus tacaíonn sé le líonra na nIonad um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus leis an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Is é freisin a chuireann maoiniú agus tacaíocht ar fáil don tSeirbhís Bhuiséadta agus Comhairle Airgid (MABS), seirbhís comhairle airgid, a threoraíonn daoine conas déileáil le fiacha atá ag déanamh tinnis dóibh.

Is féidir leis an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, chomh maith le líonra na nIonad um Fhaisnéis do Shaoránaigh, comhairle agus tacaíocht a sholáthar ar líne nó duine le duine dóibh siúd atá ag iarraidh filleadh ar Éirinn. Sna hacmhainní atá acu i gcomhair eisimircigh atá ag filleadh abhaile, clúdaítear eolas faoi réimsí ar nós cúrsaí airgid, cead cónaithe, oideachas agus seirbhísí leasa shóisialaigh.

Citizens Information logo. Support for those Returning to Ireland

Ina theannta sin, tá rannán ar leith ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta dóibh siúd atá ag bogadh go hÉirinn, a chuideoidh le heisimircigh atá ag filleadh abhaile. Tá eolas ar an láithreán gréasáin maidir le tacaíochtaí agus teidlíochtaí agus cabhróidh sé leat dul ag plé leis an gcóras leasa shóisialaigh in Éirinn.

Department of Employment Affairs and Social Protection. Support for those Returning to Ireland

Chomh maith leis sin, tá treoir ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin gcóras cánach in Éirinn agus tá acmhainní acu maidir le clárú chun cáin a íoc agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar thacaíochtaí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Revenue Commissioners. Support for those Returning to Ireland

Tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach, tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maoiniú d'eagraíochtaí in Éirinn a thairgeann sainchomhairle agus saintacaíocht do shaoránaigh Éireannacha agus do dhaoine eile atá ag iarraidh bogadh go hÉirinn. Is iad seo a leanas na heagraíochtaí sin:

  • Tionscadal Imirceach Crosscare
  • Safe Home Ireland

Emigrant Support for those returning to Ireland

Tugann Tionscadal Imirceach Crosscare eolas agus tacaíocht d'eisimircigh Éireannacha atá ag filleadh ar Éirinn ó thar lear, d'Éireannaigh atá ag dul ar imirce ó Éirinn, agus d'imircigh a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Tá an tionscadal sin ag obair le heisimircigh Éireannacha ó na 1980í agus tá sé ar cheann de na tionscadail de chuid Crosscare.

I gcás eisimircigh Éireannacha atá ag filleadh ar Éirinn, tugann Tionscadal Imirceach Crosscare eolas ginearálta dóibh maidir le bogadh ar ais go hÉirinn, chomh maith le sainchúnamh maidir le hiarratais agus achomhairc leasa shóisialaigh, iarratais ar thithíocht shóisialta, cártaí leighis agus tacaí reachtúla eile.

I gcás Éireannaigh atá ag bogadh go tír eile, cuireann Tionscadal Imirceach Crosscare eolas ginearálta ar fáil agus treoraíonn sé daoine chuig grúpaí Éireannacha ar fud an domhain. I gcás inimircigh in Éirinn, cuirtear comhairle orthu faoi chóras inimirce na hÉireann agus tugtar cúnamh dóibh maidir le hiarratais ar chead cónaithe. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin obair a dhéanann Tionscadal Imirceach Crosscare agus breis acmhainní a léamh ach cuairt a thabhairt ar www.migrantproject.ie.

The Migrant Project Box. Support for those returning to Ireland

Cuireann Safe Home Ireland seirbhís eolais, comhairle agus tacaíochta ar fáil do dhuine ar bith (beag beann ar aois nó cúinsí) a d'fhéadfadh a bheith ag smaoineamh ar fhilleadh ar Éirinn nó ar bhogadh go hÉirinn. Chomh maith leis sin, cabhraíonn Safe Home Ireland le heisimircigh scothaosta a rugadh in Éirinn filleadh ar chóiríocht dhaingnithe sa bhaile in Éirinn. Féach ar na critéir cháilitheacha dá gcuid.

Is féidir le Safe Home Ireland seirbhís for-rochtana agus tacaíochta náisiúnta a sholáthar do dhaoine atá tagtha abhaile agus a dteastaíonn cúnamh uathu, agus iad a threorú chuig gníomhaireachtaí tacaíochta ábhartha eile a d'fhéadfadh cabhrú leo. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Safe Home Ireland ag www.safehomeireland.com.

Safe Home Ireland Emigrant Support Service. Support for those Returning to Ireland

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála – An Clár Back for Business
Is tionscnamh píolótach é Back for Business a sheol Ciarán Cannon, an tAire Gnóthaí Diaspóra, i mí na Samhna 2017 chun gníomhaíocht fiontraíochta a chothú agus tacú léi i measc imircigh a d'fhill ar Éinn le gairid nó a bhfuil brath acu filleadh le cur fúthu anseo.

Léiríonn an taighde gur mó an splanc fiontraíochta atá in Éireannaigh a raibh cónaí orthu thar lear. Faoin gClár Back for Business, féachtar lehaghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag gach fiontraí agus é nó í ag tosú amach, agus dírítear go háirithe ar na bacainní agus na dúshláin bhreise a bhíonn os comhair na ndaoine a bhí imithe as an tír ar feadh tamaill. Is minic gur lú an t-eolas áitiúil, líon na dteagmhálaithe agus na líonraí gairmiúla agus pearsanta a bhíonn acu ná mar a bheadh ag an ngnáthfhiontraí. Tá sé mar aidhm ag Back for Business an bhearna sin a líonadh.

Tá 45 imirceach atá ag filleadh abhaile ag glacadh páirte faoi láthair i dtimthriall píolótach tosaigh an chláir agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an láithreán gréasáin Back for Business.

Back for Business Programme