Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

D'Oidhreacht Éireannach

Tá muintir agus pobail na hÉireann scaipthe ar fud an domhain – ó Montréal go Manchain agus ó San Francisco go Sydney. Má tá tusa ar dhuine den 70 milliún duine ar fud an domhain a mhaíonn gur de bhunú na hÉireann tú, tá roinnt bealaí ann a fhéadfaidh tú d’oidhreacht a cheiliúradh agus tuilleadh a fháil amach faoi do shliocht.

Le blianta fada, chuir glúin i ndiaidh glúine de mhuintir na hÉireann go mór le gach gné den saol ina mbaile nua, i gcúrsaí polaitíochta, sna healaíona, i gcúrsaí gnó agus i gcúrsaí spóirt. Tá grá fós acu dá dtír dhúchais cé go bhfuil an oiread sin oibre á dhéanamh acu ina bpobail nua.

Faigh tuilleadh eolais faoin teagmháil a bhíonn againn le pobail na hÉireann thar lear:

Má theastaíonn uait tuilleadh eolais a fháil ar Éirinn, féadfaidh tú Achoimre ar Éirinn a léamh.

An bhfuil suim agat cuairt a thabhairt ar Éirinn ? Faigh tuilleadh amach faoin mbealach turasóireachta is faide ar domhan - Slí an Atlantaigh Fhiáin , 2,500KM trí chuid de na háiteanna is áille in Éirinn.

Tugann do Theastas um Oidhreacht Éireannach aitheantas uathúil duit ón Rialtas den nasc atá agatsa le hÉirinn agus tugtar deis duit tuilleadh eolais a fháil faoi do stair, d’oidhreacht agus faoi Éirinn féin.

Is iontach an bronntanas é an Teastas do ghaol nó do chara agus tá sé ar fáil i dtrí leagan amach ar leith, bunaithe ar na téamaí eisimirce, tírdhreach agus dearadh Ceilteach.

Tá an Chláirseach oifigiúil ar gach Teastas, sliocht ó Airteagal 2 den Bhunreacht agus síniú, thar ceann Rialtas na hÉireann, ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi d’oidhreacht Éireannach, b’fhéidir go mbeadh suim agat sna tionscnaimh a leanas Ireland Reaching Out.

Táimid tiomanta ár gcaidreamh a threisiú le muintir na hÉireann agus le sliocht na nÉireannach ar fud an domhain agus na nithe is fearr faoinár dtír féin a chur chun cinn.

Trí oibriú le chéile, cinnteoimid an meas agus an mórmheas atá ar mhuintir na hÉireann agus ar ár gcultúr ar fud an domhain.

 

D'Oidhreacht

Gradam an Uachtaráin

Gradam an Uachtaráin

Tá líon mór daoine den scoth a chuidíonn le hÉirinn agus leis na pobail Éireannach thar lear. Tugann Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear onóir don obair a dhéanann siad.

Léigh Tuilleadh
Lá Fhéile Pádraig

Lá Fhéile Pádraig

Déantar Lá Fhéile Pádraig agus cad atá i gceist le bheith i d'Éireannach a cheiliúradh ar fud an domhain.

Léigh Tuilleadh
An Ghaeilge

An Ghaeilge

An Ghaeilge agus tacaíocht do thionscnaimh Ghaeilge thar lear.

Léigh Tuilleadh